AR NA SAOLTA SEO
Mórchuid líomhaintí agus gannchuid fianaise
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá go leor líomhaintí á ndéanamh i gcoinne an IRA le cúpla mí anuas. Creideann Robert McMillen go bhfuil feachtas ar siúl le droch-chlú a tharraingt ar Shinn Féin roimh olltoghchán na míosa seo sa Phoblacht.

Íomhá
Triúr na Colóime - tá ceisteanna le freagairt acu
Íomhá
David Trimble, ceannaire an UUP

"Laetha deireanacha na síochána " a thuar an Belfast Newsletter an mhí seo caite, ach le faoiseamh ollmhór, tá mé sásta a rá nach dtáinig an Armageddon a raibh an Newsletter ag súil leis.

Cad chuige a raibh an oiread sin lagmhisnigh ar an pháipéar áirithe aontachtach seo, go raibh scéal i ndiaidh scéil ag tabhairt le fios go raibh an IRA ar tí dul i mbun an fhoréigin arís?

Luaigh mé an briseadh isteach i gCaisleán an Riabhaigh roimhe seo. Níor tháinig pioc fianaise amach gurbh iad na poblachtánaigh a bhí ciontach as, ach tá daoine ag glacadh leis go raibh an fhírinne lom sna líomhaintí.

aontachtaithe frith-Chomhaontaithe oiread sin ar bís ag iarraidh cruthúnais go bhfuil an IRA - agus an IRA amháin, chan na dílseoirí - ag briseadh a shosa cogaidh, go gcreidfidh siad rud ar bith.

A dhálta sin an hit list a dtángthas air i dteach poblachtánaigh mór le rá a raibh ainmneacha bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh agus aontachtaithe éagsúla air.

Cad é an rud é hit list? Píosa páipéir a bhfuil "hit list " scríofa air agus pleananna scríofa maidir le pleanáil dúnmharuithe, nó díreach liosta ainmneacha? Na péas féin a dúirt gur “low level intelligence” a bhí sa liosta a fuarthas. Tá hit list sa bhaile agam féin - Dod’s Parliamentary Gazette an t-aimn atá air, agus tá ainm agus seoladh gach polaiteora sa Ríocht Aontaithe ann.

Ag bailiú eolais

Is cinnte go bhfuil achan dream - poblachtánaigh, dílseoirí, PSNI agus eití éagsúla d’Arm na Breataine - ag coinneáil súl ar a chéile agus ag bailiú eolais ar a chéile, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil ionsaithe fuilteacha ar na bacáin.

Agus tá an Cholóim ann. Crúthúnas go bhfuil Sinn Féin ag leanstan ar aghaidh lena chlár oibre Marxach agus ag gríosú réabhlóidí ar fud na cruinne. Nach raibh Gerry Adams i gCúba i mbliana? Nár dhúirt oifigeach sinsireach de chuid Arm na Colóime go raibh cúig bhall déag éagsúla de chuid Shinn Féin ina thír?

Ach, arís eile, tá fíorghanntanas fianaise crua le sonrú go raibh an triúr Éireannach - Martin McCauley, James Monaghan agus Niall Connolly - ag traenáil FARC le buamaí a dhéanamh. Leoga, de réir a chéile, tá an cás ina n-éadán ag titim as a chéile. Ach sin ráite, tá ceisteanna le freagairt ag an triúr, agus bíonn cuma lucht díolta carranna athláimhe ar urlabhraithe Shinn Féin bunús an ama agus iad faoi agallamh faoin chás.

Ó, agus na gunnaí a fuair na Provies ón Rúis. Na gunnaí nach raibh a fhios ag an PSNI fúthu ach a raibh scéal sa Daily Telegraph mar gheall orthu. Ar a laghad, níor chreid David Trimble an ceann sin.

Ach tá Trimble ag déanamh dochair ar dhóigheanna eile. Dúirt ceannaire an UUP go mbeadh cibé maitheas a chothaigh an dara beart díchoimisiúnaithe curtha ó mhaith dá mb’fhíor do na líomhaintí thuasluaite. Anois tá focal úr a thosaíonn le D ag bagairt bac a chur ar an phróiseas achrannach síochána - disbandment.

Tá Trimble agus Jeffery Donaldson ag ceol an amhráin chéanna - caithfidh an IRA scor má tá aon dul chun cinn le déanamh. Ba cheart Bairbre de Brún agus Martin McGuinness a ruaigeadh as oifig láithreach, a deir Jeffrey.

Tá an chlann aontachtach ar an talamh ard in áit nach bhfeiceann siad a stair amhrasach féin ach a dtig leo breithiúnas a thabhairt ar dhaoine eile, breithiúnas bunaithe ar fhianaise nach ann di, nó nach ann di go fóill, ar a laghad.

Dúshraith an-solúbtha

Cad é an cuspóir atá ag an UUP? Tógadh an próiseas síochána seo ar dhúshraith an-solúbtha ó thaobh moráltachta de. Dá mbeadh achan rud foirfe, dá gcuirfeá ceist ar aon duine ar cheart go mbeadh paramílitigh armtha i mbun gnímh, déarfadh siad nár cheart.

Ach caithfidh muid toiseacht ón áit ina bhfuil muid. Ní scoirfidh an IRA go dtí go bhfuil ceann scríbe polaitiúil - é éiginnte faoi láthair - bainte amach.

dul chun cinn féideartha Shinn Féin ó dheas - ainneoin go bhfuil go leor hype ag baint leis - ag cur eagla ar eite dheas na Breataine agus na hÉireann. Sin an fáth go bhfuil na líomhaintí is amaidí ag teacht amach. Ach caithfidh Sinn Féin an fhírinne iomlán a inse maidir leis an Cholóim - tá todhchaí phróiseas na síochána ag brath air.

Agus, má éiríonn leis na Sinn Féinithe go leor suíochán a bhaint, is mó an seans go scoirfear an IRA san am atá amach romhainn. Ní bhainfidh David Trimble agus Jeffrey Donaldson an aidhm sin amach choíche.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.