AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Appalachia: domhan eile ar fad
Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor

Chaith Mary Beth Taylor tréimhse ag obair an mhí seo caite i gceantar an-bhocht sna Sléibhte Apaláiseacha, ceantar atá deighilte amach ón saol mór.

Íomhá
Oibrí óg deonach de chuid an ASP
Íomhá
An barr bainte de shliabh le mianadóireacht guail a dhéanamh
Íomhá
Earraí á ndíol ag ceant
Grianghraf: Mary Beth Taylor
Íomhá
An drúthlann ag barr an tsléibhe
Grianghraf: Mary Beth Taylor

Tá suim agam le fada i bpobail i Meiriceá nach bhfuil mar chuid den chultúr lárshrutha. Tógadh mé sna bruachbhailte agus spreag maireachtáil an status quo chultúrtha m’fhiosracht faoi dhaoine nár mhair mar sin. Seictí polagamacha in Utah, giofóga uirbeacha, Meinninítigh, Aimisigh, agus Giúdaigh Hasidic - tá meallacacht ag baint le gach grúpa atá difriúil domsa. Tá sé deacair dul i gcoinne an tromlaigh, go háirithe maidir le cultúr. Ach éiríonn leis na grúpaí seo a dteanga, a mblas cainte agus a dtraidisiúin - a dtéann a bhformhór i gcoinne ghnáthluachanna na sochaí Meiriceánaí - a choimeád agus a bhféiniúlacht a dhearbhú, in ainneoin suburbia, glúin i ndiaidh glúine.

Is sampla maith é Meiriceá Apaláiseach de mhionchultúr suaithinseach. Tugtar an ceantar Apaláiseach ar na stáit a bhfuil na Sléibhte Apaláiseacha iontu, is é sin píosaí de Georgia, Virginia, Tennessee, Ohio, Kentucky, agus West Virginia. Tá na sléibhte mar scáth ag pobail scaipthe an cheantair, ag cothú cultúir agus traidisiún atá ann leis na glúnta. Déanann seo timpeallacht neamhchoitianta d’Appalachia, deighilte amach ag a theorainneacha fisiciúla ó Mheiriceá uirbeach, ag coinneáil an tsíorfháis fhobhailtigh ó dhoras, agus an caolú cultúir a tharlaíonn nuair a fhéachann daoine le bheith mar chuid den "melting pot", coincheap a bhfuiltear fós tógtha leis.

Cúpla seachtain ó shin thaistil mé go ceantar tuaithe i Wyoming County, West Virginia le hobair dheonach a dhéanamh leis an Appalachia Service Project (ASP), eagraíocht neamhbhrabúsach a dhéanann tithe a dheisiú do theaghlaigh atá ar ioncam íseal i Central Appalachia. Níl tiomáint fhada i gceist ó Washington DC go deisceart West Virginia, ach is dhá dhomhan éagsúla iad. Tháinig deireadh leis an mhótarbhealach sa deireadh agus bhí mé ar bhóthar cúng, casta, dhá lána, ag dul suas mala ghéar go mall, isteach i gcroílár na Sléibhte Apaláiseacha. Sa deireadh ní raibh glacadh ar bith le fáil ar mo ghuthán soghluaiste, an nasc deireanach leis an domhan mór, agus thosaigh mé ag brath i bhfad ó bhaile.

Bochtanas Apaláiseach

Is pobal beag de thart fá 25,000 duine Wyoming County i West Virginia. Is ceantar bocht é, le ráta dífhostaíochta timpeall 9.2%. Tá breis is 20% dá dhaonra ag maireachtáil faoin líne náisiúnta bochtanais. Tá ról lárnach ag an Appalachia Service Project sa phobal dearóil seo agus cuireann siad 150,000 oibrí deonach ar fáil gach bliain chun tithe a dheisiú agus a atógáil i Central Appalachia. Is é an misean atá ag an ASP ná tithe a dhéanamh “níos teo, níos sábháilte, agus níos tirime” do na teaghlaigh íseal-ioncaim a bhfuil siad ag freastal orthu.

