Tá Ciarán Ó Con Cheanainn ar dhuine den ghlúin óg amhránaithe sa stíl dhúchasach atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas. As Conamara ó dhúchas dó ach tá cónaí air le cúpla bliain anuas i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil sé ag staidéar agus ag múineadh. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoina spéis san amhránaíocht.
Antaine Ó Faracháin: A Chiaráin, aithnítear thú mar dhuine den ghlúin óg atá tar éis teacht chun cinn i gcúrsaí amhránaíochta sa stíl dhúchasach le tamall anuas. An gceapann tú go bhfuil “glúin nua” amhránaithe sean-nóis ag teacht chun cinn?
CÓCC: Sílim go bhfuil glúin níos óige d’amhránaithe sean-nóis tagtha chun cinn le blianta beaga anuas ach ní dóigh liom gur glúin nua atá inti. Ní dóigh liom go bhfuil muid ag athrú an traidisiúin aon phioc níos mó ná mar a d’athraigh an ghlúin a chuaigh romhainn. Sin ráite, sílim go mbreathnaítear orainn mar “ghlúin nua” sa mhéid is nár shealbhaigh muid an traidisiún beo ar an teallach agus gur faoi scáth an Ghaelacadaimh a shealbhaigh muid na hamhráin, agus an traidisiún dá réir.
AÓF: Cén chaoi ar thosaigh tú féin, nó an raibh spéis agat i gcónaí sna hamhráin?
CÓCC: Ní raibh spéis dá laghad agam sna hamhráin ar dtús. Bhíodh mo dheirfiúr ag freastal ar ranganna “sean-nóis” agus bhíodh sise go síoraí ag cleachtadh na n-amhrán sa mbaile, rud a chuir mé féin agus an amhránaíocht thraidisiúnta glan in aghaidh a chéile! Bhí mé in ann amhrán a ghabháil agus bhíodh mé ag gabháil fhoinn ag an Aifreann.
AÓF: An raibh mórán eile sna ranganna leat? Agus cé a bhí ag múineadh na n-amhrán daoibh?
CÓCC: Bhí slua breá ag freastal ar na ranganna an uair sin, iad faoi stiúir Mháire Phíotair Uí Dhroighneáin. Is cuimhin liom go raibh Síle Denvir, Aengus Mheaiti Jó Shéamuis agus Micheál Ó Dubhghaill in aon rang liom. Ba deas a fheiceáil ag Oireachtas na bliana seo caite go raibh an grúpa céanna cruinnithe timpeall ar Mháire, mar a bheadh sicíní, ag ceann de sheisiúin amhránaíochta an Oireachtais.
AÓF: Nuair a thosaigh tú, arbh é do rogha féin é amhráin a fhoghlaim, nó arbh é gur “cuireadh” chuig na ranganna thú?
CÓCC: Ba mo rogha féin a dhul chuig na ranganna ach ní le gean ar na hamhráin a chuaigh mé chucu. Sílim go raibh mé timpeall deich mbliana ag an am agus, ag an aois sin, ba iad ranganna sean-nóis Mháire Phíotair an t-aon áit a bhféadfá a dhul le bualadh le cairde lasmuigh d’uaireanta scoile. Bhí saoirse áirithe ag baint leis freisin mar nach raibh tuismitheoirí ansin ag faire ort agus, dá bhrí sin, b’fhéidir go raibh muid buille beag fiáin ag na ranganna.
AÓF: Inis dom faoi cén chaoi ar múineadh na hamhráin duit. Ar thug Máire na focail duit ar pháipéar, nó ar oibrigh sibh leis an gcluas, nó an ndearna sibh taifeadadh de na hamhráin?
CÓCC: Bhíodh na focail againn ar pháipéar ar dtús. Léadh muid an téacs ar dtús agus mhíneodh Máire na focail dúinn a bhí imithe as an gcaint nó nach mbeadh cloiste againn roimhe sin. Ó thaobh na teanga de, ollscoil inti féin a bhí i Máire mar ní hamháin gur mhúin sí amhráin dúinn, mhúin sí Gaeilge dúinn freisin. Nuair a bheadh an téacs tugtha linn againn, agus an fhoghraíocht soiléir, chanfadh sise an t-amhrán cúpla babhta agus ansin, leanfadh muidne di. Nuair a bhíodh an fonn tugtha linn againn, chanfadh muid an t-amhrán inár n-aonar.
AÓF: An raibh ort obair bhaile a dhéanamh, an t-amhrán a fhoghlaim don tseachtain dár gcionn?
