Is fear é Eamonn McCann as Doire a bhfuil blianta fada caite aige ag plé le cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann ach, mar a fuair Ciara Nic Gabhann amach nuair a bhuail sí leis le gairid, tá spéis aige i go leor rudaí eile le cois na polaitíochta.
Mhothaigh mé súile réabhlóidithe móra an domhain orm agus mé i mo sheasamh ag an bheár i gcaife Sandino i nDoire ag fanacht ar Eamonn McCann. Rinne mé staidéar ar na pictiúir dhúisitheacha ar fad thart timpeall orm de leithéidí Caesar Augustus, Sandino, Ken Sara Wiwa agus Fidel Castro, a bhí crochta ar na ballaí i measc póstaer agóideach agus *paraphernalia *réabhlóideach de chineálacha éagsúla. Rith sé liom go raibh sé oiriúnach gurb é seo an áit a roghnaigh McCann chun dul chun cainte liom - i measc a chomhréabhlóidithe.
Tháinig sé isteach agus bheannaigh sé go croíúil dom agus, i ndiaidh dúinn tae agus caife a ordú, d’imigh muid linn suas staighre chun ciúnas a fháil ón slua a bhí bailithe thíos staighre chun an cluiche peile leathcheannais idir Fear Meanach agus Maigh Eo a fheiceáil.
Tá an oiread sin a thiocfadh leat a rá faoi Eamonn McCann go bhfuil sé deacair díriú isteach ar chúpla réimse go díreach dá shaol. Tháinig sé chun cinn i dtús báire i ndeireadh na seascaidí mar dhuine de na feachtasóirí a d’eagraigh an mórshiúl cearta sibhialta i nDoire ar an 5 Deireadh Fómhair 1968. Mórshiúl a raibh tús síochanta leis agus é mar chuspóir aige aird a tharraingt ar an easpa tithíochta, deiseanna fostaíochta agus cearta sa chathair, agus a chríochnaigh leis an RUC ag déanamh ionsaí fíochmhar ar na mórshiúlóirí le bataí agus canónacha uisce. D’imigh íomhánna de bhrúidiúlacht na bhfórsaí slándála amach ar fud an domhain agus aithnítear anois gurb iad na heachtraí a tharla an lá mífhortúnach sin a chuir tús leis na Trioblóidí sna Sé Chontae.
Is ón ghlúin lenár bhain sé agus ón talamh a tháinig eolas McCann ar an pholaitíocht chun cinn agus é ag fás aníos i dTaobh an Bhogaigh, an ceantar Caitliceach atá ina luí faoi scáth na seanbhallaí stairiúla i gcroílár na cathrach. Tógadh é i dteach a bhí an-bhríomhar ó thaobh cúrsaí polaitíochta de - ba shóisialaí a athair a bhí sáite i gcúrsaí ceardchumainn sa chathair, chomh maith le bheith ina Chaitliceach cráifeach agus comaoineoir laethúil.
“Bhí m’athair an-láidir ina chreideamh Caitliceach ach, ag an am chéanna, bhí sé glan in éadan aon bhaint a bheith ag an Eaglais agus leis an pholaitíocht. Bhí cuid mhór daoine mar sin ann ag an am agus rinneadh plé ar an cheist sin go minic i dteach s’againne. Ba iad na cuimhní ba luaithe a bhí agam ná fir bailithe le chéile sa seomra tosaigh, an parlús. (Níor bhaineadh úsáid as ach amháin fá choinne teacht le chéile den chineál sin.) Sóisialaithe, ceardchumannaithe, an seomra lán toite, agus iad ag déanamh plé ar ghéarchéim áitiúil éigin.
“Is mar gheall ar m’athair ar tarraingíodh m’aird ar an mhéid a bhí ag tarlú sa Chipir, mar shampla. Labhraíodh sé liom faoi agus thaispéanadh sé altanna dom ón *Irish News *mar gheall air.”
Le cois cúrsaí idirnáisiúnta, bhí aird McCann agus é óg ar na rudaí a bhí ag titim amach ina chathair féin.
“Ní thiocfadh leat a bheith as Rossville Street ar Thaobh an Bhogaidh gan fios a bheith agat go raibh leatrom á dhéanamh ar Chaitlicigh na cathrach - ní raibh oiread agus Caitliceach amháin ag obair sa Guildhall agus ba Chaitlicigh iad dhá thrian den daonra.”
