Tá suim ag na Gearmánaigh i gceol traidisiúnta na hÉireann le fada agus tá siad ag cur an-spéise sa Ghaeilge anois chomh maith, mar a mhíníonn Stiofán Ó Foghlú, Éireannach atá ag cur faoi i Frankfurt.
Tar éis dom tuirlingt ó thraein an Euro-City ar bhruach na Máine beagnach ceithre bliana ó shin, bhuail mé le a lán Gearmánach, agus a lán daoine ó thíortha eile leis atá ag cur fúthu anseo, nach bhfuil tada is fearr leo a dhéanamh ná bualadh isteach i dteach tábhairne seachtain i ndiaidh seachtaine agus ceol traidisiúnta na hÉireann a sheinm nó rincí seite a dhéanamh. Ba léir dom go raibh suim mhór i gcultúir pobal, b’fhéidir mar fhaoiseamh de shaghas éigin ó chultúr idirnáisiunta an ábharachais.
Sna seachtóidí thit athbheochan mhór ceoil tíre amach sa Ghearmáin. Is mór an tionchar a bhí - agus atá fós - ag ceoltóirí ar nós Andy Irvine, Luke Kelly, Na Clancys agus Ronnie Drew ar mhéid agus ar neart na suime sin. Bunaíodh cumann píobairí uilleann don chúpla céad ceoltóir a bhí gníomhach sa Ghearmáin ag an am agus bíonn ceithre thionóil sa bhliain ar siúl acu go dtí an lá atá inniu ann.
Sna nóchaidí, le teacht chun cinn seónna ar nós Riverdance ar an ardán idirnáisiúnta, spreagadh suim an phobail anseo sa chultúr Gaelach den dara huair. Taobh istigh d’uair tiomána ó Frankfurt na Máine oíche ar bith den tseachtain, is féidir leat bualadh le cúpla céad duine i mbun rincí steipe, seiteanna nó céilí. Gearmánaigh de ghnáth a bhíonn i gceist, ach bíonn mionlach mór ó thíortha eile san Eoraip agus ó na Stáit Aontaithe ann chomh maith.
Ag an am céanna, tá Éire i gcónaí chun tosaigh sa nuacht ó thaobh cúrsaí reatha de agus mar cheann scríbe do laethanta saoire. Cuid mhór de na Gearmánaigh a théann ar saoire go hÉirinn, is daoine sna réimsí thuas iad cheana féin: ceoltóirí nó damhsóirí gníomhacha. Glacann cuid mhór díobh páirt i bhféilte nó i scoileanna ar nós Willie Clancy, Frankie Kennedy nó An Shindig. Is beag an chéim idir port a sheinnt nó rince a dhamhsa agus oidhreacht na teanga Gaeilge atá taobh thiar den chultúr a thabhairt faoi deara. Fiú an “isteach-2-3, amach-2-3” a chloistear ag céilí ar bith, bíonn tionchar aige.
Dearcann na cuairteoirí seo ar na comharthaí bóthair agus áitainmneacha scríofa orthu. Ní fada go dtuigeann siad gurb ionann "baile" sa Ghaeilge agus "-heim" sa Ghearmáinis. Agus is dóigh liomsa gurb é a leithéid de thaithí a spreag an tríú babhta suime i gcultúr na hÉireann anseo sa Ghearmáin: daoine gur mian leo an Ghaeilge a labhairt le chéile.
Cumann deonach
Sin ábhar tábhachtach dúinne i gCumann Gearmánach-Éireannach Rhéin-Máin (DIGRM ón leagan Gearmánach), cumann deonach cultúrtha a bunaíodh anseo cúpla bliain ó shin agus atá aitheanta ag an Stát ó mhí Dheireadh Fómhair 2001 i leith. Is iad aidhmeanna DIGRM ná cultúr traidisiúnta na hÉireann a chur chun cinn agus a chur os comhair réimse leathan den phobal sa Ghearmáin, go mór mór i Frankfurt, chomh maith le himeachtaí cultúrtha a reáchtáil do na baill.
