Tá na mílte tar éis an mhúinteoireacht a thréigean i Sasana de bharr brú agus drochphá. Tá an baol ann go dtarlóidh an rud céanna in Éirinn, dar le Tony Birtill.
Thosaigh Ollscoil Learphoill ag déanamh taighde ar na mallaibh ar cén fáth a bhfuil a lán múinteoirí ag fágáil na slí beatha sin sa Bhreatain.
Tá Rialtas Westminster ag íoc as an staidéar seo de thairbhe an mhéid daoine nach bhfuil sásta dul isteach sa seomra rang ag múineadh tar éis cúrsa oiliúna a dhéanamh - is é sin 40% den iomlán. Fágann 18% eile an ghairm i rith a gcéad trí bliana ag múineadh.
Beidh an tOllamh Alan Smithers ag amharc ar aois, inscne agus cúlra ciníoch na múinteoirí a fhágfaidh an tslí bheatha i mbliana. Agus amharcóidh sé fosta ar na slite beatha nua a dtéann siad leo in ionad na múinteoireachta, agus cén fáth.
Seisear atá ar an fhoireann atá ag déanamh an taighde i dteannta leis an Ollamh Smithers agus beidh siad ag obair le 3,500 múinteoir, idir mhúinteoirí bunleibhéil agus dara leibhéal agus iad siúd a bhíonn ag plé le riachtanais speisialta ar fud na tíre. Beidh cead acu labhairt fosta leis na múinteoirí a bheas ag éirí as a bpost.
Dúirt an tOllamh Smithers: "Tá a lán scéilíní ann faoi na cúiseanna go bhfuil siad ag éirí as a bpost, ach beidh sé go maith na fíricí a fháil."
"Mar shampla, deirtear go bhfuil níos mó múinteoirí ó chiníocha mionlaigh ag éirí as a bpost, agus tá sé an-tábhachtach a fháil amach an fíor é seo. Is fíric é go bhfuil níos mó múinteoirí a bhfuil oiliúint faighte acu nach bhfuil ag obair ná mar atá ag obair - agus tá súil agam go mbeidh muid ábalta na cúiseanna atá leis seo a aimsiú."
Ganntanas múinteoirí
Tá géarchéim ann le blianta de thairbhe go bhfuil ganntanas múinteoirí sa tír, go mór mór in ábhair mar mhatamaitic, eolaíocht agus ríomhaireacht. B’éigean don rialtas scéimeanna éagsúla a eagrú chun tuilleadh daoine a mhealladh isteach sa tslí bheatha. De réir na Roinne Oideachais, tá biseach ar earcú múinteorí le déanaí, agus mar sin tá siad ag fiosrú cén fáth a bhfuil múinteoirí ag éirí as a bpost.
Cuireann an ráiteas seo iontas ar na múinteoirí, ar ndóigh, mar tá a fhios acusan go bhfuil an locht go hiomlán ar an rialtas féin. “Is ionann é agus Rialtas Oliver Cromwell a bheith ag fiosrú cén fáth a raibh na hÉireannaigh imithe go Connachta,” a dúirt múinteoir amháin liom.
Bhí ceardchumann na múinteoirí, an NUT (www.nut.org.uk), ag tabhairt amach ar feadh na mblianta faoin dóigh a raibh polasaithe an Rialtais Choimeádaigh idir 1979-1997 ag déanamh damáiste don chóras oideachais sa Bhreatain agus do spiorad na múinteoirí. Pá íseal agus barraíocht maorlathais na sórt deacrachtaí a bhí ann. Dúirt an Príomhaire nua, Tony Blair, i 1997 go raibh “oideachas, oideachas, oideachas” mar phríomhthosaíocht ag Rialtas Pháirtí an Lucht Oibre agus gheall siad maorlathas agus saothar na múinteoirí a laghdú. Níl mórán feabhais ar an scéal, áfach.
De réir staidéir a rinne an NUT anuraidh (le cuidiú ón Ollamh Smithers) tá £100 milliún á chur amú gach bliain ar chúrsaí oiliúna do mhúinteoirí nach bhfuil sásta dul isteach sa seomra rang ag múineadh tar éis a gcúrsa a chríochnú.