Tá ráta ard dífhostaíochta i Wyoming County de bharr go bhfuil sé chomh hiargúlta sin. Is í an mhianadóireacht guail an príomhthionscal sa cheantar. Cuireann an mhianadóireacht postanna ar fáil, a bhfuil pá réasúnta maith ag dul leo, ach is minic a bhíonn praghas ard le híoc ag na fostaithe. Maraíonn maidhmeanna sléibhe agus pléascanna mianadóirí ar an toirt ó am go chéile, agus tá go leor eile a mharaíonn galar na scamhóige duibhe, tinneas léanmhar análaithe a thagann ar dhaoine ó bheith ag sú isteach deannach guail.

Déanann an mhianadóireacht guail an timpeallacht a loit chomh maith. Déantar sléibhte a fholmhú, truaillítear an t-aer agus an t-uisce, agus nuair a bhíonn an gual ar fad bainte amach as suíomh, fágtar an mianach ina bhlaosc shalach - talamh nach féidir a úsáid arís. Tá an mhianadóireacht, áfach, mar chuid chomh mór sin den chultúr Apaláiseach is atá na sléibhte iad féin. Tugann sé daoine le chéile. Labhraíonn daoine go ceanúil faoina mbaile mar "my little coal-town", pobail dhlútha tógtha timpeall ar mhianach. Bíonn athair nó seanathair, fear céile, nó deartháir ag gach duine a bhí ina mhianadóir. Is rud é a thuigeann gach duine.

Bíonn ar dhaoine foinsí eile ioncaim a fháil de bharr go bhfuil a laghad sin deiseanna fostaíochta sa cheantar. Díolann cuid acu earraí gan mhaith ar thaobh an bhóthair, agus tá daoine eile ann a thógann éin choimhthíocha nó madraí póir. Tá scéimeanna eile acu a bhfuil riosca níos mó ag baint leo, an cearrbhachas, mar shampla, agus an rud ar a dtugann bunadh na háite “troid sicíní”. Bíonn na geallta ard sna cluichí áitiúla pócair, agus bíonn airgead mór i gceist chomh maith sa "troid sicíní", comhrac fuilteach ina dtroideann dhá choileach go dtí an bás. Ní caitheamh aimsire é sin a bhfuil mórán de mhuintir na háite bródúil as; chomh maith leis sin, is feileonacht é troid na gcoileach i West Virginia. "Is traidisiún Eorpach é," a dúirt duine áitiúil amháin liom. "Thug siadsan trasna é. Níor thosaigh sé anseo."

cúram sláinte, nó an easpa cúraim, ina cheist thábhachtach sa cheantar chomh maith. Tá ailse, galar croí, an scamhóg dhubh, raimhre, diabaetas, agus drochshláinte bhéil ann go forleathan, de bharr nach bhfuil fáil ar oideachas sláinte ná ar chúram ceart, agus de bharr drochaiste bia agus drochnósanna maireachtála.

"Is muid an stát is raimhre sa tír," a dúirt duine eile san áit liom. "Tá an bia atá go holc agat le ceannach go saor amuigh anseo."

Ní hamháin go ndéanann daoine a gcuid cócaireachta mar a rinne a muintir rompu - an ghnáthstíl dheisceartach, gach rud friochta i mblonagsaill mhuice - ach tá glasraí úra agus bia sláintiúil eile daor agus tá sé deacair teacht orthu. De bharr na gcúinsí seo - easpa cúraim mar aon le hiargúltacht agus drochnósanna maireachtála - is minic a mbíonn drochthorthaí i gceist i gcás tinneas a bhféadfaí cosc a chur orthu nó cóireáil a chur ar fáil dóibh.