An ollscoil
Nuair a chuaigh McCann go hOllscoil na Ríona i 1965, áit a ndearna sé staidéar ar an tSíceolaíocht, bhí sé gafa le cúrsaí polaitíochta ón tús. Bhí sé ina bhall de Chlub an Lucht Oibre agus de Pháirtí Lucht Oibre Thuaisceart Éireann, agus bhí sé ar fheidhmeannas an pháirtí faoin am a d’fhág sé an ollscoil.
Bhí sé i gcónaí báúil leis an Socialist Workers Party agus chuaigh sé isteach sa pháirtí sin i 1983 mar gur mhothaigh sé go raibh “níos mó céille ag baint leis ná mar a bhí ag baint le páirtithe eile” agus, cé go n-admhaíonn sé nach dtiocfaí a rá gurb é an réabhlóidí a bhfuil an féinsmacht is fearr aige, gur ball “réasúnta dílis” é .
“Dá mbeadh orm teideal a chur ar mo chreideamh polaitíochta, agus tá go leor teideal nach ndiúltóinn dóibh, déarfainn go bhfuil mé i mo shóisialaí go cinnte, Marxach. Dá dtabharfaí *Trotskyst *orm bheinn sásta leis sin fosta. D’amharcfainn orm féin mar shóisialaí réabhlóideach. Sin ráite, ní *reformist *mé. Ní chreidim gur féidir an caipitleachas a athrú de réir a chéile agus deireadh a chur leis. Ní tharlóidh sé sin.”
Trí bliana ó shin rinne McCann ceangal le baill ó pháirtithe eile chun páirtí nua, The Socialist Envirnomental Alliance, a chruthú, grúpa a tharraingíonn a lucht tacaíochta ó réimsí éagsúla den phobal sa tuaisceart.
“Is trí thaisme, chóir a bheith, a tháinig an SEA ar an saol, i nDoire, nuair a bhí na toghcháin rialtais ar siúl. Bhí mise sa SWP, bhí daoine eile i ngrúpaí eile a bhí i mbun feachtas ar cheisteanna éagsúla: [an ghluaiseacht frithchogaidh] (bhí an cogadh ar siúl san Afganastáin ag an am), daoine i mbun feachtais in éadan ionsaithe paramíleatacha ar dhaoine óga, na ceardchumainn áitiúla. Agus nuair a tháinig na toghcháin áitiúla chun cinn, shocraigh muid go seasfadh muid ar son na gceisteanna seo ar fad. Bhí sraith cruinnithe againn agus tharraing muid le chéile an méid daoine is a bhí muid ábalta. Tháinig roinnt de lucht tacaíochta an SWP isteach sa pháirtí, roinnt ón pháirtí Glas. Is mar sin a tháinig an t-ainm SEA chun cinn. Sheas triúr iarrthóirí an bhliain sin.
“Ina dhiaidh sin, nuair a bhí na toghcháin ann don Tionól i mí na Samhna seo caite, fuair muid daoine ó Bhéal Feirste agus ó áiteanna eile sa Tuaisceart chun seasamh. Ar an drochuair, thit an feachtas sin as a chéile. Bhí daoine ann ón Pháirtí Cumannach, ón Workers Party. Bhí sé cosúil leis an radharc sin ó Monty Python, tá a fhios agat nuair a tharlaíonn aighneas idir The Judean People’s Front *agus *The People’s Front of Judea. Bhí sé go díreach mar sin! Uafásach! Ar aon chuma, sheas mé féin agus Marion Bauer (ón Pháirtí Cumannach) agus choinnigh sé sin ar an bhóthar muid go dtí na toghcháin Eorpacha a bhí againn ansin i mí an Mheithimh 2004, toghcháin ar sheas mé féin iontu.”
Ní cúis iontais é gur bhain an DUP agus Sinn Féin an chuid is mó de na suíocháin sna toghcháin sin agus níor chuir na torthaí lagmhisneach air maidir le todhchaí an SEA.
