Tá líon na n-inimirceach mídhleathach san Iodáil ag méadú go mór ach measann Roberta Stefan nach bhfuil an toil pholaitiúil ann chun dul i ngleic leis an cheist seo.
Bhí mé ar mo shlí abhaile ó lár chathair Milano roinnt míonna ó shin. Bhí an bus ag cur thar maoil le daoine mar go raibh sé tar éis a sé tráthnona. Bhí ort daoine a bhrú ar leataobh chun dul ar an bhus nó tuirlingt uaidh. B’éigean dom féin mo bhealach a dhingeadh trí na daoine le mo thicéad a dhéanamh bailí. Thug mé faoi deara go tobann gur mise an t-aon duine de shliocht Iodálach a bhí ar an bhus - ba dhaoine ón Afraic, ón Áis agus ó oirthear na hEorpa an dream eile ar fad. Bhí go leor teangacha éagsúla á labhairt ar an bhus seo agus is cinnte go rachadh sé dian ar chuid de na daoine labhairt liom i mo theanga dhúchais. Bhraith mé mar bhall de ghrúpa mionlaigh i mo chathair féin.
Tá fadhb na hinimirce mídhleathaí linn fós san Iodáil agus ag dul in olcas le himeacht aimsire. Tagann daoine ó thíortha de chuid na Meánmhara, mar shampla an Albáin, limistéar na hiar-Iúgslaive agus tuaisceart na hAfraice, ag súil go bhfaighidh siad fostaíocht agus saol níos fearr dóibh féin agus dá gclann. Fágann siad a dtír féin go hiondúil i longa nach mbíonn muiracmhainneach, iad ar a mbealach go cósta theas na hIodáile.
Bíonn fáil acu ar stáisiún náisiúnta teilifíse na tíre seo, Radio Televisione Italiana, ina dtír dhúchais agus cruthaítear íomhá ina n-intinn nach bhfuil fírinneach den Iodáil mar áit shaibhir ar féidir leat do shaibhreas a dhéanamh go furasta inti. Bíonn daoine gan scrupall ina dtír féin a fhéachann le treisiú a dhéanamh ar an íomhá bhréagach seo; ligeann siad seo orthu féin go bhfuil teagmhálacha maithe acu san Iodáil, gur féidir leo lóistín agus post maith a eagrú don té ar mian leis dul ansin, agus baineann siad formhór an airgid a bhí sábháilte acu don turas dá n-íospartaigh. Is minic nach dtuigeann na daoine bochta seo cad é atá i ndán dóibh, go mbeidh siad ag dul trasna na mara i long atá dainséarach agus go mbeidh coinníollacha sláintíochta go dona ar fad le linn an turais.
Is minic a bhíonn ar an Capitaneria di Porto (póilíní teorann na mara) teacht i dtarrtháil ar na daoine seo de bharr go mbíonn siad i mbaol a mbáite. Tuigeann na coirpigh a eagraíonn na turais seo an chontúirt atá i gceist agus déanann siad iarracht dallamullóg a chur ar na daoine bochta a bhfuil siad ag teacht i dtír orthu trí dhul ar bord iad féin ag tús an turais. Ansin, chomh luath is a bhíonn siad in uiscí na hIodáile, léimeann siad isteach i mótarbhád a bhíonn ag fanacht leo agus as go brách leo abhaile. Fágtar an long gan éinne le hí a sheoladh agus go minic in uiscí contúirteacha. Tuigeann na caimiléirí seo nach bhfaigheadh siad féin cead dul i dtír go deo san Iodáil ach nach féidir leis an Capitaneria di Porto cuidiú a dhiúltú do na daoine eile ar an long.
Eachtraí
Tharla roinnt eachtraí le cúpla mí anuas a bhí i mbéal an phobail anseo san Iodáil. Ar an 7 Marta, mar shampla, chuaigh long go tóin poill ó dheas ón tSicil in aimsir dhoineanta agus bádh suas le trí scór duine. Agus deich lá ina dhiaidh sin thángthas ar long darbh ainm Monica sa cheantar céanna ar a raibh an líon is mó inimirceach a gabhadh ag an am amháin riamh agus iad ag iarraidh teacht isteach sa tír go mídhleathach. 928 duine ar fad a bhí ar an long, ina measc 361 páiste. Coirdínigh ab ea iad a tháinig ón Tuirc.
Rugadh leanbh do dhuine de phaisinéirí na loinge sular bhain siad tír mór amach. Is minic a fhágann mná a dtír féin agus iad ag iompar clainne sa dóigh is go saolófar an leanbh san Iodáil agus nach mbeifear in ann iad a sheoladh abhaile dá bharr.
Tá roinnt mhaith ionad coinneála bunaithe le lóistín a chur ar fáil do na teifigh seo. Cothaítear iad agus tugtar cóir leighis dóibh nuair is gá. Nuair a éiríonn leo an Iodáil a shroichint bíonn a sprioc bainte amach acu agus glacann sé achar fada ama iad a chur ar ais chuig an tír as ar tháinig siad.
Ag deireadh na míosa seo caite, d’fhág cairteitleán Torino ar a raibh líon mór Nigéarach a bhíothas ag cur ar ais abhaile agus a raibh roinnt mhaith coireanna tromchúiseacha curtha ina leith. Go minic, teitheann daoine tar éis dóibh teacht i dtír agus tugann aghaidh de ghnáth ar thuaisceart na tíre de bharr go bhfuil deiseanna níos fearr ar fáil ansin. Éiríonn leo siúd a mbíonn an t-ádh orthu postanna a fháil mar fhreastalaithe, ghlantóirí, fhairtheoirí leanaí, ag tabhairt aire do sheandaoine nó ag obair sna monarchana i Veneto, réigiún saibhir san oirthuaisceart.
