CÚINNE NA nEALAÍON
‘Borradh Buan’ - forbairt na drámaíochta Gaeilge agus forbairt phobail
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Labhair Caoimhe Ní Laighin le roinnt de na daoine atá bainteach leis an bhféile drámaíochta Borradh Buan, atá ar siúl i mBaile Munna i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath ag tús na míosa seo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Cuirfear tús leis an gcéad mhionfhéile drámaíochta Gaeilge in Ionad Ealaíon an Axis i mBaile Munna ar an 1 Deireadh Fómhair. Beidh an fhéile, atá mar chuid den *ESB Fringe Festival, *ar siúl go dtí an 10ú lá agus, i rith na tréimhse sin, léireofar drámaí ó chompántais amharclainne ó thuaidh agus ó dheas. I measc na léiriúchán a bheidh le feiceáil, beidh cinn le hAisling Ghéar, AnnÓg, Ababú agus Taibhdhearc na Gaillimhe (Amharclann Náisiúnta na Gaeilge).

“Borradh Buan” atá mar theideal ar an mionfhéile seo, agus is cosúil go bhfuil an teideal sin ag tagairt don fhorbairt bhuan atá de dhíth i ndrámaíocht na Gaeilge *agus *don tionscadal athnuachana atá ag tarlú sa cheantar ina bhfuil Ionad Ealaíon an Axis lonnaithe. Idir bhás Amharclann de hÍde, an titim i líon na ndaoine atá ag freastal ar dhrámaí Gaeilge agus na seanchoimhlintí i measc na ngrúpaí a bhfuil baint acu leis an drámaíocht, is minic le blianta beaga anuas a chualathas drochthuar á dhéanamh don drámaíocht Ghaeilge. Táthar ag súil, áfach, gur údar dóchais agus bróid do lucht na drámaíochta Gaeilge a bheidh san mhionfhéile seo, a chuirfidh go mór le híomhá agus stádas na léiriúchán Gaeilge.

“I mBorradh Buan, theastaigh uaim amharclannaíocht phroifisiúnta na Gaeilge a cheiliúradh,” a deir Ray Yeates, stiúrthóir Ionad Axis agus an té atá i gceannas ar imeachtaí na féile seo. Dar leis gur gá go mbeadh “an tseaneaspa féinmhuiníne [i measc lucht na drámaíochta Gaeilge] ar lár faoi dheireadh.”

Ar nós na n-iarrachtaí atá á ndéanamh ag Lá agus Máirtín Ó Muilleoir sa phróiseas athnuachana in Iarthar Bhéal Feirste, is cosúil go bhfuil ról ag an nGaeilge i bhforbairt phobail agus athnuachan ceantair i mBaile Munna chomh maith. Maíonn Géaróidín Ní Ghioballáin, an duine atá freagrach as margaíocht a dhéanamh ar an bhféile, gur féidir leis an nGaeilge a bheith mar “acmhainn chultúrtha agus acmhainn a bheadh páirteach i bhforbairt bhuan an cheantair”.

“Is é an rud is tábhachtaí maidir leis an nGaeilge,” a deir Ray Yeates, “ná go ngearrann sí trí aicmí. Is rud neodrach í agus is féidir le Gaeilgeoirí ó chuile chuid den chathair teacht chuig Baile Munna i gcomhthéacs na Gaeilge. Mar shampla, d’fhreastail daltaí scoile ó Ranalach ar léiriú ar an dráma ‘An Béal Bocht’ in Ionad Axis tamall ó shin. Is rud tábhachtach é go dtiocfadh daoine ó cheantair eile chuig Baile Munna mar tugann sin teachtaireacht nach bhfuil an áit scartha amach ón bpobal i gcoitinne, nach bhfuil sé imeallaithe, ar oileán éigin.”

Fadhbanna

Tógadh na túir i mBaile Munna idir 1966 agus 1969. Ón tús, áfach, ba léir go raibh fadhbanna bainistíochta ar an eastát agus go raibh imeallú á dhéanamh ar na háitritheoirí. I 1997, cuireadh tús dáiríre le hathnuachan an cheantair nuair a chuir an Rialtas €228.5 milliún ar leataobh chun tabhairt faoi fhorbairt Bhaile Munna. Bunaíodh an ghníomhaireacht Ballymun Regeneration Ltd. (BRL) agus, de réir a chéile, forbraíodh plean nua a leagfadh bunchlocha an cheantair athnuachana.