“Ní déarfainn nach dtagann lagmhisneach choíche ort, agus go háirithe in áit cosúil leis an tuaisceart, áit a bhfuil an chuid is mó de na daoine ar aon tuairim ó thaobh smaointe polaitiúla de, an Caitliceach náisiúnach nó an Protastúnach aontachtach. Ar an taobh eile, téann formhór na votaí chuig na páirtithe atá bunaithe ar an phobal seachas ar aicme. Bhí a fhios againn sna toghcháin dheireanacha ansin nach raibh seans againn aon cheann de na trí shuíochán Eorpacha a bhaint amach nó áit a bhaint amach sa Tionól. Ach an príomhsprioc a bhí againn ná grúpaí a bhunú thart timpeall an tuaiscirt a bhí ar aon intinn linn.
“Nuair a bhíonn feachtas toghchánaíochta ar siúl, ligeann sé isteach in áiteanna éagsúla thú, ar nós Dhún Geanainn, An Lorgain, Inis Ceithleann. Fuair muid hallaí chun cruinnithe a bheith againn agus d’éirigh linn grúpaí tacaíochta a chruthú. Gan tóghchán bheadh sé iontach deacair é sin a dhéanamh. Tháinig muid amach as an fheachtas le bunchruth eagraíochta nach raibh againn roimhe sin. Beidh sraith cruinnithe againn anois faoi fheachtas in éadan táillí uisce a bhunú, agus tá na daoine seo ar fad uilig ag eagrú cruinnithe thart timpeall air sin. Má éiríonn linn feachtas láidir a chruthú, ag cur i gcoinne táillí a bheith le híoc, déarfainn gur toradh maith é sin. Mar sin, caithfidh tú féachaint air mar sin, agus ní ar líon na vótaí ná ar bhuachan suíochán.”
Ó thaobh na sochaí atá sna Sé Chontae, deir sé go bhfuil sé ag súil leis an lá a mbeidh rialtas cineachta ann agus na príomhpháirtithe (Sinn Féin agus an DUP) ag obair le chéile.
“D’éireodh rudaí áirithe ní ba shoiléire dá mbeadh rialtas forbartha curtha i bhfeidhm sa tír. Níl an méid sin difríochtaí eatarthu ó thaobh cúrsaí geilleagair. Fad is a bhíonn siad ag argóint faoi dhinimic an rialtais, beidh daoine coinnithe taobh istigh dá gcampa féin. Ach dá mba rud é go raibh siad ag feidhmiú le chéile, gurb iad Sinn Féin agus an DUP a bhí ag iarraidh na táillí uisce a ghearradh ar dhaoine, agus muidne i mbun feachtais ina gcoinne, sílim go mbeadh muid in áit i bhfad níos sláintiúla. Dhéanfadh sé an pholaitíócht a shoiléiriú.”
Meas
Is mór an aithne agus meas atá ag daoine ar Eamonn McCann ar an dá thaobh den teorainn in Éirinn. Chomh maith le bheith ina fheachtasóir cearta daonna, caitheann sé a chuid ama i mbun iriseoireachta, craoltóireachta agus ag scríobh. Tá líon mór leabhar scríofa aige, ina measc War and an Irish Town *(1993) agus *Dear God: The Price Of Religion in Ireland *(1999). Tá sé ina bhall den *Executive Committee, is iarchathaoirleach é ar Chomhairle Ceardchumann Dhoire agus ball den Bloody Sunday Campaign.
Nuair a d’iarr mé air tréimhse a phiocadh amach óna shaol a thug sásamh faoi leith dó nó a raibh sé bródúil aisti, d’éirigh sé macnamhach agus thosaigh sé ag gáire.
“Ó, a Dhia! Ní raibh mé riamh chomh sona céanna is a bhí mé i rith na mblianta 1968, ‘69 agus ‘70. Bhí an t-am ceart le bheith sona. Bhí an chuma ar an scéal go raibh rudaí ag dul go maith. Bhí scaiftí thart agus ní rabhthas i ndiaidh duine ar bith a mharú go fóill. Mar sin ba spórt é cúrsaí réabhlóide agus bhí muidine ag buachaint! Nó, sin an rud a shíl muid! Bhain mé an an-sult as sin! Bhí atmaisféar bríomhar san aer, rud nach raibh againn roimhe sin. Bhí cúrsaí an-somhúinte sna 30í, na 40í agus na 50í ar go leor dóigheanna agus nuair a tharla pléascadh tobann saoirse i ‘68 agus ‘69, wow, mhothaigh muid go raibh an domhan ag éisteacht, go raibh rud éigin bainte amach againn. Ag amharc siar, níl mé cinnte. Níl a fhios agam an bhfuil sé de cheart againn a bheith bródúil. Ní raibh muid ullamh don todhchaí, ach mar sin féin ba é sin an t-am!”
