CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Thiar

Gearrscéal le Colin Ryan.

Íomhá
Íomhá

Í féin a bhí ann, caróg de bhean bhuí, dhera, agus an cloigeann in airde aici, gan aird aici air féin ná ar an teas ach oiread, teas úd an deiscirt (fear é arbh fhearr leis na réigiúin fhuara, ach d’fhág an mhíchinniúint anseo é). Ceann cnámhach í a bhí ina cuid súl ar a slí bhuí féin, ní bheadh a fhios agat cén aois í go díreach, ach ba chuma, bhí gnó le déanamh. Thaispeáin sé a chárta di. Cúpla ceist mhuis, sin an méid, caife eile duit, dhera cén dochar.

-Caidéis, a deir sí agus an frigháire ar a béal (ní shamhlófá cár go cluais ar an gceann seo, diabhal é), agus í ag féachaint go réchúiseach i leataobh ar rud éigin nach bhfeicfeadh an dara duine, rud nach raibh ann ach aer.

-Más ea, a deir sé, agus an geolán ag casadh go mall os a gcionn (an chathair go glinn géar amuigh faoi sholas an deiscirt, solas a dhallfadh thú), más ea, sin é mo cheird, cúpla ceist anois agus beimid réidh.

Airsean a thug sí súil anois, faoi mar gur istigh ann féin a bhí an t-eolas a bhí á lorg aige, thiar ina chroí istigh, agus a fhios aici cad a bhí uaidh, an rud ar dheacra greim a fháil air. Thaispeáin sé an grianghraf di.

-Eisean, mhuis, a deir sí, bhí aithne agam air fadó, a deir sí. Í ag baint súimín as an gcaife.

-Ó bhí cinnte, a deir sé, tá an fiosrú déanta agam, an dtuigeann tú, agus ní mian liom cur isteach ort, ach is fada ar a thóir mé.

Í ag féachaint uaithi ar an aer arís, an geolán ag casadh, an chathair á ndalladh, geoin bhodhar an tráchta, boladh a allais féin chuige (rud nach dtaitníodh leis an gcuideachta ach ní raibh leigheas air, ní raibh maith le díbholaíoch, b’in an saghas duine é).

-Tuige? a deir sí.

-A mhuintir, a deir sé, ceist oidhreachta, ba mhaith leo a fháil amach an beo marbh dó.

-Marbh, a deir sí, cuireadh poll ann, cúpla poll, chonaic mé os cionn cláir é, ba dhóigh leat air gur ina chodladh a bhí sé. Súimín eile.

-B’fhearr leo marbh é, a deir sé, agus a chupán folamh anois, cén fáth a raibh sé ag ól caife lá mar seo, b’fhearr leis uisce reoite ach sin é an chaoi.

-B’in é a thuairimsean, a deir sí, bhí sé i dul i bpoill agus i bprochóga uathu agus tháinig siad suas leis. A cupán féin folamh anois. An grianghraf eatarthu ar an mbord, an fear féin, cúpla cara ar a chúl, í féin ina measc. Chugam a tháinig sé, a deir sí, ar son na cuideachta, agus rinne mé drochfháistine, sin bua atá agam, ach cén tairbhe dó é, a deir sí, i ndeireadh na ndála.

-Céard tá tusa a dhéanamh? a deir sé ar nós cuma liom, agus a shúile sáite i ngile na cathrach amuigh, sa samhradh marfach, an samhradh a mharódh eisean, é ag dul don éag mar chách, dhera ná cuimhnigh air sin.

-File mé, a deir sí (an frigháire ar a béal, nárbh fhios don saol nach raibh beatha san obair sin), file mé, a deir sí, agus bean feasa.

-An léifeá na cártaí dom mhuis? a deir sé go frimhagúil, ag ceilt na seanscéine uirthi, an rud a dhúisíodh um mheán oíche é, ach thagadh an lá arís, féach gile an tsamhraidh.

-Ná bí buartha, a deir sí, tóg bog é, tiocfaidh do lá, agus d’éirigh ina seasamh go réidh, na gloiní gréine uirthi, beag beann ar bhrothall ná ar bhás, gúna deas uirthi, mála deas ar a gualainn. An grianghraf eatarthu. Feicim sínte ar an tsráid thú, a deir sí, níl ann ach corp, scéal eile is ea an t-anam.

-Ó an t-anam, a deir sé (bhí dearmad déanta aige ar an anam), an t-anam mhuis, má bhí an fhírinne aici, agus a chorp sínte roimhe ann, gan aird ag an slua air, ach sin é an chaoi.

Boladh an allais chuige agus í ag imeacht, an solas amuigh á dhalladh, ná féach air, thiocfadh lá eile, agus d’ordaigh sé uisce reoite. Cúpla rud eile le déanamh aige agus dul ar ais leis an scéal, an dea-scéal, an drochscéal, an bás ina dhiaidh agus bás eile roimhe, an ghrian á pholladh, a ghéaga leata faoi chosa an domhain.

Gluais • Glossary

carógblack-haired woman

airdheed

míchinniúintill fate

caidéisinquisitiveness

frigháireslight smile

ní shamhlófáyou wouldn’t imagine

cár go cluaisgrin to the ears

go réchúiseachin a laidback way

geolánfan

glinnclear, distinct

a dhallfadh thúwhich would blind you

ceirdtrade

an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of

súimínsip

fiosrúinvestigating

ar a thóirlooking for him

geoindrone, hum

boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him

cuideachtacompany

leigheassolution

díbholaíochdeodarant

ceist oidhreachtaquestion of inheritance

os cionn cláirlaid out (dead)

uisce reoiteiced water

a thuairimseanhis opinion

prochógahovels

drochfháistinebad prophecy

buagift

tairbhebenefit

ar nós cuma liomindifferently

a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside

marfachdeadly

ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh

beathalivelihood

bean feasafortune-teller

go frimhagúilmockingly

ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her

beag beann ar bhrothallindifferent to heat

anamsoul

an dea-scéalthe good news

an drochscéalthe bad news

á pholladhstabbing him

a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.