CÓCC: Déarfadh sí linn dhá nó trí de véarsaí a fhoghlaim le haghaidh na seachtaine dár gcionn. Caithfidh mé a admháil nach ndearna mé seo riamh! Chaith muid an chuid is mó de ráithe ag plé leis an amhrán “Tá na Páipéir dhá Saighneáil” agus is le deireanas a d’fhoghlaim mé é.
AÓF: An raibh aon amhrán ar leith a chuaigh go mór i bhfeidhm ort ag an am sin?
CÓCC: Thóg mé briseadh ó na ranganna ar feadh tamaill agus, le linn na tréimhse sin, chuala mé Máire Chólman Johnny ag gabháil do “Caisleán Uí Néill”. Chuaigh binneas a gutha agus móitífeanna an amhráin chomh mór sin i gcion orm is go ndeachaigh mé ar ais chun na ranganna agus gur fhoghlaim mé é.
AÓF: Cad é an chéad amhrán a d’fhoghlaim tú? Agus an gcasann tú fós é?
CÓCC: “Caisleán Uí Néill” an chéad amhrán a d’fhoghlaim mé ach thug mé casadh an tsúgáin dó agus mé níos óige agus déanaim iarracht fanacht glan air anois.
AÓF: D’éirigh thar cionn leat i gcomórtaisí éagsúla amhránaíochta ó shin. Nuair a bhíonn tú páirteach i gcomórtas, cad é an príomhrud a bhíonn ag rith trí d’intinn?
CÓCC: An príomhrud a bhíonn ag rith trí m’intinn agus mé ag glacadh páirte i gcomórtaisí amhránaíochta ná cén fáth go bhfuilim ansin. Tá an ghráin agam ar chomórtaisí agus bíonn faitíos orm go ndéanfaidh mé brochán den amhrán, rud a rinne mé uair nó dhó! Goilleann sé orm freisin go bhfuil ar amhránaithe a dhul ar ardán foirmeálta chun éisteacht a fháil. Nárbh fhearr a bheith istigh i gcúinne ag seisiún neamhfhoirmeálta.
AÓF: Inis dom faoin staidéar atá déanta agat ar an amhránaíocht go dtí seo.
CÓCC: Tar éis céim BA a dhéanamh sa nGaeilge agus sa Tíreolaíocht i nGaillimh, fuaireas comhaltacht Dhámh na nEalaíon i Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Rinne mé céim MA ansin faoi stiúir an Ollaimh Pádraig A. Breatnach ar ghnéithe de sheachadaíocht na n-amhrán traidisiúnta sa Ghaeilge, ag díriú go speisialta ar “Caoineadh Liam Uí Raghallaigh” agus “Táim Sínte ar do Thuama”. Tá críoch curtha agam anois le tráchtas M.Litt áit ar chláraigh mé na hamhráin uilig a bailíodh i mbarántacht Mhaigh Cuilinn, a bhformhór i gCois Fharraige, agus atá anois i seilbh Roinn Bhéaloideas Éireann.
AÓF: Tá tionscadal eile staidéir ar siúl agat faoi láthair, nach bhfuil? Céard atá ar bun agat anois?
CÓCC: Tá Ollscoil na hÉireann tar éis staidéaracht taistil sna Dána a bhronnadh orm agus is éard atá i gceist agam a dhéanamh ná féachaint ar an bpróiseas seachadaíochta a ghabhann le roinnt de mhóramhráin na Gaeilge, a bhfuil scaipeadh fairsing ilchúigeach orthu agus a bhfoirm sa traidisiún míshocair dá réir, de bharr an ról cruthaitheach a bhíonn ag fonnadóir i seachadaíocht na n-amhrán. Tá sé i gceist agam freisin tréimhse a chaitheamh in Albain ag déanamh staidéir ar thraidisiún amhránaíochta Ghaeilge na hAlban.
AÓF: Cé hiad na hamhránaithe a chuaigh go mór i bhfeidhm ort?
CÓCC: Chuaigh Máire Phíotair i gcion go mór orm agus mé ag tosú ar cheird na hamhránaíochta. Ina dhiaidh sin, chuala mé Sarah Ghriallais ag gabháil do “Contae Mhaigh Eo” agus sin an chéad uair a thuigeas céard is “sean-nós” ann. Chuir sí faoi dhraíocht mé agus chuaigh goiríní fuachta suas mo dhroim agus mé ag éisteacht léi. Is iadsan an bheirt is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ó thaobh an tsean-nóis de, cé go bhfuil an draíocht chéanna ag Rosie Stewart agus ag Dolores Keane i dtraidisiún na mbailéad.
