TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Cló Mhaigh Eo
Colmán Ó Raghallaigh Colmán Ó Raghallaigh

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Colmán Ó Raghallaigh, Cló Mhaigh Eo (Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo).

Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin sa chomhlacht agus cén fhad atá tú sa phost?

Stiúrthóir ó 1995.

  1. Cathain a bunaíodh Cló Mhaigh Eo agus cé a bhunaigh é?

Mé féin agus mo bhean i 1995.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Chun leabhair do pháistí agus do dhaoine óga a fhoilsiú a bheadh difriúil ó thaobh ábhair agus ealaíne.

  1. Cén obair a dhéanann Cló Mhaigh Eo anois agus cé mhéad duine atá fostaithe ag an chomhlacht?

Mé féin agus mo bhean go páirtaimseartha - is múinteoirí sinn. Foilsíonn muid idir ceithre agus sé leabhar chuile bhliain.

  1. Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas?

Faigheann muid tacaíocht ó Bhord na Leabhar Gaeilge a ghlanann cuid mhaith den chostas táirgíochta do chuid de na leabhair. Ní chlúdaíonn na deontais an obair go léir a bhaineann le soláthar na leabhar. Go minic bíonn orainn fanacht i bhfad le haon chúiteamh a fháil ar ár gcuid oibre agus cé go bhfuil díol an-mhaith ar ár gcuid leabhar ní bheadh mórán de bhrabach ann murach gur scríbhneoir mé chomh maith.

  1. Cén fáth a bhfuil tacaíocht stáit tuillte ag Cló Mhaigh Eo?

Is gá go mbeadh ar a laghad foilsitheoir amháin eile Gaeilge do pháistí ann seachas An Gúm. Osclaíonn sé suas an margadh do scríbhneoirí agus ligeann dúinn rudaí a thriail nach mbeadh fonn ar dhaoine eile a dhéanamh, b’fhéidir. Feicim go bhfuil O’Brien Press, foilsitheoirí Béarla, ag foilsiú leabhar i nGaeilge anois, aistriúcháin le scríbhneoirí Béarla den chuid is mó a deirtear liom. Is ag díriú go neamhbhalbh ar scoileanna atá siad is cosúil.

  1. Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh?

Níl.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá. Ar an gcéad dul síos tá carachtar dúchasach Gaeilge curtha i mbéal an phobail againn, is é sin Ruairí, agus tá breis agus 5,500 cóip de Drochlá Ruairí díolta idir an leabhar clóite agus an leagan leictreonach a cuireadh amach le Fios Feasa (www.fiosfeasa.com). Tá breis agus 5,000 de na leabhair eile faoi Ruairí díolta freisin, an ceann nua, Ruairí san Ospidéal, san áireamh. An dara rud ná gur éirigh linn an chéad leabhar do pháistí i mBéarla nó i nGaeilge as Éirinn a chur amach ar dlúthdhiosca inléite do-athraithe. Ansin anuraidh d’fhoilsigh muid an chéad úrscéal grafach Éireannach, An Sclábhaí agus tá an-rath air. Seo an chéad cheann de shraith shamhlaíoch ar stair agus ar mhiotaseolaíocht na hÉireann, a bhí goidte le rófhada ag lucht an Bhéarla agus gur ghá iad a athghabháil dá dteanga nádúrtha dhúchais. An ceathrú rud a luafainn ná go bhfuil ardchaighdeán ealaíne agus dearaidh sna leabhair a fhoilsíonn Cló Mhaigh Eo, nós nach mbíodh i gcónaí i gceist le leabhair Ghaeilge ach atá ag leathnú go sciobtha.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an chomhlacht?

Laigí:

Is gá dúinn na postanna lae a choinneáil le bheith beo. Cuireann sin srianta forbartha orainn gan dabht. Tá an fhoireann beag mar nach acmhainn dúinn daoine eile a fhostú.

Láidreachtaí:

Tá muid dílis don fhís a bhí againn ón tús mar go bhfuil muid neamhspleách. Tá cuid mhaith custaiméirí nua aimsithe againn do leabhair Ghaeilge, m.sh. na comic shops atá ag díol An Sclábhaí agus na clubanna éagsúla leabhar.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Cló Mhaigh Eo faoi cheann cúig bliana.

An margadh a bheith méadaithe go mór sa chaoi is go mbeadh rith cló de 4,000 mar mheán againn don chuid is mó d’ár dteidil. An carachtar Ruairí a bheith ina réalt teilifíse, tionscadal atá idir lámha againn. Aistriúcháin de chuid de na leabhair a bheith ar fáil i dteangacha eile ar fud an domhain.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Go mbeadh sí á múineadh i gceart agus go gairmiúil sna scoileanna céad agus dara leibhéal. Go mbeadh athrú bunúsach ar an gcuraclam meánscoile a ligfeadh do scoláirí an teanga a fhoghlaim seachas an cur i gcéill atá anois ann, go fiú leis na scoláirí is fearr agus iad á dtachtadh le cúrsaí a d’fheilfeadh sna hollscoileanna! Go mbeadh Bille Cearta na Gaeilge rite agus i bhfeidhm agus go bhféachfaí ar an bpobal Gaelach mar dhream ar chóir meas a bheith orthu ar an gcaoi chéanna le mionlach ar bith eile sa stát bréagliobarálach seo. Go mbeadh glacadh forleathan leis an teanga mar theanga oibre sa Dáil. Go mbeadh ardú stádais aici san Aontas Eorpach úr.

Tá suíomh gréasáin Cló Mhaigh Eo le fáil ag: www.leabhar.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.