Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: obair fhisiciúil.
Tháinig Pickfords agus lán leoraí bocsaí leo inniu. Bhí an oiread sin acu ann gurbh ionnach gur chaill an fhoireann uchtach ag amharc orthu.
“Go bhfóire Dia orainn má tá siad siúd uilig le líonadh againn,” arsa Bríd le Tomás. “Beidh an droim síos linn roimh dheireadh an lae.”
Bhí Áine ina seasamh ag an doras ag amharc i ndiaidh an phánaí fir a bhí i ndiaidh na bocsaí a thabhairt aníos an staighre. Bhí sé ina mheilleoga feola agus chuir sé a sáith iontais uirthi go raibh sé ábalta an cineál seo oibre a dhéanamh ar chor ar bith.
“Seo,” arsa Tomás, “ná bígí in bhur seasamh ansin ag amharc uaibh. Cromaigí ar an obair.”
Thug Tomás agus Áine faoi na bocsaí agus ní raibh siad i bhfad ag dul dó gur lig Áine scread.
“Cad é atá ag ort anois?” arsa Tomás.
“Gabhadh mo mhéar idir an dhá chrata,” arsa Áine.
“Cá bhfuil go bhfeice mé,” arsa Tomás. “Orú, cuirfidh mé geall nach bhfuil ann ach liomóg. Mairfidh tú lá eile.”
Ní leathshásta a bhí Áine ach níor dhúirt sí focal.
“Scrios fia air,” arsa Áine léi féin. “Ionnach nár bhain sé an mhéar domh. Ní fhaca mé duine chomh aingiallta leis ariamh. Dá stróicfeadh sé leis agus mé a fhágáil ina cheann dhéanfainn féin gnaithe breá.”
Bhí Áine ag coinneáil súil mhaith ar Bhríd nó bhí a fhios aici gur tóiteag bheag fhalsa a bhí inti. Ní dheachaigh Bríd agus an obair le chéile ariamh.
“A Bhríd,” arsa Áine, “an bhfuil an trioc sin uilig sa tseomra cúil curtha sna bocsaí go fóill?”
“Níl fágtha ach cúpla rud anois,” arsa Bríd.
“Gabh aníos anseo nuair atá sin déanta, agus cuidigh le Tomás,” arsa Áine.
Is tur an fháilte a fuair sin. Níor lú ar Bhríd an diabhal nó a bheith ag obair le Tomás. Ní raibh aige ach béal bán agus plásaíocht. Bheadh sí bodhar ag éisteacht leis. Ach fán am a dtáinig Bríd ar Thomás bhí dhá chuid á dhéanamh den fhocal ina bhéal leis an smeacharnaigh.
“I ngeall ar Dhia,” arsa Áine, “suigh fút tamall. Nach bhfuil spút chéille agat ag iompar na mbocsaí troma sin leat féin?”
“Ní bheidh mé i bhfad ag teacht chugam féin anois nuair atá rúplach mná cosúil leat féin agam,” arsa Tomás.
Lig Bríd osna agus lig Tomás air nár chuala sé í.
“Cé a chroch na pictiúracha sin?” arsa Bríd le Tomás. “Tá gach uile cheann ach ar sliú.”
“Níl a fhios agam,” arsa Tomás. “Tá siad mar sin ón chéad lá dar leag mé súil orthu. Caithfidh mé a rá nár chuir sé isteach nó amach orm ariamh.”
“Bhuel, féadann duine inteacht eile iad a chrochadh san oifig úr, nó ní lú orm an diabhal nó pictiúr atá ar fiar.”
“Ná buair thusa do cheann, a rún,” arsa Tomás. “Crochfar mar is ceart iad san oifig úr.”
Bhí cuid de na táblaí róleathan le cur fríd an doras agus b’éigean daofa cúpla uair a chaitheamh á mbaint as a chéile. Fágadh Tomás i mbun na hoibre seo.
“M’anam le Dia, mharódh sin beithíoch,” arsa Tomás. “Is mór an gar gur fear breá scafánta atá agat ina cheann.”
“Och, nach anuas as na flaithis a tháinig tú chugainn a Thomáis,” arsa Bríd. Tháinig Áine aníos an halla de rúid.
“Tá siad amuigh ansin anois agus iad ag iarraidh an leoraí a thabhairt isteach an geafta cúil. An bhfaca aon duine eochair a’ gheafta cúil?”
“Bhí muid á cuartach ar maidin ach níl bonn ná lorg uirthi. Féach an doirseoir, b’fhéidir go bhfuil ceann aigesean,” arsa Bríd.
D’imigh Áine léi ar thóir an doirseora.
Fán am sin bhí boscaí ag éirí thuas orthu. Ní raibh órlach den urlár nach raibh bosca air.
“Seo,” arsa Tomás, “tá sé in am againn a dhul agus greim bí a fháil.”
“An bhfuil a fhios agat seo, ní shílim go bhfuil caitheamh mo chodach ionam, tá mé chomh tuirseach sin,” arsa Bríd.
“Siúil leat,” arsa Tomás. “Tiocfaidh do ghoile chugat nuair a chuirfear romhat an bia.”
“An bhfuil Áine ag teacht?” arsa Bríd. “Déan búireach léi. Tá sí thíos ansin ag bun an halla.”
“A Áine, an bhfuil tú ag teacht linn fá choinne greim bí?” arsa Bríd.
“Stróicigí shibhse libh,” arsa Áine agus í ag coinneáil uirthi síos an halla.
“Cá bhfuil tusa ag dul?” arsa Bríd.
“Chomh fada le pilleadh arís,” arsa Áine.
“Bhuel, bíodh agat más sin mar atá,” arsa Bríd agus bhain sí féin agus Tomás giota dó.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.