CÚRSAÍ SPÓIRT
Níor chóir Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do dhreamanna eile
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bhí díomá ar go leor daoine nuair a chinn an Cumann Lúthchleas Gael (CLG) ar chead a dhiúltú do lucht spórt eile úsáid a bhaint as Páirc an Chrócaigh. Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth a measann seisean gur cheart don Chumann cloí leis an bpolasaí seo.

Íomhá
Íomhá
An bhfeicfear an radharc seo i bPáirc an Chrócaigh go deo?
Íomhá

Ar cheann de na páipéir nuachta náisiúnta le déanaí bhí ceannteideal mar a leanas le feiceáil: "Vótáil an Cumann Lúthchleas Gael Páirc an Chrócaigh a choinneáil dúnta". Bhí mórán ceannteideal eile den chineál céanna ar na nuachtáin éagsúla i gcaitheamh na laethanta i ndiaidh Chomhdháil Bhliantúil an CLG a tionóladh le déanaí. Bhí cáineadh agus dímheas taobh thíos de na ceannlínte seo.

Bhí altanna ag go leor de na páipéir ag cáineadh chinneadh an Chumainn toisc nach mbeadh mórán seans ag Éirinn Craobhchomórtas Sacair na hEorpa a chomhreáchtáil le hAlbain sa bhliain 2008 muna mbíonn an Cumann Lúthchleas Gael sásta a rá go mbeidh Páirc an Chrócaigh ar fáil don chomórtas áirithe sin.

Ach cén chaoi a mbeadh sí ar fáil nuair a bheidh sí ag teastáil le haghaidh cluichí craoibhe iomána agus peile ag an am céanna? Ach in ainneoin sin is éard atá á rá ag lucht na meán cumarsáide ná go mbeidh an milleán ar an CLG má theipeann ar iarratas an FAI Craobhchomórtas na hEorpa a chomheagrú! Tá sé deacair a leithéid de raiméis a thuiscint - á rá go bhfuil dualgas ar bhealach éigin ar an CLG Páirc an Chrócaigh a "oscailt" do Chorn Sacair na hEorpa!

Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuiltear ag rá freisin go bhfuil dualgas ar an CLG an FAI agus an Taoiseach é féin a tharrtháil ón bpraiseach ina bhfuil siad. Fad agus a bhí an Cumann Lúthchleas Gael i mbun atógála agus athnuachana, bhí an FAI agus an Rialtas ag cur ama agus airgid amú ar phleananna agus ar chur agus cúiteamh maidir le stáideanna agus áiseanna nua i gcomhair sacair (agus rugbaí). Nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime agus foireann sacair na hÉireann ag déanamh thar cinn, bhí an deis ar fáil infheistiú sna háiseanna atá de dhíth ar lucht sacair agus rugbaí. Ach níor tapaíodh an deis sin. Ina ionad sin, táthar anois ag tromaíocht ar an CLG toisc nach bhfuilid sásta a bpáirc siúd a chur ar fáil!

Cluichí gallda

Cuirtear i leith an CLG go minic go bhfuil siad frithshacar agus frithrugbaí, toisc gur cluichí gallda iad. Bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh, is deacair a thuiscint cén chaoi a bhfuil dualgas ar bith ar an CLG Páirc an Chrócaigh nó aon pháirc eile dá gcuid a "oscailt" do chluichí eile. Deirim é sin agus fios agam go bhfuil lear maith airgid faighte ag an CLG ón Rialtas chun Páirc an Chrócaigh a athnuachan. Ach is é airgead na ndaoine atá i gceist, airgead an phobail. Ní maith le daoine áirithe go bhfuair an CLG deontas ón Rialtas le haghaidh Pháirc an Chrócaigh ach déanann siad dearmad ar a bhfuil déanta ag an CLG ar son na tíre le blianta fada.

Taobh amuigh d’ardú meanman agus spreagadh a thabhairt do dhaoine, mórtas cine agus féinmheas a spreagadh iontu, tá lucht an CLG ag íoc cánach go díreach de bharr a rannpháirtíochta sa Chumann. Mar shampla, íocann baill an CLG Cáin Bhreis Luacha (CBL) ar na camáin (faigheann an rialtas trí euro ar gach camán a cheannaítear!), ar na geansaithe, ar an bpeitreal, ar ghlaonna gutháin, árachas, iompar foirne, bia agus mar sin de, is é sin na nithe go léir a bhaineann le foirne a chur chun páirce seachtain i ndiaidh seachtaine ar fud na tíre. Déanann cumainn eile a leithéid céanna dar ndóigh ach ní ar an scála céanna leis an CLG.

Le blianta fada tá an CLG ag argóint go bhfuil sé éagórach go mbíonn ar a chuid ball, agus go speisialta na hógánaigh, CBL a íoc ar fheisteas agus go mór mór ar chamáin. Tá an iománaíocht ar na spóirt is costasaí le himirt de bharr an chostais aird atá ar chamán (d’fhéadfadh camán a chosain €15 briseadh leis an gcéad "chleataráil" i gcluiche) agus ar chlogaid. Níl sa deontas a fuair an CLG ón Rialtas ach aisíocaíocht bheag de chuid den airgead atá faighte ag an Rialtas thar na blianta tríd an gCumann.

