AR NA SAOLTA SEO
Plean forbartha socraithe do Lá Nua
Máirtín Ó Muilleoir Máirtín Ó Muilleoir

Tamall gairid ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an nuachtán [i]Lá Nua[/i] ar an dé deiridh. San alt seo, agus sa cheann ina dhiaidh, pléitear an ghéarchéim a ndeachaigh an nuachtán tríthi agus caitear súil ar an mhargadh deacair ina bhfuil sé ag feidhmiú. Sa chéad alt seo, pléann Máirtín Ó Muilleoir, foilsitheoir an nuachtáin, an plean ar thángthas air leis an fhoilseachán a tharrtháil.

Íomhá
Máirtín Ó Muilleoir, bainisteoir stiúrtha Ghrúpa Meán Bhéal Feirste, an comhlacht ar leis Lá Nua
Íomhá
Tá sé ar intinn acu siúd atá i mbun Lá Nua airgead a ghearradh ar a seirbhísí ar líne feasta
Íomhá
Cothófar nasc níos láidre le Raidió Fáilte sa todhchaí
Íomhá
Tá cinneadh déanta ag na húdaráis ó thuaidh gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge níos mó

Níl ann don tionscadal Gaeilge nach gcreideann go bhfuil a thuilleadh airgid de dhíth air lena chuid oibre a chur i gcrích, agus ní eisceacht ar bith é Lá Nua. Agus ní haon ionadh é go bhfuil deacrachtaí airgid ag an nuachtán laethúil a bunaíodh i 1984 agus atá á sholáthar ar dheontas €280,000 sa bhliain faoi láthair.

Sa bhliain 2002, d’iarr muintir an nuachtáin The Irish News – *foilseachán a bhfuil a oifig lonnaithe i mBéal Feirste – €700,000 sa bhliain ó Fhoras na Gaeilge le forlíonadh seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú, a chomhdhéanfaí de shé leathanach déag agus a chuirfí isteach ina nuachtán féin. Is comhartha é sin den chostas a bhaineann le nuachtán Gaeilge a sholáthar. €320,000 sa bhliain a fhaigheann *Foinse – *agus gach cent de tuillte aige – ach, gan amhras, tá na costais a bhaineann le nuachtán a fhoilsiú cúig huaire sa tseachtain níos mó ná na costais a bhaineann le foilsiú seachtanáin. Tá níos lú ná aon faoin chéad de bhuiséad TG4 ag *Lá Nua. I mbeagán focal, ní féidir nuachtán laethúil náisiúnta Gaeilge a sholáthar ar an bhuiséad sin – sin sula gcuirtear san áireamh na deacrachtaí breise a bhaineann le nuachtán a chur i gcló i sochaí nach dtugann aon aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, gan trácht ar shochaí a bhfuil cinneadh déanta ag a húdaráis gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge feasta.

Mar sin, sa mheántréimhse, caithfear maoiniú ceart a chur ar fáil – tríd an iomad foinse, más gá – le gur féidir le pobal Gaeilge na hÉireann, agus na cruinne, nuachtán laethúil Gaeilge a bheith acu.

Ach tá Lá Nua slán arís, a bhuíochas sin le scairshealbhóirí atá ag dul i bpáirt le Grúpa Meán Bhéal Feirste le tuilleadh airgid a chur ar fáil don tionscadal tábhachtach seo; tionscadal atá ceannródaíoch de bhrí é a bheith ar fáil ar an idirlíon. Tá an nuachtán iomlán – agus podchraoladh leis – ar fáil ar líne gach lá, an t-aon nuachtán laethúil in Éirinn a dhéanann a leithéid.

Mar sin de, cad iad na chéad chéimeanna eile le Lá Nua a thabhairt slán agus le hé a threisiú? Áirím sé réimse forbartha.

Plean forbartha Lá Nua

Costais: Ar an drochuair, le mairstin faoi na dálaí trádála atá ann faoi láthair, beidh ar Lá Nua praghas an nuachtáin a mhéadú go dtí €1.10 (60p) ó 3 Márta ar aghaidh. Is oth linn an t-ardú seo, ach ó bhí an t-ardú deireanach praghais ann trí

bliana ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar chostais reáchtála an nuachtáin. Lena chois sin, tá iarrtha againn ar shaineolaithe idirlín moltaí a dhéanamh maidir le hairgead a ghearradh ar ár seirbhísí ar líne. Tá leisce orainn a leithéid a dhéanamh - creidimid gur chóir go mbeadh a laghad constaicí agus is féidir idir nuachtán laethúil Gaeilge ar líne agus an léitheoir - ach, mar sin féin, tá sé riachtanach go gclúdófaí na costais a bhaineann le Lá Nua a chur ar fáil ina iomláine ar an idirlíon gach lá, mar aon le podchraoladh laethúil. Leoga, is é Lá Nua an t-aon nuachtán laethúil in Éirinn a sholáthraíonn podchraoladh laethúil agus a bhfuil an nuachtán iomlán le léamh i bhfoirm dhigiteach ar a shuíomh agus, d’ainneoin na ndeacrachtaí, táimid ag súil go gcuirfimid leis na seirbhísí idirlín, go háirithe dár léitheoirí thar lear nach bhfuil teacht acu ar an eagrán clóite.

