San alt seo, díríonn John Walsh ar roinnt ceisteanna deacra a eascraíonn as an ngéarchéim atá díreach curtha di ag [i]Lá Nua[/i].
Is cuimhin liom agus mé ag obair le Century Radio i 1990 go dtagadh Lá sa phost chuig an seomra nuachta gach maidin agus é rollta isteach air féin mar a bheadh sorcóir ann. Bhíodh sé lá nó dhó déanach i gcónaí agus ní bhíodh ann ach cúpla leathanach dubh agus bán ach ba gheall le míorúilt an nuachtán a fháil in aon chor. Is cinnte gur rith an smaoineamh céanna le Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill agus daoine eile nach iad a raibh dlúthbhaint acu le blianta luatha an nuachtáin agus iad ar a mine ghéire á chur amach ar acmhainní suaracha. Cé gur fhág mé saol na hiriseoireachta beagnach deich mbliana ó shin, níor thráigh mianach an iriseora ionam fós agus tá Lá, nó Lá Nua á léamh agam go rialta ó shin, chomh maith le nuachtáin go leor eile i nGaeilge agus i mBéarla.
Is maith atá a fhios agam go mbíonn an ghéarchéim ar leic an dorais i gcónaí ag Lá ach go raibh muintir an nuachtáin an-ábalta troid a dhéanamh nuair ba ghá chun an dé a choimeád ann. Tháinig an ghéarchéim is déanaí le mí anuas nuair a bhagair Foras na Gaeilge gur sárú conartha a bheadh ann dá leanfaí d’fhoilsiú an nuachtáin ar an Idirlíon amháin, in ainneoin go raibh deacrachtaí móra airgid acu. An uair seo, tharrtháil na scairshealbhóirí an nuachtán agus leanfar den fhoilsiú páipéir agus leictreonach araon go deireadh na bliana ar aon chuma.
Ar shlí, bhí an ceart ar fad ag muintir Lá Nua a rá gur ar an Idirlíon a bheidh todhchaí na meán clóite ag brath. Deirtear nach fada go mbeimid go léir ag íoslódáil ár nuachtáin laethúil nó á léamh ar an Idirlíon amháin. Níor tháinig an lá sin fós, áfach, agus b’ait liom go bhféadfadh Lá Nua a mhaíomh cúpla seachtain ó shin gur dul chun cinn a bheadh ann éirí as an bhfoilsiúchán páipéir go laethúil agus leagan Idirlín amháin a tháirgeadh. Ní féidir "dul chun cinn" a thabhairt air sin, agus an oiread sin léitheoirí fós ag léamh nuachtán ar an mbealach traidisiúnta.
Ach is deacair "an oiread sin léitheoirí" agus "foilseachán Gaeilge" a chur go compordach in aon abairt amháin, murar bréagadóir é an té atá á rá. Tá bearna ollmhór idir an 1.8 milliún a mhaíonn go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, thuaidh agus theas, an 450,000 a deir go labhraíonn siad go laethúil í (sa Phoblacht amháin) agus an sciar beag den phobal a cheannaíonn nuachtán Gaeilge. Níor bhain Lá Nua amach an sprioc 8,000 cóip laethúil a chuir siad rompu ina bPlean Gnó i 2003 agus is deacair teacht ar an nuachtán sa chuid is mó de ghnáthshiopaí na tíre. Tá Lá ag strácáil riamh anall le hansmacht na bhfigiúirí díolacháin agus ní dócha gur i bhfeabhas atá siad ag dul.
Tá meas agam ar Lá Nua agus ar na daoine atá ina bhun. Tuigim go maith nár leor a gcuid acmhainní riamh, nach leor anois iad agus go bhfuil sé thar a bheith deacair nuachtán laethúil Gaeilge a fhoilsiú. Tuigim go maith, ó thaobh na sochtheangeolaíochta, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh nuachtán laethúil ag pobal mionteanga: cothú aontas an phobail, scaipeadh na nuathéarmaíochta, cruthú fostaíochta d’ardchaighdeán do dhaoine óga srl (cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach). Aithním an cúlra eisceachtúil sóisialta agus polaitiúil as ar eascair an nuachtán. Aithním an dúshlán iriseoireachta a bhaineann le foilsiú nuachtáin i mionteanga: an ndíríonn tú ar pholaitíocht na teanga féin nó an ndéanann tú iarracht cothromaíocht a bhaint amach idir "gnáthscéalta" agus scéalta na teanga?