Chomh maith leis sin tá lucht gnó, go mór mór lucht tithe tábhairne agus óstán sna bailte móra ar fud na tíre, buíoch go maith den CLG as ucht na sluaite móra a théann chuig na cluichí i rith na bliana. Agus beidh i bhfad níos mó brabúis le déanamh i mbliana acu de bharr na gcluichí breise go léir a imreofar faoin gcóras nua san iomáint agus san pheil. Ní hamháin sin ach filleann na mílte imirceach gach bliain i mí Mheán Fómhair le freastal ar chluichí Ceannais na hÉireann sa pheil agus san iomáint. Is cinnte go bhfágann siadsan pingin nó cent maith ina ndiaidh!

Ní cúis náire nó clamhsáin é a bhfuil d’airgead tugtha ar ais ag an Rialtas don CLG - tá sin tuillte go maith ag an gCumann mar atá léirithe thuas, agus go mór mór de bharr na tacaíochta atá tugtha ag an gcumann do dhaoine agus do phobail ar fud na tíre ó bunaíodh é - tacaíocht phraiticiúil agus spreagúil don chosmhuintir a thugann le fios go bhfuil fiúntas leis an gcaitheamh aimsire dúchasach agus leis an gcultúr Gaelach agus nach gá dóibh aithris a dhéanamh ar éinne eile. Ní hamháin sin ach chuir an CLG na deiseanna ar fáil don chosmhuintir lúthchleasa agus cluichí a chleachtadh nuair nach raibh a leithéid á gcur ar fáil ar aon slí eile.

Dúnta

Gné eile den argóint ar son Pháirc an Chrócaigh a chur ar fáil do dhreamanna eile ná go mbíonn sí dúnta leath den bhliain, ó dheireadh mhí Mheán Fómhair go mí an Mhárta. Ní gá go mbeadh sí dúnta sa todhchaí, áfach, mar d’fhéadfadh an Cumann féin níos mó úsáide a bhaint aisti tré níos mó cluichí club, cluichí scoile, coláistí dara agus tríú leibhéal a imirt ansin faoi mar a dheintí roimh an athnuachan. Is cinnte agus an obair athnuachana críochnaithe, nach mbeidh deireadh seachtaine ar bith saor idir Lá Fhéile Pádraig, nuair a imrítear cluichí ceannais na gclub, agus an Domhnach deireanach i Meán Fómhair, go háirithe agus an córas nua i bhfeidhm do na craobhchomórtais. I 2001 bhí cluichí móra i bPáirc an Chrócaigh beagnach gach Satharn agus Domhnach ón samhradh go dtí an fómhar.

Agus an tsíorúsáid i rith an earraigh agus an tsamhraidh san áireamh, an cheist is gá a chur ná cén chaoi a bhféadfaí cluichí sacair de chuid Chomórtas na hEorpa a imirt ann chomh maith leis na cluichí Gaelacha i mí an Mheithimh? Ceist eile: an mbeadh dromchla na páirce in ann an oiread sin cluichí a sheasamh agus a bheith fós foirfe mar ba ghá? Theastódh scíth ón bPáirc ina dhiaidh sin go léir.

Is fiú na cúiseanna go mbeadh fonn ar an CLG Páirc an Chrócaigh a "oscailt" do chluichí eile a scrúdú. Leis an fhírinne a insint níl ach cúis amháin láidir ann agus sin airgead. Deirtear go bhféadfadh an CLG na milliúin euro a thuilleamh tré chluichí sacair agus rugbaí a cheadú agus go bhféadfaí an t-airgead sin a úsáid ansin chun an iomáint agus an pheil, agus an liathróid láimhe ar ceann de chluichí an chumainn í chomh maith le cluiche corr chomh fada le m’eolas, a fhorbairt tuilleadh.

An cúis mhaith í sin? Feicfimid amach anseo cé acu an ea nó nach ea, ach tá rud amháin cinnte agus is é sin go mbeidh éileamh an-láidir ag an Gaelic Players Association ar son íocaíochta má fheiceann siad imreoirí móra na gcluichí eile ag imirt ar an “bhfód beannaithe” agus na mílte euro á n-íoc leo as ucht sin a dhéanamh. Bheadh ethos an chumainn i mbaol ansin, dar liom, agus cá bhfios cén tionchar a bheadh ag a leithéid sin ar na gnáthbhaill agus na cumainn ar fud na tíre.

Ach tá ceist an-bhunúsach ar fad le cur i dtaca leis an ábhar seo. Cén fáth (seachas ar son airgid) go gcuirfeadh an CLG fáilte roimh spórt ar bith atá in iomaíocht ghéar le peil agus le hiomáint chun daoine óga a mhealladh? Dar leis an CLG ní spóirt eile i measc roghanna éagsúla spórt iad an iomáint agus pheil Ghaelach. Déarfadh an CLG gur slí bheatha spioradálta agus chultúrtha atá i gceist, bealach maireachtála atá préamhaithe i measc an phobail.

Ní hé sin le rá nach bhfuil paisean ag muintir na hÉireann do chluichí agus spóirt eile. Ní hé sin le rá go bhfuil muintir an CLG i gcoinne aon rud nó frith seo nó frith siúd. Ach tá Éire beag agus tá an CLG in iomaíocht le fórsaí móra idirnáisiúnta agus dúchasacha a bhfuil méideanna ollmhóra airgid á dtiomáint.

imní ar dhaoine go bhféadfadh na cluichí Gaelacha a bheith scuabtha de dhromchla an domhain má ghéilltear do na fórsaí sin.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.