Faoin tionscadal seo, tá 6,000 teach nua á dtógáil (tá 5,000 acu críochnaithe cheana féin) agus beidh na túir go léir imithe faoi dheireadh. Táthar ag súil go méadóidh daonra an cheantair ó 16,000 duine go 20,000, méadú a chiallóidh go mbeidh sé chomh mór le Sligeach. I measc na bhforbairtí eile ar tugadh fúthu mar chuid den phróiseas athnuachana, bhí tógáil ionad nua ealaíon ar chostas €5.9 milliún.

D’oscail Ionad Axis go hoifigiúil i mí Iúil 2001. Tá sé mar aidhm acu siúd atá ina bhun “ionad den scoth, agus den scoth ar scála idirnáisiúnta, a chruthú, ach teastaíonn uainn go mbeidh muintir Bhaile Munna ag croílár an tionscadail,” a deir Yeates. “Teastaíonn uainn comhpháirteachas in imeachtaí cultúrtha a spreagadh i measc mhuintir an cheantair. Is é an príomhrud maidir leis an ionad ná rochtain. Táimid anseo chun freastal ar mhuintir na háite agus a gcuid riachtanas, ach is féidir leosan páirt a ghlacadh sna himeachtaí chomh maith.”

Ar ndóigh, tá taithí amharclannaíochta ag Yeates a chuirfidh go mór lena chumas tionscadal ar leibhéal idirnáisiúnta a chur i gcrích. Tar éis dó seal a chaitheamh ag obair in Amharclann na Mainistreach sna hochtóidí, d’imigh sé go Nua-Eabhrac agus chuaigh sé i mbun múinteoireachta san American Academy of Dramatic Arts. Fostaíodh é ansin mar stiúrthóir ealaíon sa Chelsea Playhouse i Manhattan.

Deir Géaróid Mac Umfraidh, údar an dráma Geasa, atá á stiúradh ag Yeates don fhéile, “Tá áthas an domhain orm go bhfuil Ray Yeates thar n-ais in Éirinn agus go bhfuil sé ag plé le cúrsaí drámaíochta tar éis bheith ag obair i Meiriceá. Tá an-tuiscint ag Ray ar an ndrámaíocht, ar charachtair agus síceolaíocht na drámaíochta.”

Maoiniú

Is é BRL a chuir an chuid is mó den mhaoiniú, timpeall €20,000, ar fáil don fhéile drámaíochta seo, mar gur aithin siad go bhfuil gnaoi ag muintir na háite ar an teanga agus nasc acu léi. Tá cúig Ghaelscoil sa cheantar: dhá cheann i mBaile Munna agus trí cinn eile sa cheantar máguaird.

D’eascair an fhéile as plean a bhí ag Yeates anuraidh spás amharclainne, ar nós Theatre Space in aice le Sráid Anraí, a chur ar fáil do dhrámaíocht na Gaeilge. Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe dráma in Ionad Axis ag an am agus d’éirigh go maith leo. Ansin thosaigh Yeates ag smaoineamh ar dhráma nó dhó a léiriú san ionad le linn an *ESB Fringe Festival *i mbliana. Nuair a thosaigh sé ag fiosrú an scéil, áfach, fuair sé amach gur theastaigh ó a lán grúpaí éagsúla páirt a ghlacadh san fhéile, agus socraíodh gur gcuirfí ócáid ar siúl a leanfadh ar aghaidh ar feadh seachtaine.

Osclóidh an fhéile leis an gcéad léiriú riamh de dhráma Ghearóid Mhic Umfraidh, Geasa, ina bpléitear téama na cogaíochta. Is dráma tráthúil é seo, dar le Mac Umfraidh, go háirithe i gcomhthéacs roinnt de na himeachtaí is déanaí sa domhan. Cé go bhfuil an dráma seo suite le linn an chéad Chogadh Domhanda, tá tábhacht fós ag baint leis sa lá atá inniu ann mar go gceistíonn sé rudaí ar nós tírghrá, dílseachta agus uafás na cogaíochta.

