Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ar strae i mbaile coimhthíoch.
A fhad agus a bhí Louis agus Ciarán i mbéal an bháis ar an fharraige, ní ag marbh a gcroí ag gáirí a bhí Clíona agus Cathy iad féin. Bhí tuairim is deich mbomaite caite ag Clíona ag iarraidh soc an chairr a shathadh amach sa trácht.
“Bhuel, scrios lom orthu,” arsa Clíona, “níl múineadh madaidh orthu. Shílfeá go ligfeadh duine amháin féin acu amach mé.”
“Is dócha go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar thurasóirí nó b’fhéidir go díreach go bhfuil an saol ag déanamh tinnis daofa,” arsa Cathy.
“Sin Cathy agat,” arsa Clíona léi féin. “Ligfeadh sí don tsaol mhór éirí thuas uirthi.”
D’amharc sí anonn ar Cathy, ach bhí Cathy ag amharc siar i dtreo an tráchta agus í ag déanamh súile móra leis an scuaine tráchta. Sa deireadh rinne duine acu grá Dé agus lig sé isteach iad.
“Bhí an t-am dearg acu,” arsa Clíona agus cár uirthi.
“Fuist anois,” arsa Cathy. “I ngeall ar Dhia, déan meangadh beag gáire leis. Lig sé isteach tú, nár lig?”
Thóg Clíona a lámh ag tabhairt aitheantais don ghar ach ní le croí mór maith a rinne sí é.
“An bhfuil an learscáil agat?” ar sí le Cathy.
“Níl agam ach an ceann a fuair muid san ionad turasóireachta,” ar sise. “An ndéanfaidh sin gnaithe?”
“Féadann sé gnaithe a dhéanamh nó níl a dhath eile againn. An bhfuil an t-ionad siopadóireachta air?” arsa Clíona.
“Ní fheicim é,” arsa Cathy.
“An dtig leat a theacht ar shráid Fedora, bhuel?”
“Fan go bhfeicfidh mé,” ar sise.
“Bhuel?” arsa Clíona.
Ní thug Cathy freagra ar bith uirthi ach shuigh sí ansin agus a gaosán sáite sa léarscáil.
“Cathy!” arsa Clíona, “an bhfeiceann tú an diabhal sráid sin? Caithfidh mé tiontú ar dheis nó ar chlí gan mhoill agus, mura bhfuil muid ag iarraidh iomlán na maidine a chaitheamh ag iomrascáil le trácht na Spáinne, féadann tú a theacht air go damanta gasta.”
“Ní dhéanfaidh sé lá maith duit a bheith ag ithe na haghaidhe domhsa. Ní thig liomsa an rud nach bhfuil ann a fheicéail,” arsa Cathy.
“Tusa a bhí i mbun na léarscáile agus is é an rud ba lú a thiocfadh leat a dhéanamh nó cinntiú go mbeadh an diabhal áit a bhfuil muid ar a thóir ar an diabhal léarscáil.”
“Orú, druid do chlab bomaite agus b’fhéidir go dtiocfaidh mé air,” arsa Cathy.
Bhuail Clíona na coscáin agus ann ach go raibh dá raibh de thrácht sa bhaile istigh i dtóin an chairr.
Baineadh an anáil as Cathy agus scread sí le Clíona: “Níl splaid chéille agat, a ghirsigh. Thiocfadh linn beirt agus leath na scuaine seo a bheith marbh agat.”
“Tusa is ciontaí,” arsa Clíona go sotalach. “Ní thug tú treoir domh.”
B’in nuair a thug siad faoi deara go raibh stumpán beag toireach d’fhear ag tarraingt orthu agus é ag stróiceadh mionnaí móra mar a bheadh deireadh an tsaoil ann.
“Bain giota dó,” arsa Cathy, “nó íosfar beo beithíoch muid.”
Chuir Clíona síos an bhróg agus thiontaigh sí ar dheis.
“Tá muid ag dul an bealach seo,” ar sise, “is cuma ann nó as an t-ionad siopadóireachta.”
Bhí an t-aer beo le trup adharca carr agus dubh le mionnaí móra agus mallachtaí.
“Ná bí ag amharc orm mar sin,” arsa Clíona le Cathy. “Nach bhfuil tú i gconaí ag mairgnigh nach bhfaigheann tú blas den tsaol áitiúil agus tú ar shiúl.”
“Tá blas agus blas ann,” arsa Cathy.
“Tá,” arsa Clíona, “agus tá tú ar tí tuilleadh dó a fháil anois. Cas anuas an fhuinneog sin agus cuir do shoc amach agus fiafraigh den bhean sin atá ag tarraingt orainn cá bhfuil an t-ionad siopadóireachta seo nó tá mé i mbarr mo chéille agat.”
Rinne Cathy mar a iarradh uirthi agus rinne sí comhrá bliotach leis an bhean ar an chosán. Fuair sí eolas an bhealaigh agus nuair a d’aithris sí sin do Chlíona níor labhair siad beirt go raibh an carr sa charrchlós.
“Gheobhaidh muid cupa deas tae,” arsa Cathy.
“Tae, mo thóin,” arsa Clíona, agus rinne sí ar an *Bodega *ba dheise di.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.