AÓF: Cad iad na tréithe atá ag na hamhránaithe sin a chuaigh i bhfeidhm ort? Nó, i bhfocla eile, cén fáth go dtaitníonn siad leat?
CÓCC: Nuair a bhíonn siad ag gabháil fhoinn, tá anam agus brí agus mothú san amhrán, agus an mothú sin ag teacht aníos ón bpáirt is íochtaraí ina gcorp. Nuair a bhíonn tú ag féachaint orthu, tá siad féin ag fulaingt na péine atá san amhrán. Chomh maith leis sin, níl siad binn.
AÓF: Cad iad na rudaí nach dtaitníonn leat nuair atá duine éigin ag gabháil fhoinn? Nó cad a mhilleann amhrán, dar leatsa?
CÓCC: Ní maith liom nuair a bhíonn duine ag gabháil fhoinn agus ag aisteoireacht ag an am céanna. Scaití feiceann tú daoine ag cur strainceanna orthu féin agus iad ag gabháil d’amhrán mall agus iad ag gáire agus iad ag gabháil d’amhrán scafánta.
AÓF: An gceapann tú go bhfuil cúrsaí amhránaíochta i staid mhaith go ginearálta?
CÓCC: Ceist dheacair le freagairt, is dócha. Sílim go bhfuil cúrsaí amhránaíochta i staid mhaith ach sílim freisin go bhfuil cuid den dóchas ag imeacht as an amhránaíocht. Tá róbhéim anois ar an gcur i láthair. De bharr gur timpeall ar chomórtaisí atá cultúr na hamhránaíochta bunaithe sa lá atá inniu ann, cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí. Leagtar róbhéim freisin ar an rud atá ceart - an leagan ceart, an focal ceart srl. agus déantar dearmad gur traidisiún béil atá san amhránaíocht a tháinig anuas ó ghlúin go glúin. Síleann amhránaithe áirithe gur sna leabhra atá na leaganacha is údarásaí de na hamhráin, agus úsáidtear na leaganacha clóite mar shlat tomhais chun breith a thabhairt ar leaganacha béalaithrise. De bharr na gcomórtaisí freisin, tá na hamhráin ag imeacht, na hamhráin áitiúla ach go háirithe, mar gur fearr le hamhránaithe cloí le hamhráin atá i mbéal an phobail nuair atá siad ag gabháil d’amhrán ar ardán.
AÓF: An mbíonn dóthain deise agat amhrán a chasadh?
CÓCC: Ní bhíonn, faraor! Bhíos an-ghnóthach le dhá bhliain anuas agus níor éirigh liom freastal ar an méid ócáidí amhránaíochta is ba mhaith liom.
AÓF: An mbíonn tú ag casadh amhrán duit féin, nuair nach mbíonn aon duine eile ag éisteacht?
CÓCC: Bím go síoraí ag casadh liom féin ach sílim go gcloiseann na comharsana mé.
AÓF: Cén t-amhrán deireannach a d’fhoghlaim tú? Tabhair dúinn an véarsa is fearr leat as.
CÓCC: Níor fhoghlaim mé aon amhrán nua le fada, cé go bhfuil mé ag athfhoghlaim amhráin a bhí ligthe i ndearmad agam, “Úna Bhán” agus “Ceaite an Chúil Chraobhaigh”. Is mar gheall ar línte nó móitífeanna áirithe a thaitníonn siad liom. Mar shampla in “Úna Bhán":
B’fhearr liom a bheith gan súile ná tú a fheiceáil ariamh’ agus in “Ceaite an Chúil Chraobhaigh":
Bhí mise ag ól do shláinte agus tú os cionn chláir i mBinn Éadair agus Ní bheadh bainis do phósta ina tórramh dá caitheamh.
AÓF: An bhfuil aon dlúthdhiosca déanta agat, nó an bhfuil tú ag smaoineamh ar cheann a dhéanamh?
CÓCC: Níl, cé go bhfuil cúpla amhrán liom ar roinnt dlúthdhioscaí eile. Nílim ag smaoineamh ar aon cheann a dhéanamh, go fóill ar aon nós.
AÓF: Ar chum tú aon amhrán riamh?
CÓCC: Chum mé cúpla amhrán ach ní dóigh liom go bhfuil aon mhaith leo.
AÓF: Dhá n-iarrfainn ort aon chúis amháin a lua a mhíníonn cén fáth go dtaitníonn amhráin leat, céard a déarfá?
CÓCC: Feidhmíonn amhráin mar fheithiclí ina bhfuil tú in ann do chuid mothúchán a nochtadh go príobháideach ar shlí amháin agus go poiblí ar shlí eile, agus maolaíonn sin an phian.
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.