D’fhéadfaí a rá gur maith liom an teoiric: gur chun tairbhe phobal na mionteanga é nuachtán laethúil sa teanga sin. Ach spreagann an ghéarchéim is déanaí ceisteanna bunúsacha, dar liom, faoin gcleachtas: Lá Nua féin mar nuachtán laethúil Gaeilge. Níl freagraí iomlána na gceisteanna sin agamsa, ach is dóigh liom go gcaithfimid iad a chur agus iad a phlé go macánta.
Margadh?An cheist is mó agus is bunúsaí, is dócha: an bhfuil pobal na Gaeilge (pé rud é sin) sásta nuachtán laethúil Gaeilge a cheannach? Léireodh taithí Lá agus Lá Nua nach bhfuil go leor acu sásta é a dhéanamh chun go mbeadh rath ar an nuachtán agus nach mbeadh sé i dtuilleamaí na ndeontas an iomarca. An bhfuil an locht ar na léitheoirí? Is deacair an cheist sin a fhreagairt. Léirigh taighde margaíochta a deineadh do Lá i 2003 go mbeadh fonn ar an gcuid is mó de na Gaeilgeoirí a ceistíodh nuachtán laethúil Gaeilge a cheannach. Ní hionann fonn a bheith ar dhuine nuachtán a cheannach agus dul amach chuig an siopa agus é sin a dhéanamh gach maidin, áfach. Tagann rudaí eile i gceist: caighdeán, praghas, dáiliúchán, dílseacht do nuachtán eile. Chomh maith leis sin, níl an oiread sin daoine ann a bhfuil go leor den Ghaeilge acu chun nuachtán laethúil a léamh: ní fios dúinn cé mhéid go díreach ach níl ach 1.78% de dhaonra na Poblachta, nó 72,148 duine, a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais (níl figiúirí inchomórtais ar fáil don Tuaisceart). An ionann an 72,148 sin agus pobal gníomhach na Gaeilge go fírinneach? Más ea, níor cheart go mbeadh iontas orainn go mbeadh Lá Nua ag strácáil. Fiú dá mbeadh an nuachtán ar aon mhéid agus ar aon chaighdeán leis an New York Times, ní fhéadfaí a bheith ag súil leis go gceannódh gach duine den 72,148 é.
Spreagann an ráiteas sin an chéad cheist eile: an bhfuil an locht ar an nuachtán féin? An amhlaidh nach bhfuil an táirge maith go leor chun go mbeadh fonn ar dhaoine é a cheannach? Go pearsanta, is breá liom cuid de Lá Nua: an dearadh ildaite agus tarraingteach; na colúin pholaitiúla le leithéidí Sheáin Uí Thuairisg; an podchraoladh laethúil, na colúin a scríobhann Conn Ó Muíneacháin ar chúrsaí blagadóireachta agus Idirlín; an deis a thugtar d’iriseoirí óga dála Mheadhbh Ní Eadhra; leideanna gnó Mháirtín Uí Mhuilleoir. Ach mar iaririseoir a chaith seacht mbliana ag obair le RTÉ agus TG4, cheisteoinn cuid de pholasaí eagarthóireachta Lá Nua mar pháipéar nuachta náisiúnta. Polasaithe eagarthóireachtaNí dóigh liom gur féidir le nuachtán a thugann "nuachtán náisiúnta" air féin an oiread sin béime a chur ar scéalta Tuaisceartacha i gcónaí. Ní hé go gceapaim féin nach fiú an Tuaisceart a phlé, ach léirigh mo thaithí mar iriseoir dom nach bhfuil go leor den phobal den tuairim chéanna. Le linn na mblianta a chaith mé le RTÉ, fuair mé tuiscint an-ghlé ar fad ar cé chomh maith agus a d’éirigh leis an gcríochdheighilt: ní chuireadh an pobal mór suim rómhór i gcúrsaí an Tuaiscirt agus bhídis ag gearán go minic go mbíodh an iomarca béime á leagan againne ar a raibh ag titim amach ann. Dar ndóigh, d’fhéadfadh muintir Lá Nua claontacht tíreolaíochta den chineál céanna a chur i leith Foinse; go bhfeictear dóibh gur ar
mhuintir na Gaillimhe go príomha atá sé dírithe. Is cinnte go mbíonn sé deacair an dá thrá a fhreastal agus cúraimí náisiúnta agus áitiúla a chomhlíonadh ag an am céanna. Ní fhéadfadh Lá Nua dearmad a dhéanamh ar an bpobal arb as dóibh ach más mian leo leanúint de bheith ag foilsiú nuachtáin náisiúnta 32 chontae, is dóigh liom go gcaithfear an bhéim ar scéalta an Tuaiscirt a laghdú.
