CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Féile Chois Cuain, 3 - 6 Bealtaine
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Reáchtáiltear neart féilte le linn dheireadh seachtaine fada thús mhí na Bealtaine gach bliain ach measann Antaine Ó Faracháin go mbeadh sé deacair Féile Chois Cuain, a bhíonn ar siúl i gCluain Cearbán, Contae Mhaigh Eo, a shárú.

Íomhá

Ar an gcéad deireadh seachtaine de Bhealtaine gach bliain, bíonn féilte ceoil ag tarlú ar fud na hÉireann ar fad nach mór. Uaireanta bíonn sé deacair d’intinn a dhéanamh suas cén áit ar cheart duit dul. Ach tá ceann amháin ar an gcósta thiar i gContae álainn Mhaigh Eo a bhíonn an-taitneamhach ar fad i gcónaí, Féile Chois Cuain a bhíonn ar siúl i mbaile beag deas darb ainm Cluain Cearbán.

Féile bheag phearsanta a bhíonn ar siúl i gCluain Cearbán, le scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí. Is cuimhneach liom an chéad bhliain a ndeachaigh mé ann agus an chéad uair a bhuail mé le ceoltóir áitiúil darb ainm Séamus Heneghan. Boscadóir den chéad scoth é Séamus a mbíonn ceol álainn ar fad ag sileadh amach as. Agus duine chomh deas is a bhfaca tú riamh!

Thit mé i ngrá lena chuid ceoil láithreach agus leis an duine féin ar ndóigh agus chaith mé an deireadh seachtaine ar fad ina chomhluadar séimh, suáilceach.

Bhí oíche airneáin ann ceann de na hoícheanta, agus ba muide an bheirt dheireanach a d’fhág an chistineach fháiltiúil sin le dul abhaile ag leathuair tar éis a seacht ar maidin! Agus ar ndóigh cé a bhí ar an gcéad bheirt a shroich an baile an lá dár gcionn le haghaidh tuilleadh den scléip chéanna? Sea go deimhin, an bheirt cheannann chéanna!

As áit darb ainm Bun Dorcha do Shéamus, cúpla míle taobh amuigh de Chluain Cearbán, áit atá luaite san amhrán "Bruach na Carra Léith":

Is chuala mé a Bhideoigín go raibh do chleamhnas réidh, Le Búrcach as Bun Dorcha, is go deimhin ní maith liom é. Grá mo chroí thú ó thaobh go taobh, a stóirín fan a’am féin, Mar níl aige ach siopa dramannach ar Bhruach na Carra Léith.

Deir Séamus liom go bhfuil a leithéid d’áit ann agus An Charraig Liath sa gceantar sin agus go mbíodh Búrcaigh ann agus go mbíodh síbín ann freisin (an siopa dramannach sin atá luaite san amhrán?).

Féile na bliana seo

Ach ar aon chuma, is cosúil go mbeidh féile na bliana seo chomh maith céanna is a bhí aon bhliain roimhe seo (agus bhí seacht gcinn acu ann), le scoth na gceoltóirí, scoth na bhfonnadóirí agus scoth an chomhluadair ann. Beidh ceardlanna ar siúl ar an Satharn le Patricia Flynn ón Mullach Bán i gContae Ard Mhacha ag múineadh bailéidí, Joe John Mac an Iomaire ag múineadh amhrán ar an sean-nós, Colm Regan ar an gcairdín, Antóin Mac Gabhann ar an bhfidil, Troy Bannon ar an bhfeadóg mhór, Adrian Ó Brádaigh ar an bhfeadóg stáin agus rang ginearálta ceoil le Nóirín Ní Ghrádaigh.

Beidh ceardlann seiteanna ann freisin le Tony Ryan agus seisiún amhránaíochta ar an sean-nós le Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, Cáit Nic Suibhne, Sorcha Ní Chéilleachair, Joe John Mac an Iomaire, Síle Ní Mhongáin agus Traolach Ó Conghaile. Oíche Shathairn beidh ceolchoirm mhór ann agus ar an Domhnach ócáid speisialta ar a dtugann siad "Laochra an Cheoil" ina mbeidh laochra ar nós Paddy Fahy, Frank Gavigan, Kitty Hayes, Peter Horan, Paddy Mills, Jimmy Mullins, Joe Ryan, Johnny O’Toole agus Micil Quinn le cloisteáil. Déarfainn féin gur ócáid an-speisialta ar fad a bheas ansin agus is deas an rud é a fheiceáil go bhfuil ómós á thaispeáint do cheoltóirí agus d’fhonnadóirí sinsearacha mar iad.

Bíonn seisiúin cheoil ag tarlú ar fud an bhaile thar an deireadh seachtaine agus fiú amháin amuigh ar na sráideanna agus tugann an fhéile seans maith do dhaoine óga an cheantair teacht faoi thionchar na gceoltóirí atá ar cuairt ann. Ach mura mbeadh aon chúis eile agat chun dul ann b’fhiú é chun bualadh le Séamus Heneghan amháin agus chun a bheith ag éisteacht lena chuid ceoil álainn réidh. Thabharfadh sé sin féin suimhneas duit, thar an deireadh seachtaine fada seo.

Mar sin, mar a déarfadh Raiftearaí:

Anois teacht an earraigh, beidh an lá ' dul chun síneadh Is tar éis na Féil’ Bríde ardóchad mo sheol, Ó chuir mé i mo cheann é, ní stopfaidh mé choíche, Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo.

Tuilleadh eolais:

Michael O’Grady (098) 66276/(087) 241-2511; feilechoiscuain95@eircom.net

Mairéad Staunton (098) 66141/ (087) 232-8460; maireads@anu.ie

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.