Déanfar *Padraic Ó Conaire *le Diarmuid de Faoite, dráma a raibh an-rath air roimhe seo, a léiriú ar an 7 Deireadh Fómhair. Áirítear an saothar seo ar cheann de na drámaí Gaeilge is tábhachtaí atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas.

Beidh Aisling Ghéar, an compántas drámaíochta ón tuaisceart, ag léiriú *Anraith Neantóige *ar an 8 Deireadh Fómhair. Bhí réamhléiriú den dráma seo, a ndéantar an t-ábharachas agus an chumhacht dhaonlathach a cheistiú ann, sa Theatre Space @ Henry Place cheana féin agus fuair sé léirmheasanna an-dearfacha.

Feicfear eachtraí i saol mic léinn drabhlásaigh, Máirtín Ó Méalóid, nuair a thiocfaidh an carachtar ó pheann Bhreandáin Uí Eithir chun beatha sa léiriúchán de chuid Thaibhdhearc na Gaillimhe, Lig Sinn i gCathú, ar an 10 Deireadh Fómhair.

Léireofar drámaí do pháistí chomh maith, ina measc leagan drámatúil den scéal *Cinnín Óir *ón gcompántas Ababú.

Le cois na n-imeachtaí thuas, beidh an club Sult ar siúl tar éis na ndrámaí ar an 8 agus an 9 Deireadh Fómhair.

Táthar ag súil go meallfaidh an meascán breá drámaí atá ar fáil lucht féachana mór chuig an bhféile drámaíochta seo. Tá Yeates dóchasach go dtarraingeoidh an fhéile aird mhuintir na háite ar Ionad Axis agus go gcuirfidh na drámaí go mór le stádas agus íomhá na drámaíochta Gaeilge i gcoitinne.

“Tá aisteoirí, léiritheoirí agus scríbhneoirí den scoth againn i ndrámaíocht na Gaeilge,” a deir sé. “Is deis mhaith é seo chun an chruthaitheacht agus talann sin go léir a chur in iúl.”

“Is seans iontach í an fhéile chun spiorad an Bhaile Munna nua agus meanma dhrámaíocht na Gaeilge a thaispeáint,” a deir Gearóidín Ní Ghioballáin.

Imeachtaí na Féile Beidh na drámaí thíosluaite go léir ar siúl in Ionad Axis, Baile Munna Chun tuilleadh eolais nó ticéid a fháil, déan teagmháil leis an ionad ar (01) 883-2100

Dráma/Scríbhneoir

*Compántas *

*Dáta *

Am

Geasa (Géaróid Mac Umfraidh)

An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta agus Aisteoirí na Tíre Dé hAoine agus Dé Sathairn: 1 & 2 Deireadh Fómhair 20.00 (an 1ú lá) 20.00 (an 2ú lá)

Le Luí na Gaelaí & Gael and Gaul (dhá dhráma aonmhíre)

AnnÓg

Dé Domhnaigh, 3 Deireadh Fómhair (an dá dhráma)

20.00(an 3ú)

Le Luí na Gaelaí *(JM Synge, aistriúchán le D. Mac Síthigh; *Gael and Gaul J. Gribben)

AnnÓg

Dé Luain, 4 Deireadh Fómhair (Gael and Gaul amháin)

11.00 (an 4ú)

Cinnin Óir (curtha i láthair ag Máire Andrews)

Ababú Dé Céadaoin, 6 Deireadh Fómhair

10.00 & 12.00

Pádraic Ó Conaire (Diarmuid de Faoite)

Diarmuid de Faoite Déardaoin, 7 Deireadh Fómhair 13.00

Stair na hÉireann, Cineál (Fibín) Fíbín Dé hAoine, 8 Deireadh Fómhair 10.00 & 12.00

Anraith Neantóige (Celia de Fréine) Aisling Ghéar De hAoine, 8 Deireadh Fómhair 20.00§

Lig Sinn i gCathú (Bréandán Ó hEithir)

Taibhdhearc na Gaillimhe Dé hAoine agus Dé Sathairn, 9 agus 10 Deireadh Fómhair

20.00 (9ú)§ 20.00 (10ú)

§ Beidh an club Gaeilge Sult ar siúl tar éis na ndrámaí seo (cead isteach €5)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.