Le linn na tréimhse órga sin, chomh maith le bheith sáite i gcúrsaí réabhlóide, bhí dúil mhór ag McCann sa scríbhneoireacht, agus faoin am a bhí sé sna fichidí luatha bhí dhá dhráma léirithe aige, i Londain agus i mBéal Feirste. Cé nár lean sé leis an chineál sin scríbhneoireachta, tá spéis aige inti go fóill.
“Sílim go mbeinn réasúnta maith ag an chineál sin scríbhneoireachta. Tuigim cad a oibríonn ar an stáitse agus cad a chruthaíonn dráma. Déarfainn go bhfuil mé géar go leor mar léirmheastóir. Is breá liom scíbhneoireacht mhaith, is cuma cé acu a bhfuil sé i bhfoirm dráma nó scannáin, nó ar an teilifis. Amharcaim ar bheagnach gach rud ar an teilifís: na sobail, cláracha cúrsaí reatha, CNN agus cláracha ar an chóras cábla. Amharcaim ar na sobail ar mhaithe leis an scríbhneoireacht - bíonn roinnt den scríbhneoireacht iontu go hiontach agus roinnt nach mbíonn chomh maith sin fosta!”
Is duine é a léann cuid mhór, go háirithe na leabhair a mholtar mar shárshaothair. Is minic, áfach, a bhíonn díomá air.
“De ghnáth nuair a deir duine gur sárshaothar atá i leabhar bíonn sé measartha maith gan a bheith iontach. Is fada an lá ó léigh mé saothar iontach. Is breá liom iriseoireacht bhuille a léamh. Is breá liom cur síos Norman Mailer ar an dornalaíocht a léamh, mar shampla.”
Cúrsaí ceoil
Thosaigh muid a chaint faoi chúrsaí ceoil ansin, agus na nithe a raibh suim aige iontu ina óige agus a bhfuil spéis aige iontu anois. Bhí Rock ‘n’ Roll *ag tarlú agus bhí sé sin mar shoilsiú dó. Chaith sé seal, agus é ina bhuachaill, i ngrúpa *Skiffle, The Rossville Ramblers, agus bhí trí amhrán acu “Fraulein” le Bobby Helmes, “It takes a worried man to sing a worried song” agus “Cumberland Gap” le Lonny Donegan, agus sheinneadh siad thart timpeall na sráide agus i gclubanna.
“Ní raibh mé rómhaith,” a admhaíonn sé, “ach bhí m’am agam!”
Ba é Elvis agus an ceol a chuala sé ar Radio Luxembourg *agus AFN (American Forces Network*) a chuaigh i bhfeidhm air agus é ag éisteacht leis an raidió thuas ina sheomra codlata san oíche sna 50í.
“Chroch m’athair agus a chara Jim Sharkey (athair Feargal Sharkey ó na Undertones), a bhí ina chomharsanach d’ár gcuid, an gléas seo thuas san ailéar, áit ar chodail mise. Ní raibh ann ach callaire déanta as cairtchlár, agus sreangáin leictreacha ag dul síos go dtí an chistin, ach lig sé dom éisteacht leis an raidió agus mé thuas i m’ailéar beag - fiú nuair nach mbíodh an raidió ar siúl sa chistin! Shíl mé gurb é an rud ab iontaí é. Thiocfadh leis an teaghlach a bheith sa chistin oíche Shathairn i mbun comhrá agus bhínnse ag éisteacht le *Radio Luxembourg *agus AFN, a bhí ag craoladh as Frankfurt do na saighdiúirí Meiricéanacha ar fad.