Is dóigh liom chomh maith gur cheart go mbeadh comhfhreagraí polaitíochta ag nuachtán náisiúnta agus braithim gur locht mór ar Lá Nua gan duine sonrach mar sin a bheith ag scríobh go laethúil faoi chúrsaí an Oireachtais agus an Fheidhmeannais. Dlúthchuid d’aon tseirbhís mhaith nuachta an clúdach a dhéantar ar chúrsaí polaitiúla, dar liom. Cuireann an tacaíocht neamhbhalbh a thugann an páipéar d’fheachtais éagsúla míchompord orm chomh maith. Ceann de bhunghnéithe na hiriseoireachta í an neamhchlaontacht agus cé nach bhfuil a leithéid de rud ann agus "iriseoir neamhchlaonta" amach is amach, ceapaim gur
cheart d’aon nuachtán maith iarracht a dhéanamh a bheith tomhaiste. Nuair a bhíonn achainí ar an gcéad leathanach go rialta ag tathaint ar léitheoirí tacú le feachtas éigin, braithim go gcailleann an nuachtán cuid dá údarás iriseoireachta.
Dar ndóigh, fiú dá nglacfaí leis na moltaí sin, ní fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm gan infheistíocht bhreise. Maireann meáin chumarsáide chlóite na Gaeilge san fháinne fí sin go síoraí: gan dóthain léitheoirí, ní leor a dteacht isteach; gan dóthain teacht isteach, ní féidir feabhas a chur ar an gcaighdeán. Nílim ag maíomh ach an oiread gurb ionann glacadh leis na tuairimí sin agus réiteach na bhfadhbanna dáiliúcháin agus léitheoireachta. Níl slat draíochta ag Lá Nua ná ag an dream eile a réiteoidh na fadhbanna sin thar oíche.
Mura bhfuil sé d’acmhainn acu nuachtán laethúil den chaighdeán seo a fhoilsiú – agus creidim gur bunriachtanais iad na gnéithe sin thuas nach féidir a bheith beo dá n-éagmais i margadh iomaíoch na nuachtán – b’fhearr éirí as an bhfoilsiú laethúil agus nuachtán seachtainiúil a dhéanamh de Lá Nua arís, nó é a fhoilsiú dhá nó uair uaire sa tseachtain, agus díriú ar chúrsaí an Tuaiscirt den chuid is mó. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí freastal ar Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt ar bhealach nach ndéanann aon cheann de phríomh-mheáin chlóite na Gaeilge faoi láthair.
Ní peaca marfach domhaite é gan nuachtán laethúil a bheith ag pobal na Gaeilge. Tuigim go bhfuil daoine go leor á éileamh le fada agus go bhfuil Lá agus Lá Nua á
sholáthar gach lá le beagnach cúig bliana fichead. Ba mhaith liomsa go pearsanta go mbeadh nuachtán laethúil ann. Ach cé go bhfuil nuachtán laethúil tábhachtach i dtéarmaí sochtheangeolaíochta d’aon mhionteanga agus gurb amhlaidh an cás don Ghaeilge, ní chaillfear an teanga mura gcuirtear a leithéid ar fáil inti. Níl sé riachtanach agus tá teangacha go leor beo gan nuachtán laethúil. Murar féidir Lá Nua a sholáthar go laethúil go fadtéarmach leis an hacmhainní atá ar fáil dó, ní hionann éirí as an iarracht sin agus géilleadh don éadóchas: b’fhéidir gurbh fhearr an freastal a dhéanamh ar sciar áirithe de phobal na Gaeilge agus gur nuachtán ar chaighdeán níos airde a bheadh ann sa deireadh.
Is léachtóir é an Dr. John Walsh i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Múineann sé an tsochtheangeolaíocht agus cúrsa ar na meáin chumarsáide Ghaeilge agus tá suim ar leith aige i reachtaíocht teanga. Chaith sé beagnach 10 mbliana ag obair mar iriseoir Gaeilge agus Béarla ó 1990-2000, seacht mbliana acu le RTÉ/TG4.