Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Áine Ní Dhíoraí ar Ghleann Fhinne i nGaeltacht Láir Dhún na nGall.
"Gleann Fhinne, Gleann Fhinne, Gleann Fhinne mo ghleann" mar a deir an t-amhrán a chum Padaí Mag Fhloinn, duine de bhunadh na háite.
Tá Gleann Fhinne suite i gcroílár an chontae, i dtrátha ocht míle ó Bhealach Féich agus deich míle ó na Gleanntaí. Ritheann abhainn na Finne fríd an ghleann seo atá ag síneadh aniar ó na Cruacha Gorma go dtí Alt na Péiste ar an taobh thoir, agus Cnoc na hAmaid agus na Sídhe Rothaí ar an taobh ó thuaidh. Ceantar álainn stairiúil, ceantar atá ar maothas le seanchas agus le comharthaí seandálaíochta.
Is cuid den Ghaeltacht Láir í nó Gaeltacht na gCnoc mar is fearr le muintir na háite a thabhairt uirthi. Níl ach leath den pharóiste sa Ghaeltacht Oifigiúil de réir na dteorainneacha atá leagtha amach, rud a chuireann brú breise ar an cheantar. Thart ar 1,300 duine atá ina gcónaí sa pharóiste uilig.
Stair
Ceantar an-ársa é Gleann Fhinne. Ba í Taobhóg Naofa a thug an creideamh go Gleann Fhinne nuair a thóg sí cill nó teach pobail ansin sa chúigiú haois. Tugtar Paróiste Chill Taobhóige ar an pharóiste. Ba de chlann Uí Dhuibheannaigh Taobhóg, bean a shíolraigh ó Mháine, mac Néill Naoi nGiallach. Bhí siad seo ina dtaoisigh ar réimse mór talún in oirthear Dhún na nGall. Ghlac siad leis an Chríostaíocht ó Naomh Pádraig féin. Bhronn an taoiseach cúig bhaile fearainn mar thailte eaglasta ar Thaobhóg - Coillte Fhearghail, An Clochán Mór, An Clochán Beag, An Bhrocach agus Leitir Bric. Bhí cill Thaobhóige ar bhruach abhainn na Finne. Tá reilig Chill Taobhóige in úsáid ansin go fóill. Tá ballóga le feiceáil ansin a bhí mar mhainistir ag Ord Naomh Proinsias sa cheathrú haois déag.
D’fhág Plandáil Uladh lorg ar Ghleann Fhinne. Bhronn Séamas I an talamh maith sa cheantar ar eachtrannaigh as an Bhreatain Bheag i 1609 agus tá a sliocht ann go fóill. Comharsanaigh maithe iad seo anois le fada an lá a fhaigheann ar aghaidh go maith leis na Gaeil, mar a thugtar go háitiúil ar na Caitlicigh.
Bhí fir as Gleann Fhinne ag Cath na Bóinne i 1690 nuair a bhuaigh Liam Oráiste ar arm an Rí Séamas II. Beirt a rinne ceann fir in arm Shéamais ab ea an Leifteanant Mánas Dubh Ó Scanláin agus a dheartháir, an Caiftín Seán. Ba as Baile na mBan i lár pharóiste Chill Taobhóige an bheirt sin agus tá a n-uaigheanna le feiceáil i reilig Chill Taobhóige go fóill.
In 1801 rugadh Isaac Butt, mac ministéara, i dTeach an Ghlebe ag taobh reilig Chill Taobhóige. Ba é Isaac Butt an fear a bhunaigh an páirtí Home Rule i bparlaimint Shasana. Tá cónaí i dTeach an Ghlebe go fóill.
D’fhág an Gorta Mór a lorg ar an cheantar, ar ndóigh. Bhí caisleán ag an Tiarna Charles Styles i nGleann Fhinne agus bhí sé fearúil leis na bochta, de réir an tseanchais.
Is beag duine i nDún na nGall nár chuala an t-amhrán " Johnston’s Motor Car”, a cumadh faoin éacht a rinneadh ag Droichead an Ríleáin i 1921. Bhí carr de dhíth ar an IRA le gunnaí agus baicle fear a thabhairt go dtí an Clochán Liath. Ní raibh aon charr san áit ach ceann a bhí ag an Dr Johnston. Le scéal fada a dhéanamh gearr, rinneadh luíochán ar an dochtúir agus tógadh an carr uaidh. Rinne an file Liam Mac Giolla Easpaig an t-amhran ina bhfuil na línte "You could hear the din going through Glenfin in Johnston’s Motor Car".
Tá Ionad Oidhreachta ar an Bhrocaigh ina bhfuil eolas agus iarsmaí den seansaol i dtaisce.
Tionsclaíocht
Is beag tionsclaíocht atá sa cheantar féin, amach ó thógálaithe tí agus dornán fear a bhfuil gnólachtaí beaga acu agus a thugann fostaíocht do bheagán. Bhí monarcha éadaí ar an Bhrocaigh sna seachtóidí ach níl a leithéid ann le fada. Is beag atá déanta ag Údarás na Gaeltachta don cheantar (nó a rinne Gaeltarra Éireann roimhe sin), go dtí seo ar scor ar bith.
Tógáil caorach an gléas beo atá ar mhórán sa cheantar, sin agus obair sna bailte móra máguaird, Bealach Féich agus Leitir Ceanainn.
An teanga
Is sa taobh thuaidh den pharóiste is mó a labhartar Gaeilge. Is dócha go mbeadh Gaeilge ag bunús leath na dteaghlach sa pharóiste ach, ar an drochuair, ní hí gnáth-theanga an teaghlaigh í acu uilig! Dhá bhunscoil atá sa pharóiste anois, Scoil an Choimín agus Scoil Ard Leathan.
Bhí coláiste Gaeilge sa pharóiste ó na seascaidí go dtí na nóchaidí agus reáchtáileann Oideas Gael cúrsa Gaeilge do dhaoine fásta anseo sa tsamhradh. D’fhreastail a Soilse, Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann ar chúrsa acu seo cúpla bliain ó shin.
Dhá shéipéal atá sa pharóiste agus is i nGaeilge a bhíonn na hAifrinn uilig i Séipéal Leitir Bric.
Ceantar Gaeltachta é Gleann Fhinne atá faoi bhrú i gcónaí ag an Bhéarla. Thig leat d’fhaoistin a dhéanamh i nGaeilge anseo go fóill ach ní hamhlaidh atá maidir le cúram leighis ná na seirbhísí riachtanacha eile. Faraor go gcaithfidh tú do ghnó a dhéanamh i mBéarla agus go dtí go dtig athrú air sin beidh Gaeltacht Ghleann Fhinne i mbaol.
Is as Gleann Fhinne ó dhúchas í Áine Ní Dhíoraí. Tá sí ag obair le Raidió na Gaeltachta i gCasla, Co na Gaillimhe. Is í Stiúrthóir Nuachta an stáisiúin.