Cairde *Lá Nua: Murach cuidiú agus tacaíocht na n-eagras agus na n-institiúid Gaeilge – ó Fhoras na Gaeilge go Conradh na Gaeilge, an Gaeláras, Gaelscoileanna agus go leor eagras eile – ní bheadh *Lá Nua ann ar chor ar bith. Is é líon na scairshealbhóirí atá againn an láidreacht is mó atá againn. Áirímid go leor Gaeilgeoirí aitheanta mar scairshealbhóirí fosta, daoine ar nós Shéamuis Uí Thuathail, Phádraig Uí Shnodaigh agus Shéamuis Mhic Sheáin, atá sásta seasamh le fís an nuachtáin laethúil Ghaeilge. Ag na cruinnithe leis na scairshealbhóirí a bhí againn an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, cuireadh ina luí orainn go bhfuil gréasán carad ag Lá Nua ar chóir tairbhe níos mó a bhaint as. Mar sin de, tá fúinn Cairde *Lá Nua *a bhunú. Mogalra de chomhghleacaithe is

ea é, a bheas mar ambasadóirí don nuachtán. Beidh siad ag díol síntiús, ag spreagadh siopaí agus ionad Gaeilge le *Lá Nua *a ghlacadh agus spás a chur ar fáil dó ar an tseilf, ag moladh do leabharlanna agus do scoileanna an nuachtán a bheith ar fáil acu, ag scaipeadh ábhar margaíochta don nuachtán agus ag cur ábhair ar fáil, idir ábhar scríofa agus ghrianghraif. Faoin tionscadal nua seo, beimid ag comhoibriú le Raidió Fáilte le nasc níos láidre a chruthú idir an focal labhartha agus an focal scríofa, trí bhlagadóireacht, trí cholúin úra agus trí phodchraoltóireacht.

Infheistiú: Táimid faoi chomaoin ag na scairshealbhóirí a thairg instealladh airgid a chur isteach i Lá Nua agus tá cinneadh glactha ag Grúpa Meán Bhéal Feirste an méid céanna airgid agus a bhaileofar ó na scairshealbhóirí eile i bpobal na Gaeilge a infheistiú sa nuachtán. I gcomhar leis na bealaí costchiorraithe eile atá beartaithe againn, cuirfidh an infheistíocht seo ar ár gcumas leanstan linn go deireadh na tréimhse conartha – is é sin, go dtí deireadh mhí na Nollag 2008 – agus cuideoidh sé linn an nuachtán a chur ar bhonn níos láidre amach anseo. Beimid ag scríobh go pearsanta chuig gach scairshealbhóir an tseachtain seo chugainn.

Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh: Le linn ghéarchéim Lá Nua, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge. Is é an sampla is fearr den dearcadh diúltach sin ná an dóigh ar mhéadaigh buiséad na Comhairle Ealaíon ó €20m go €83m le blianta beaga anuas, ach sa tréimhse chéanna nár mhéadaigh buiséad Fhoras na Gaeilge ach méid an-bheag. Is léir go bhfuil obair mhór roimh ghluaiseacht na Gaeilge leis an scéal seo a chur ina cheart. Ónár dtaobhna de, tá rún againn an cosc atá curtha ar fhógraíocht trí Ghaeilge a bhriseadh. Is é an chéad chéim sa treo sinan t-atmaisféar a athrú, agus is cuidiú é an soiléiriú a thug Foras na Gaeilge do na húdaráis ó thuaidh maidir le tábhacht na meán clóite don Ghaeilge. Is é an dara céim ná go rachaidh na hairí a thuigeann tábhacht na Gaeilgeagus a thuigeann gur gá fógairt go cothrom – i bun gnímh. Is é ar dtuairim ná nach bhfuil an cosc seo

inmharthana. Ar ndóigh, ní fhaigheann na meáin Ghaeilge ach slisín beag suarach den fhógraíocht a dhéanann Rialtas na hÉireann sna meáin chlóite agus caithfear sin a chur ina cheart fosta. Ag Coiste an Oireachtais an tseachtain seo chugainn, tuigtear dúinn go molfaidh an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh rún – a bhfuil tacaíocht ilpháirtí aige – gur chóir do na ranna rialtais fógraí a chur in Lá Nua, nuair atá sé cuí. Is mór an cuidiú é sin.

Tacaíocht: Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus is gá dúinn ár mbuíochas a chur in iúl do na gníomhaithe Gaeilge agus do na polaiteoirí a ghníomhaigh go sciobtha nuair a thuig siad ár gcás.buíochas ar leith ag dul do Gerry Adams, Feisire Iarthar Bhéal Feirste, agus don Seanadóir Ó Dochartaigh agus don Seanadóir Brian Ó Domhnaill as Gaoth Dobhair, do Dhoiminic Ó Brollacháin agus don iomad eile polaiteoir de gach dath.

Athruithe ag an bharr: Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar Lá Nua agus táimid thar a bheith muiníneach go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe. Gabhaimid buíochas ó chroí le Concubhar Ó Liatháin, a bhí ina eagarthóir le tri bliana anuas agus faoina stiúir ar méadaíodh Lá Nua go nuachtán sé leathanach déag. Guímid gach beannacht air agus é sa tóir ar dheiseanna nua sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus Ghaeltachta óna áit dhúchais, Muscraí.*Bainisteoir stiúrtha an chomhlachta Grúpa Meán Bhéal Feirste is ea Máirtín Ó Muilleoir. Is leis an comhlacht sin na nuachtáin *Andersonstown News, South Belfast News, North Belfast News, Irish Echo, Cavan Monaghan Echo *agus *Lá Nua.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.