Diabaetas

Is duine í Maple atá thíos leis an droch-chúram sláinte in Appalachia agus atá cosúil le go leor de chuid cliant an ASP. De bharr diabaetais an-olc, chaill Maple a dhá chos agus tá sí anois i gcathaoir rotha. Mar gheall ar easpa gluaiseachta, drochaiste bia, agus andúil sna toitíní, tá sí 300 punt meáchain agus tá plúchghalar croí uirthi. Chaill Maple a cos chlé ceithre bliana ó shin. Dhá bhliain i ndiaidh an teasctha sin, bhraith sí mairbhe sa chos eile. Ghlaoigh sí ar a dochtúir, ach dúradh léi nach bhféadfadh sí coinne a fháil go dtí an Luan dár gcionn. An deireadh seachtaine sin, thit an an tsáil dá cos.

"Thóg mé é agus chaith mé sa bhruscar é!" a dúirt sí. "Ní raibh faic a d’fhéadfainn a dhéanamh."

Rinneadh a cos dheas a threascadh an tseachtain sin.

Is baintreach gan chlann í Mable agus tá sí ina cónaí ina haonar. Le dhá bhliain anuas, an t-aon uair a bhí sí taobh amuigh den teach nó nuair a tugadh chun an ospidéil í in otharcharr. Tar éis tarchur a fháil óna soláthraí cúraim sláinte, thóg oibrithe deonacha an ASP rampa adhmaid 79 órlach timpeall a tí chun cur lena hinghluaiseacht. I ndiaidh a bheith sáinnithe sa teach chomh fada sin, tá an deis atá curtha ar fáil di anois suí ar an phóirse nó aire a thabhairt dá gáirdín tar éis difear mór a dhéanamh do shaol Maple.

Seanchas na sléibhte

Tá Mable ina cónaí isteach go maith sna sléibhte, agus tá a muintir ansin leis na glúnta. Tá cuid mhór béaloidis sna sléibhte seo. Ó dheis ó theach Maple tá barr sléibhe an-ard, agus teach beag buí neamhurchóideach ina shuí leis féin in aice leis an stuaic. Bhí gnáthchuma air seachas go raibh spás páirceála an-mhór os a chomhair, lán le trucailí, agus bhí fál slabhra-nascanna timpeall air.

"Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid mhór daoine sa teach buí sin," arsa mé féin le Maple.

"Yeah …" a dúirt sí go stadach. "Tá cuid mhór páistí ag na mná atá ansin."

D’fhiafraigh mé de Gary, Comhordóir Tionscadal an ASP, faoin teach agus mé ag dul thart leis. Tháinig cuma náirithe air.

"Is drúthlann é. Ansin le fada. Is féidir leat ceist a chur ar aon duine anseo timpeall faoi."

Bhí mo spéis múscailte, ach bhí díomá orm nach raibh a fhios aige rud ar bith mar gheall ar an teach seo.

"Ní raibh mé riamh ansin, ní theastaíonn uaim dul ansin, níl aithne agam ar éinne a bhí ann. Níl a fhios agam tada faoi," ar seisean.

Mhínigh mé dó go raibh suim sa chultúr Apaláiseach ar cheann de na cúiseanna go raibh mé ansin. An bhféadfadh muid dul suas go dtí an teach buí, bualadh leis na daoine ansin, féachaint timpeall? Nah, mheas sé nár smaoineamh rómhaith é sin.

Bhuel, mar sin, b’fhéidir go bhféadfadh an ASP tairiscint a dhéanamh a ndíon a dheisiú, nó an fál? Le déanamh cinnte go mbeadh bantracht an tí níos teo, níos sábháilte agus níos tirime. Nah, níor mheas sé go n-oibreodh sé sin ach an oiread.

Go hádhúil, bhí Rhonda, Comhordóir Oibrithe Deonacha an ASP, ábalta níos mó eolais a chur ar fáil faoin ábhar. Dúirt sí go raibh lear mór imeachtaí mídhleathacha ar siúl i dteach buí seo an droch-chlú - cearrbhachas, drugaí á dtógáil, uisce beatha moonshine á ól, agus striapachas. De réir dealraimh, tagann grúpa fear le chéile chun pócar a imirt, agus bíonn cead ag na buaiteoirí luí leis na mná.

"Cé hiad na mná? " a d’fhiafraigh mé.

"Is dóigh liom gur mná céile na bhfear atá ag imirt pócair iad," a dúirt sí i gcogar.