Go dtí seo, bhí dhá scoil bhliantúla deireadh seachtaine ar siúl againn, Gaelfest ón leagan Gaeilge-Gearmáinise. Sin iad seo na féilte Éireannacha is mó atá le fáil sa Ghearmáin i lathair na huaire, le breis is 100 duine ag glacadh páirte i gceardlanna ceoil, damhsa agus teanga. Ar ndóigh, bíonn céilithe agus a lán seisiún ar siúl ann chomh maith.
Taobh amuigh de sin, bhí trí cheardlann deireadh seachtaine sa Ghaeilge ar siúl againn, agus is amhlaidh go bhfuil ainm de shaghas againn dá mbarr: chláraigh beagnach 60 duine don cheardlann deireadh seachtaine a bhí ar siúl ag tús mhí na Nollag 2001. Ní raibh áiseanna go leor againn ach do 30 duine, áfach, agus sin amháin trí thacaíocht Oideas Gael i nDún na nGall. Gearmánaigh ab ea formhór na rannpháirtithe, ach bhí cúpla Éireannach ina measc atá ag cur fúthu i Frankfurt le fada agus ar mhian leo cleachtadh a dhéanamh ar an méid a d’fhoghlaim siad na blianta ó shin agus iad ar scoil. Tháinig roinnt de na rannpháirtithe ón gceantar áitiúil ach thaistil roinnt díobh ó chathracha i bhfad uainn ar nós Nurnberg.
Ba iad Caitríona Nic Ainmhire as Contae Dhoire agus Marcus Metz as Nauheim ("Baile Nua "!) in aice le Frankfurt a stiúraigh an bunchúrsa seo - ní nach hionadh go raibh béim ar chanúint Uladh sa chúrsa! Sin an chanúint atá ag Caitríona agus ba i dTír Chonaill a d’fhoghlaim Marcus a chuid Gaeilge. Bhí na rannpháirtithe an-díograiseach agus bhain siad an-chraic as an gcúrsa. Gheall a bhformhór go bhfreastalóidís ar an gcéad chúrsa eile a bheadh ar siúl againn.
Úsáid na teicneolaíochta
Chabhraigh an ríomhphost agus an t-idirlíon go mór linn an cúrsa a fhógairt: an lá i ndiaidh scaipeadh ríomhirise ar an 4,000 duine atá mar bhaill againn, léim líon na gcuairteoirí chuig suíomh gréasáin an DIGRM (www.digrm.de) breis is 25% i gcomparáid leis an ngnáth-thrácht laethúil.
Mar chuid den dara "Frankfurter irische Woche ", Seachtain na Gaeilge ag an DIGRM i rith an Mhárta i mbliana, bhí an ceathrú cúrsa Gaeilge ar siúl againn, ar an 9 agus 10 Márta. Cúrsa meánleibhéil a bhí ann, dírithe orthu siúd a d’fhreastail ar cheann cheana féin.
Sa todhchaí, má léiríonn na fíricí dúinn go bhfuil éileamh ann cúrsaí mar seo a chur ar siúl go rialta, beimid thar a bheith sásta é sin a dhéanamh. Ba mhór an trua é dá mbeadh orainn, cumann deonach le teacht isteach an-bheag sa bhliain, daoine a chur ó dhoras de bharr easpa áiseanna. Táimid ag súil le tuilleadh tacaíochta ó na heagraíochtaí Stáit agus deonacha in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn. Ní na mílte euroanna atá i gceist, ach is mór an dífríocht a dhéanann cúpla céad agus cúrsa á chur ar fáil.
Tús beag atá ann, b’fhéidir, ach tosnú tábhachtach, is dóigh linn. Beidh an bunchúrsa ag DIGRM déanta ag breis is 100 duine gan mhoill. Ní chuirfeadh sé aon ionadh orm dul chuig preasócáid i mBanc Ceannais na Eorpa anseo i Frankfurt ceann de na laethanta seo agus fógra a fheiscint ag an doras: "Fáilte roimh ghnó trí Ghaeilge! "
Is as Cathair Chorcaí Stiofán Ó Foghlú. Tá sé in earnáil na teicneolaíochta i Frankfurt.