Beidh an cheolchoirm is mó a bhí acu go dtí seo in Éirinn ag Rodrigo agus Gabriela as Meicsiceo an mhí seo i mBaile Átha Cliath. Mhínigh siad d’Úna Nic Gabhann cad é a thug go dtí an taobh seo den domhan iad.
Tá Rodrigo agus Gabriela ag tabhairt aghaidhe ar Vicar Street, an t-ionad ceoil i lár chathair Bhaile Átha Cliath, an mhí seo agus ag fágáil Shráid Ghrafton ina ndiaidh. Ceoltóirí óga fuinniúla iad an bheirt seo a d’fhág a dtír dhúchais ghrianmhar, Meicsiceo, trí bliana ó shin le cur fúthu in Éirinn. Bhain siad clú agus cáil amach ar Shráid Ghrafton ag seinm ceol bríomhar rithimeach Laidineach agus anois tá an cheolchoirm mhór seo ar na bacáin acu.
Chas mé le Rodrigo agus Gabriela i gcaife i lár na cathrach ag deireadh mhí an Aibreáin agus is fíor a raibh cloiste agam mar gheall orthu. Daoine iontach gnaíúil, cairdiúil atá iontu gan dabht, gan aon éirí in airde ag baint leo. Iad beirt ag ithe sceallóg go sásta le chéile agus toilteanach fosta iad a roinnt liomsa nuair a bhain mé an áit amach.
Cad chuige ar chinn siad ar Mheicsiceo a thréigean agus teacht go hÉirinn fhliuch ghruama? Thosaigh siad ag tús an scéil, nuair a thosaigh siad beirt ag seinm le chéile i gcathair Mheicsiceo i 1994. Bhí siad ina mbaill de rocghrúpa an tráth sin, ach níor bhraith siad ar an cheol amháin le hairgead a shaothrú. Bhí Gabriela ag obair in oifig ach bhí dubhfhuath aici ar an obair a bhí ar bun aici. Dá dheasca sin, d’éirigh sí as a post le díriú ar an cheol amháin agus le bogadh ó dheas ar thóir na gréine agus na farraige, go dtí “tránna áille agus bia blasta”.
Luigh siad isteach ar an cheol a sheinm i mbaile beag darb ainm Zihuantaneja i gContae Guerrero i ndeisceart Mheicsiceo. Ní ag seinm ar ghiotáir leictreacha a bhí siad anois ach ar ghiotáir níolón-téadacha. D’éirigh go maith leo sa cheantar ó thaobh an cheoil de. Ní raibh oiread cineálacha ceoil le cloisteáil ansin is a bhí i gcathair Mheicsiceo, a deir Gabriela, agus tugadh níos mó airde orthusan dá bharr sin.
Múscailt spéise
Creid é nó ná creid, is iad na Corrs ba chúis leis an bheirt a theacht go hÉirinn. Níl siad ag maíomh gur spreag ceol na Corrs iad le teacht (buíochas mór le Dia) ach chonaic siad an grúpa sin ar chlár teilifíse maidin amháin agus leag siad súil ar bhodhrán den chéad uair. Músclaíodh a spéis in Éirinn agus i ndiaidh dóibh labhairt le cúpla duine faoin tír, tháinig siad go Baile Átha Cliath. Gan focal Béarla acu agus gan pingin rua ina bpócaí (i ndiaidh seachtaine sa chathair chostasach seo) thosaigh siad ag fánseinm ar Shráid Ghrafton.
Deir siad go bhfuil na píosaí ceoil ar an albam "Foc" a d’eisigh siad anuraidh ag gabháil buíochais leis na daoine a casadh orthu agus ag ceiliúradh na n-eachtraí a bhain dóibh le linn a gcuid taistil. Is albam ilchultúrtha é le teidil na bpíosaí i Spáinnis, Danmhairgis, Catalóinis agus i mBéarla, teangacha na as na tíortha ar fad ar chaith siad seal iontu ó bhog siad go dtí an Eoraip.
Nuair a chonaic siad an tinteán i gcúinne a n-árasáin bhrócaigh i Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath i dtús báire bhí siad den bharúil gur ornáid a bhí ann. Ach tháinig an geimhreadh fuar agus, de bhrí nach raibh a fhios acu an dóigh leis an tine a lasadh, bhailigh siad leo go dtí an Danmhairg. I ndiaidh na Danmhairge thug siad aghaidh ar an Spáinn. D’fhoghlaim siad neart ag bualadh ar na sráideanna sa Danmhairg agus i gclubanna sa Spáinn. Tá moladh mór acu d’ardchaighdeán na gceoltóirí sráide sa Danmhairg agus deir go bhfuair siad faoiseamh teanga sa Spáinn, áit a ndearna siad roinnt gigeanna i mBarcelona.
Ag seinm faoin aer
Cad é a shíleann siad de bheith ag seinm amuigh faoin aer ar na sráideanna?
" Foghlaimíonn tú an dóigh le d’intinn a dhíriú ar an cheol, " a deir Rodrigo. " Sin an áit a dtosaíonn an t-ullmhúchán do ghig. " Ní hionann é agus a bheith ag seinm i gcaife nó i gclub cionn is go stopann daoine go speisialta le héisteacht leis an cheol. "Tá sé i bhfad níos fearr beirt nó triúr a bheith ag féachaint ort agus suim acu sa cheol. Fanann daoine le bheith ag féachaint orainn mar go dteastaíonn uathu an ceol a chloisteáil. " Is féidir a lán airgid a shaothrú ag fánseinm a deir siad, meangadh beag gáire ar a n-aghaidh, gan iad sásta aon rún a scaoileadh faoin mhéid a shaothraíodh siad.
Is léir fosta go bhfuil siad sona sásta a bheith ag caitheamh tamaill anseo. Cuireann sé iontas orthu beirt go bhfuil an oiread sin suime ag muintir na hÉireann, agus go háirithe ag na daoine óga, sa chineál ceoil a sheinneann siad. Creideann siad go bhfuil na hÉireannaigh iontach leathanaigeanta maidir le ceol, rud a spreagann go mór iad. Ach ar an lámh eile tá sé pas beag níos deacra dóibh anseo in Éirinn de bharr go bhfuil siad mar chuid de scene leathan a bhfuil réimse fairsing ceoil ann, murab ionann agus i Meicsiceo áit a mbíodh siad ag seinm do dhaoine den chuid is mó a raibh dúil acu sa chineál ceoil atá acusan.
Chonaic mé Rodrigo agus Gabriela ag an chlub Gaeilge Sult cúpla mí ó shin agus tá mé ar bís le dul chuig an cheolchoirm a bheas acu i Vicar Street ar an 10 Bealtaine. I ndiaidh uair an chloig iontach pléisiúrtha a chaitheamh ina gcuideachta, shiúil mé amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, ag tabhairt neamhairde ar an bháisteach mar go raibh teocht Mheicsiceo agus a bpearsantachta liom go fóill.
Is as Leitir Ceanainn i nDún na nGall í Úna Nic Gabhann. Tá sí tar éis céim MA sa Nua-Ghaeilge a chríochnú sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.