Iad siúd nach mbíonn an t-ádh céanna orthu, súitear isteach i dtionscal an ghnéis iad nó i mangaireacht drugaí. Uaireanta díoltar ar suas le €12,000 iad le máistir striapach a dhéanann bagairt go minic a dteaghlach sa bhaile a mharú má dhiúltaíonn siad comhoibriú.
Saothraíonn smuigléirí teacht isteach éadálach ón striapachas. Cuireann an dúshaothrú a dhéantar ar mhná, ar fhir agus ar pháistí i dtionscal an ghnéis ioncam rialta ar fáil dóibh. Bíonn go leor de na hinimircigh ag obair go fadtéarmach mar sclábhaithe gnéis, agus ní éiríonn leo go leor airgid a shaothrú le cur ar a gcumas saol níos fearr a bheith acu. San oíche, bíonn cathracha móra mar Milano agus Torino breac le striapacha agus le trasghnéasaigh leathnochta, iad ina seasamh ar thaobh na sráide ag lorg custaiméirí.
Is minic a chothaíonn a gcuid máistrí andúil sna drugaí iontu nó a ndéanann siad ionsaithe gnéis orthu le hiad a ullmhú don striapachas.
Tá daoine eile ann, áfach, a bhíonn le feiceáil uaireanta ar chláracha cúrsaí reatha ar an teilifís a deir gur rud sealadach ina saol atá sa striapachas. Teastaíonn uathu go leor airgid a dhéanamh anois sa dóigh is go mbeidh níos mó seasmhachta acu sa todhchaí. Tuigeann siad nach mbeidh sé éasca acu post a fháil de bharr nach ón Aontas Eorpach iad (bíonn sé níos deacra fós i gcás na dtrasghnéasach).
Ag éileamh airgid
Ar fud na gcathracha móra bíonn inimircigh ina seasamh ag soilse tráchta ag glanadh gaothscáthanna na gcarranna a bhíonn stoptha ansin agus ag éileamh airgid as an obair seo a dhéanamh. Ní thugann siad aon aird ort má deir tú nach bhfuil an tseirbhís seo uait. Uaireanta ionsaíonn siad daoine a dhiúltaíonn airgead a thabhairt dóibh agus is minic fosta a bhíonn argóintí fíochmhara acu le daoine.
Tá dlíthe go leor san Iodáil ag baint leis an inimirce ach níl an toil ann iad a chur i bhfeidhm: tá bá ag go leor den phobal le lucht na hinimirce agus, i gcás na bpolaiteoirí, tá go leor le gnóthú acu as neamhaird a thabhairt ar na dlíthe seo. Sa tuaisceart go háirithe tá géarghá le daoine a dhéanfaidh obair ar phá íseal sna monarchana agus is réiteach breá saor ar an fhadhb iad na hinimircigh. Feictear é mar bhuntáiste iad a bheith mídhleathach mar nach gá aon chánacha a íoc ar a son. Is acmhainn an-luachmhar iad na hinimiricigh don gheilleagar mar go bhfuil siad sásta an obair shuarach sin a dhéanamh nach bhfuil rótharraingteach do na hIodálaigh níos mó. Tá ráta an-íseal beireatais san Iodáil anois agus nuair a bhíonn sé sin amhlaidh i dtír mealltar daoine ó thíortha a bhfuil daonra ró-ard iontu.
Tá na hinimircigh ag teacht ó réimse leathan tíortha faoi láthair, rud a chiallaíonn nach bhfuil cine amháin ag méadú as cuimse sa tír. Ní bhraitheann na hIodálaigh bagairt rómhór go fóill ach d’fhéadfadh sin athrú sa todhchaí.
Níl formhór na ngnáthdhaoine sa tír seo i gcoinne na n-imirceach, go háirithe nuair a dhéanann siad iarracht páirt ghníomhach a bheith acu sa tsochaí. Ar an drochuair, ní i gcónaí a tharlaíonn sé sin. Nuair a bhíonn daoine go mór faoi mhíbhuntáiste agus beo ar an ghannchuid, is minic a théann siad i dtuilleamaí na coireachta agus tá sé seo amhlaidh i gcás na nAlbánach go háirithe, a bhfuil a mafia gach pioc chomh dainséarach leis an cheann dúchasach Iodálach.
Tá go leor de na hinimircigh ag tarraingt ar an Iodáil de bharr nach bhfuiltear ag cur na ndlíthe maidir le hinimirce i bhfeidhm ar dhóigh dhocht agus feiceann siad an tír mar dhroichead go dtí tír eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
Tá ceist seo na hinimirce ina cnámh spáirne i measc na bpolaiteoirí, mar a bheifeá ag súil. Tá an eite chlé ag tacú go láidir leis na hinimircigh, ag iarraidh go mbronnfaí cearta áirithe orthu (an cead vóta a chaitheamh, mar shampla) agus ag léiriú an-bhá leo. Is mian leosan go mbeadh an Iodáil ina sochaí ilchultúrtha. Táthar i gcónaí ag cur i leith na heite deise go bhfuil siad ciníoch de bharr gur mian leo go mbeadh polasaithe inimirce i bhfad níos déine i gceist a choinneodh smacht ar an líon daoine a bheadh ag teacht chun na tíre agus a chinnteodh go mbeadh saol ceart acu siúd a dtabharfaí cead dóibh lonnú go buan sa tír.
Is múinteoir Béarla i Milano na hIodáile í Roberta Stefan. Chríochnaigh sí tráchtas ar mhúineadh na Gaeilge in Éirinn i mí na Nollag 2000.