Is minic a bhítear ag gearán faoi na polaiteoirí in Éirinn ach is faoi na vótálaithe féin atá sé iarrthóirí a roghnú a bheas níos ionraice agus níos radaicí ná iad siúd a bhfuil an chumhacht acu faoi láthair.
»»»Tá blianta fada caite ag an Chorcaíoch John Spillane ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí proifisiúnta, rud nach bhfuil furasta in Éirinn. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol sa cheol agus faoina albam nua, atá díreach tagtha amach.
»»»Chaith Mary Beth Taylor tréimhse ag obair an mhí seo caite i gceantar an-bhocht sna Sléibhte Apaláiseacha, ceantar atá deighilte amach ón saol mór.
»»»Tá líon na n-inimirceach mídhleathach san Iodáil ag méadú go mór ach measann Roberta Stefan nach bhfuil an toil pholaitiúil ann chun dul i ngleic leis an cheist seo.
»»»Tá suim ag na Gearmánaigh i gceol traidisiúnta na hÉireann le fada agus tá siad ag cur an-spéise sa Ghaeilge anois chomh maith, mar a mhíníonn Stiofán Ó Foghlú, Éireannach atá ag cur faoi i Frankfurt.
»»»Tá suim ag na Gearmánaigh i gceol traidisiúnta na hÉireann le fada agus tá siad ag cur an-spéise sa Ghaeilge anois chomh maith, mar a mhíníonn Stiofán Ó Foghlú, Éireannach atá ag cur faoi i Frankfurt.
»»»Tá Balor an-tógtha leis an spórt náisiúnta sin ar a dtugtar an tOlltoghchán.
»»»Tá na mílte tar éis an mhúinteoireacht a thréigean i Sasana de bharr brú agus drochphá. Tá an baol ann go dtarlóidh an rud céanna in Éirinn, dar le Tony Birtill.
»»»Beidh an Spíce atá á thógáil ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath curtha in airde faoi mhí Mheán Fómhair. Tá neart conspóide ag baint leis an tionscadal seo, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Colmán Ó Raghallaigh, Cló Mhaigh Eo (Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo).
»»»Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill leis na buaiteoirí in olltoghchán an 17 Bealtaine a thuar.
»»»Reáchtáiltear neart féilte le linn dheireadh seachtaine fada thús mhí na Bealtaine gach bliain ach measann Antaine Ó Faracháin go mbeadh sé deacair Féile Chois Cuain, a bhíonn ar siúl i gCluain Cearbán, Contae Mhaigh Eo, a shárú.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Áine Ní Dhíoraí ar Ghleann Fhinne i nGaeltacht Láir Dhún na nGall.
»»»Beidh an cheolchoirm is mó a bhí acu go dtí seo in Éirinn ag Rodrigo agus Gabriela as Meicsiceo an mhí seo i mBaile Átha Cliath. Mhínigh siad d’Úna Nic Gabhann cad é a thug go dtí an taobh seo den domhan iad.
»»»Chaith Liz Curtis tréimhse phléisiúrtha i nGaillimh le déanaí.
»»»Tá go leor líomhaintí á ndéanamh i gcoinne an IRA le cúpla mí anuas. Creideann Robert McMillen go bhfuil feachtas ar siúl le droch-chlú a tharraingt ar Shinn Féin roimh olltoghchán na míosa seo sa Phoblacht.
»»»Bhuaigh Gabriel Rosenstock turas timpeall an domhain do bheirt an bhliain seo caite. Chaith sé féin agus a bhean Eithne nach mór trí mhí ag taisteal agus thug siad cuairt ar shé thír éagsúla san Áis, i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas. Sa sliocht seo as leabhar atá á scríobh aige faoi na heachtraí a tharla dóibh le linn an turais, tá cur síos aige ar an tSeapáin, an tríú tír ar stop siad inti.
»»»Taispeánann spárálaí scáileáin na míosa seo grianghraif de Bhéal Átha na Ghaorthaidh, Co. Chorcaí.
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a chinn an Cumann Lúthchleas Gael (CLG) ar chead a dhiúltú do lucht spórt eile úsáid a bhaint as Páirc an Chrócaigh. Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth a measann seisean gur cheart don Chumann cloí leis an bpolasaí seo.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: obair fhisiciúil.
»»»D’éirigh le bean atá ag saothrú an bháis an ceann is fearr a fháil ar an gcomhlacht tobac British American Tobacco sa chúirt an mhí seo caite. Féachann Dáithí Ó Colchúin ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcás seo.
»»»Tá iomaíocht ghéar i gceist i margadh na gcluichí ríomhaireachta, go háirithe ó láinseáil Microsoft a ngléas féin, an Xbox. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.