“Bhí tionchar an-mhór acu ar an cheol ag an am. Bhí cuid mhór R+B ann: Big Bill Broonzy, Screaming Jay Hawkins agus Fats Domino - daoine mar sin. Bhí AFN ag seinm ceoil dá gcuid i bhfad sula raibh ceirníní curtha amach acu. Gan amhras, bhí siad go mór chun tosaigh ar na stáisiúin raidió eile san Eoraip. Ba ghnách liom éisteacht leo an t-am ar fad! Bhí siad go hiontach!
“Ceann de na hamhrán a chuaigh i bhfeidhm go mór orm ag an am, agus a bhfuil an-dúil agam ann go fóill, ná ‘I Put A Spell On You’ le Screaming Jay Hawkins. Tá sé ar cheann de na hamhráin is gneasúla dá bhfuil ann; salach, bealaithe le collaíocht. ‘I put a spell on you...you’re mine!’ Thaitin sin ar fad go mór liom. Domhan nua a bhí ann! Cónaí a bheith ort in áit bheag choimeádach Chaitliceach, agus tú ábalta a bheith ag éisteacht leis seo go rúnda agus na tuismitheoirí thíos staighre. Bhí sé draíochtúil i ndáirire!”
Cé go bhfuil dúil i gcónaí aige sa Rock ‘n’ Roll, is breá leis ceol úr a chloisteáil chomh maith, go háirithe grúpaí óga atá ag déanamh rud éigin difriúil. Nuair a bhí an feachtas toghchánaíochta deireanach ar siúl ag an SEA, chuir McCann féin dlúthdhiosca amach leis an cheoltóir/cumadóir amhrán Peter O’Hanlon. “McCann’s the Man” an t-ainm a bhí ar an saothar a bhí i stíl funky rap, é féin ag léamh an dáin “Praise of Dialectics” leis an scríbhneoir Gearmánach Bertoldt Brecht. Tá cogar ann go mbeidh sé ina cult hit.
D’fhiafraigh mé de an raibh sé i gceist aige slí bheatha a bhaint amach ar shlí nua agus is é an freagra a fuair mé ná go raibh sé ag obair ar “an dara singil deacair"!
Aindiachaí
Ag druidim le deireadh ár gcuid ama le chéile, cuirim ceist ar McCann an bhfuil aon cheist nach gcuirtear air de ghnáth le linn agallaimh a ba bhreá leis a fhreagairt.
“Is é an rud is maith liom labhairt faoi ach nach gcuirtear ceist orm go rómhinic faoi ná cúrsaí reiligiúin.”
Is aindiachaí é McCann ón am a bhí sé ina dhéagóir agus admhaíonn sé nach raibh sé ábalta glacadh leis na rialacha a bhí leagtha síos ag an eaglais maidir le cúrsaí áirithe.
“Ní raibh mé ábalta aon chúis a fheiceáil gur cheart dom glacadh leis an stuif ar fad. I ndiaidh tréimhse bliana nó mar sin, shocraigh mé go raibh sé seafóideach! Cén fáth ar chóir dom seo a chreidbheáil? Míorúiltí, cuir i gcás. Agus téann tú go hifreann má bhíonn tú ag tabhairt pléisiúir duit féin! Tuigim níos mó faoi chúrsaí creidimh anois, ó bheith ag léamh Marx agus cúrsaí reiligiúin, ach, gan amhras, níl mórán níos mó creidimh agam ann.”
Tosaíonn McCann ag labhairt ansin faoi na cúiseanna éagsúla a bhíonn ag daoine le reiligiún a leanúint: faoiseamh ón bhrón agus ón fhoréigean; cuartú miniú ar na nithe atá dothuigthe; sólás ón tuiscint go bhfuil beatha eile i ndán dúinn agus nach mbeidh deireadh linn. Mothaíonn sé go láidir gurb é ár ngníomhartha le linn ár dtréimhse ar an domhan seo a bheidh mar oidhreacht againn agus is leis na smaointe seo a chuir sé deireadh leis an agallamh:
“An t-aon dóigh ar féidir linn maireachtáil go deo ná má fhágann muid cuimhne inár ndiaidh. Caithfidh muid iarracht a dhéanamh cur leis na hiarrachtaí atá ann feabhas a chur ar an chine daonna, chun gur féidir le gach glúin níos mó a fhoghlaim. Má chuireann muid leis sin, mairfidh muid go deo.”
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.