Dúirt an rúnaí ginearálta, Doug McAvoy: "Is é an saothar iomarcach an cheist is tábhachtaí do mhúinteoirí faoi láthair" agus chuir sé an chuid is mó den locht ar thionscadail ón rialtas agus an maorlathas atá ag baint leo. Caitheann múinteoirí barraíocht ama ag líonadh isteach foirmeacha, ag scríobh tuairiscí agus ag bailiú figiúirí agus staitisticí. Agus tá sé seo ag tarlú ag am nuair atá daltaí ag éirí níos dána. Má chuireann tú an dá rud le chéile, níl sé deacair a thuiscint cén fáth a bhfuil an méid sin struis ar mhúinteoirí agus go bhfuil siad ag tréigean na gairme.
Méadú ar an mhaorlathas
Tar éis dom a bheith ag labhairt le múinteoirí in Éirinn le déanaí, measaim go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil Rialtas na hÉireann ag dul sa treo céanna. “Méadú ar an mhaorlathas” an scéala a chuala mé arís agus arís eile. Ach an bhfuil rudaí ag éirí cosúil le mar atá siad i Sasana? - sin an cheist a chuir mé ar Mháire Nic Chárthaigh, preasoifigeach an INTO (www.into.ie).
"Níl muid chomh fada sin síos an bóthar, " a dúirt sí liom, "ach tá imní ann go bhfuil muid ag dul sa treo céanna. Tá rudaí ag athrú de réir a chéile, an curaclam nua do bhunscoileanna, mar shampla. B’fhearr linn go mbeadh múinteoirí ag caitheamh an chuid is mó den am ag múineadh seachas a bheith ag líonadh isteach foirmeacha."
Luaigh sí an t-acht nua oideachais agus dúirt sí liom go mbeidh sé sin ag cruthú obair sa bhreis. "Tá córas nua measúnachta ag teacht isteach, agus córas nua cigireachta fosta. Níl muid in aghaidh athruithe, ach caithfidh sé a bheith riartha sa dóigh is go mbeidh múinteoirí ábalta an chuid is mó den am a chaitheamh ag múineadh agus go mbeidh pá sásúil acu."
Chomh luath is a luaigh sí "measúnacht agus cigireacht" bhí clog rabhaidh ag bualadh i mo chloigeann, mar is iad sin na hábhair is conspóidí i measc múinteoirí sa Bhreatain.
"Chaith muid sé mhí ag ullmhú do na cigirí ó OFSTED ag costas £10,000," a dúirt múinteoir i Learpholl liom. "Tar éis na cigireachta, bhí muid ar fad scriosta, bhí Transit Van lán páipéir agus cáipéisí againn agus mhothaigh muid uilig gur am agus airgead amú a bhí ann."
Agus bíonn drochthionchar ag an obair seo: téann an strus mór a bhíonn ar na múinteoirí i bhfeidhm ar na daltaí ar dhóigh dhiúltach agus téann siadsan abhaile agus cuireann siad strus ar a dtuismitheoirí. Mar sin, bíonn cuid mhór daoine faoi strus de bharr polasaí amaidigh amháin.
Ach tá Máire Nic Chárthaigh réasúnta dearfach faoin todhchaí. "Tá comhaontú páirtíochta againn in Éirinn agus mar sin ní dhéantar athrú gan dul i gcomhairle linne, " a dúirt sí liom.
Tá súil agam go bhfuil an ceart aici, mar tá córas maith oideachais in Éirinn agus níor mhaith liom é a fheiceáil ag dul in olcas mar a tharla sa tír seo. Ach tá fachtóir eile sa scéal fosta. Thug cuid de na múinteoirí i Sasana faoi deara an treo a raibh an ghaoth ag séideadh blianta ó shin agus léim siad ar an bandwagon chun ardú céime agus tuilleadh airgid agus cumhachta a fháil dóibh féin. D’éalaigh siad ón seomra ranga ag an am céanna fosta agus caitheann siad a gcuid ama in oifig anois ag obair mar “bhainisteoirí oideachais”, ag cur brú agus struis ar na daoine bochta atá fágtha sa seomra ranga. Mar shampla, is iarmhúinteoir í an tAire Oideachais atá againne, an feisire Estelle Morris.
An bhfuil daoine den chineál seo i measc na múinteoirí in Éirinn? Beidh le feiceáil.
Is as Learpholl ó dhúchas é Tony Birtill agus is múinteoir agus iriseoir é. Bíonn sé i mbun cúrsaí siúil sléibhe Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i rith na Cásca agus le linn mhíonna an tsamhraidh.