CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Margaí maithe le fáil ar líne
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Nuair a thosaigh Ryanair ag díol eitiltí ar an idirlíon i 1999, bhí leisce ar go leor daoine ticéid a cheannach ar líne, ach tá athrú mór tagtha ar chúrsaí ó shin, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá gaoth fhuar gheimhridh ag séideadh taobh amuigh. Tá báisteach ar an tslí, agus tá solas an lae imithe cheana féin. Taobh istigh, tá fear ina shuí in aice le tine bhreá the, agus ríomhaire glúine os a chomhair. Lasann soilse séimhe an seomra, agus ólann sé ón gcupán tae taobh leis. Nascann sé a cheamara digiteach leis an ríomhaire, agus ceann ar cheann preabann na grianghraif ar fad a ghlac sé ar laethanta saoire an tsamhraidh suas ar an scáileán. Grian gheall… Trá the… Farraige fhionnuar… Cuimhní curtha i dtaisce ag trealamh teicneolaíochta - trealamh a raibh tionchar an-mhór aige ar beagnach gach gné de na laethanta saoire iad féin.

dul chun cinn teicneolaíochta tar éis an tslí a n-eagraíonn muid ár gcuid laethanta saoire a athrú go mór le blianta beaga anuas. Nuair a thosaigh Ryanair ag díol ticéad ar an idirlíon i 1999, bhí leisce ar go leor daoine iad a cheannach. Thaitin sé leo deis a bheith acu labhairt le gníomhaire taistil a bhí in ann comhairle a thabhairt dóibh faoina dturas, agus ní raibh muinín acu i slándáil cúrsaí tráchtála ar an idirlíon. Ach de réir a chéile d’éirigh le feachtais mhargaíochta Ryanair custaiméirí a mhealladh agus anois is beag duine nach ndéanann ar a laghad roinnt taighde ar an idirlíon sula dtéann sé ar laethanta saoire. Is gníomhairí taistil muid ar fad anois.

Ní thógann sé ach tamaillín gairid ar an idirlíon chun raon leathan praghsanna ó chomhlachtaí éagsúla a chur i gcomparáid lena chéile. Is féidir freisin féachaint ar amchláracha na gcomhlachtaí más mian leat fáil amach cad iad na heitiltí is oiriúnaí duitse. Chomh maith leis sin, is féidir eolas a fháil ar shuímh na n-aerfort iad féin agus ó na naisc thaistil atá acu. Is fiú i gcónaí an chéim dheiridh sin mar ní i gcónaí a bhíonn an luach is fearr ag gabháil leis an bpraghas is saoire (inseoidh aon duine a rinne an t-aistear fada bus ó Pháras go haerfort Beauvais na Fraince é sin duit!).

Chomh maith leis na haerlínte, tá beagnach gach óstán tar éis suíomh gréasáin cuimsitheach a fhorbairt a thugann deis do dhaoine féachaint ar ghrianghraif de na seomraí agus ar léarscáileanna den láthair sula ndéanann siad cinneadh. Agus má theastaíonn uait dul ar aghaidh agus seomra a chur in áirithe, ní gá glao fóin daor thar lear a dhéanamh - is leor foirm a líonadh isteach ar an idirlíon de ghnáth.

Árachas sláinte

Ar ndóigh, moltar dúinn ar fad árachas sláinte a cheannach sula dtéann muid ag taisteal, agus arís is féidir é sin a fháil thar an idirlíon. Is fiú féachaint timpeall chun an luach is fearr a fháil - cé go ndíolfaidh na bainc árachas leat, uaireanta bíonn luach níos fearr le fáil ar shuímh na gcomhlachtaí árachais iad féin.

Ach ní ar an idirlíon amháin atá an t-aicsean ar fad. Ciallaíonn an gréasán idirnáisiúnta atá curtha i bhfeidhm ag na comhlachtaí creidmheasa gur féidir linn airgead a chaitheamh go han-éasca ar fad thar lear. (Go ró-éasca b’fhéidir!) Agus cé gur thóg sé tamall fada ar Aer Lingus dul in iomaíocht i gceart le Ryanair agus ticéid shaora a dhíol ar an idirlíon, tá siad anois chun cinn orthu maidir le trealamh sna haerfoirt. In ionad dul i scuaine mhór fhada os comhair gnáthdheasc cláraithe roimh eitilt, is féidir le paisinéirí Aer Lingus iad féin a chlárú ag both nó ríomhaire speisialta. Tá an próiseas seo tapa agus beagnach chomh héasca le húsáid leis na gléasanna a dhíolann ticéid Luas agus traenach. Tar éis duit sonraí d’eitilte a chinntiú, clóbhuailtear do chárta bordála agus ní gá duit ach do mhálaí a thabhairt go dtí deasc speisialta, áit a ndéantar iad a mheá ar an ngnáthshlí.

Faoi láthair níl aon scuainí os comhair na ngléasanna seo toisc nach bhfuil mórán daoine dulta i dtaithí orthu. Ach san fhadtéarma, tá gach seans go bhfaighfear réidh leis na gnáthdheasca cláraithe agus go dtosóidh ár gcuid laethanta saoire idirnáisiúnta ar fad i scuaine os comhair ríomhaire san aerfort.

Fhad is nach gcaitheann muid ár gcuid laethanta saoire ar fad os comhair ríomhaire, is cinnte gur féidir leis an teicneolaíocht is déanaí cabhrú linn cinn thaitneamhacha a eagrú - agus a thaifeadadh. Ansin, le ríomhaire glúine cois tine, is féidir linn dul siar ar bhóithrín na smaointe agus dorchadas an gheimhridh ag bailiú timpeall orainn agus smaoineamh ar aghaidh go dtí an samhradh atá romhainn.

Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel (www.agtel.ie), comhlacht neamhspleách teilifíse atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bíonn sé ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus suímh ghréasáin do raon leathan eagraíochtaí agus tá baint aige leis an tsraith teilifíse “An Tuath Nua” freisin.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.