"Mar sin, cuireann siad ó dhuine go duine iad?" Bhí iontas an domhain orm.

"Is dóigh liom é."

Agus sin agat é. Swingers Apaláiseacha.

Úinéireacht tí

In ainneoin an bhochtanais go léir, tá an ráta is airde úinéireacht tí sna Stáit Aontaithe go léir i West Virginia. Dochreidte? Níl, dáiríre. Is mar gheall ar go bhfanann daoine ansin glúin i ndiaidh glúine atá sé sin amhlaidh. Faigheann siad teach a muintire le hoidhreacht, agus tarlóidh an rud céanna i gcás a gcuid páistí.

Deir Rhonda, a bhfuil a saol caite aici i Wyoming County, rud a chloisfeá go minic.

"Dá bhfaighinn post ina mbeinn ag saothrú trí oiread airgid, ach go gcaithfinn bogadh go háit eile, ní dhéanfainn é," a dúirt sí liom. "Seo mo bhaile. Braithim sábháilte anseo. Is féidir liom luí sa leaba san oíche agus nuair a chloisim carr nó trucail ag dul thar bráid, bíonn a fhios agam cé leis an fheithicil."

Is as Wyoming County Gary chomh maith, ach bhí sé ina chónaí in áiteanna eile de bharr go raibh post míleata aige. Measann sé gurb iad muintir na háite féin is cúis leis an bhochtanas, go pointe.

"Tá daoine ina gcónaí sna cnoic seo agus ní theastaíonn uathu imeacht, fiú mura dtig leo post a fháil," a dúirt sé. "Is ceist príomhaíochtaí é."

Nuair a chuirtear an argóint seo i láthair duine de lucht na bhfobhailte - daoine mar mise atá stoite, curtha in áit eile, caolaithe ó thaobh cultúir ó bheith ag bogadh ó shuíomh amháin cathrach go ceann eile - tá sé furasta againn an dearcadh a bheith againn "Mura féidir leo post a fháil anseo, bhuel, ba cheart dóibh bailiú leo."

Ach ar cheart dóibh imeacht? An é sin an freagra? Is ceist príomhaíochtaí é - post nó baile ceart. Go pearsanta, braithimse féin go bhfuil mé ag cuardach baile mo shaol ar fad. Bhog mo theaghlach ó áit go háit nuair a bhí mé óg, agus níl teaghlach forleathnaithe ar bith agam sna Stáit Aontaithe. Dhíol mo thuismitheoirí teach an teaghlaigh le déanaí agus chuaigh ar pinsean go stát eile, mar sin níl baile ceart agam níos mó.

B’fhéidir gur cheart go mbeadh níos mó airde agam ar chúrsaí slí beatha ag m’aois, ach dá mbeadh rogha le déanamh agam idir an post foirfe agus baile ceart, roghnóinn an dara ceann sin. B’fhéidir go n-éireodh liom a leithéid a aimsiú sa deireadh - áit a bhfuil grá agam dó agus a thugann grá ar ais dom, áit ar féidir liom mo chuid fréamhacha a chur síos agus cur fúm. Ní tharlóidh sé sin go ceann i bhfad, áfach, agus idir an dá linn déanfaidh mé gach rud is féidir liom le cuidiú le daoine eile fanacht ina mbaile. Le cónaí a dhéanamh in áit a bhfuil a muintir agus muintir a gcomharsana ina gcónaí leis na glúnta. Áit, in ainneoin na ndeacrachtaí, an easpa galántachta agus áiseanna nua-aimseartha, ar leosan féin í.

Chomh luath is a fhaigheann tú áit mar sin, sílim gur cheart duit greim daingean a choimeád air agus gan ligean dó imeacht. Ní bheidh West Virginia i choíche ina bhaile agamsa, ach tá áthas orm gur thug mé cuidiú beag dóibh siúd ar mian leo fanacht ansin, thuas sna sléibhte, gan fágáil go deo.

Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan. Is de bhunadh Éireannach í. Tá sí ag obair sa Mary’s Center for Maternal and Child Care i Washington, DC.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.