THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Ólann mo Mhiúil as an nGainséis
Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock

Bhuaigh Gabriel Rosenstock turas timpeall an domhain do bheirt an bhliain seo caite. Chaith sé féin agus a bhean Eithne nach mór trí mhí ag taisteal agus thug siad cuairt ar shé thír éagsúla san Áis, i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas. Sa sliocht seo as leabhar atá á scríobh aige faoi na heachtraí a tharla dóibh le linn an turais, tá cur síos aige ar an tSeapáin, an tríú tír ar stop siad inti.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

An chéad alt sa tsraith

Cosc ar chlaimhte …

TÓstán Sakura (Bláthanna Silíní) i dTóiceo, an t-óstán is saoire sa chathair. Rialacha an tí á léamh againn, leabhar toirtiúil, stíl lom ag an té a scríobh. Caithfear an Yukata a chaitheamh gach oíche - go háirithe má thánn tú ag dul amach sa phasáiste go dtí an cithfholcadán comónta. Saghas gúna fada is ea é. Cuireann sé cuma an tsamouri ormsa. Ní cheadaítear claíomh a thabhairt isteach san óstán leat. Réasúnta go leor, im thuairimse.

Tá cuireadh faighte againn ó fhoilsitheorí haiku avant-garde freastal ar ócáid chun a gcuid foilseachán a cheiliúradh ina dteannta. Daoine ag sléachtadh is ag umhlú faoi mar go raibh gach dara duine ina impire. Mo mháistir renku (saghas nascvéarsaíochta atá gaolmhar leis an haiku) i mo theannta, an tOllamh Shinku Fukuda - is ball mé de Chumann Renku Bhealach na Bó Finne, dála an scéil - agus ball eile den ghrúpa idirnáisiúnta renku, Fusako Matano, inár dteannta. Trí uair an chloig go leith de spéiceanna móra fada agus de haikunna beaga gearra as Seapáinis. Ár n-intinn ina glóthach. Iarrtar orm cúpla haiku a léamh ansin, as Gaoluinn agus as Seapáinis. Bia den chéad scoth ar fáil ag leath ama - sea is geall le cluiche leathcheannais haiku é seo ach nach bhfuilim in ann an scór a léamh. Bhí an slua thar a bheith foighneach go dtí an deireadh ach nuair a cuireadh clabhsúr ar chúrsaí cheapfá go raibh Murchadh na nDóiteán feicthe acu agus an fonn abhaile a bhí ar chách. Ban’ya Natsuishi ainm an té a d’eagraigh an ócáid agus de réir mar is féidir liom a dhéanamh amach, gach duine a labhair is á mholadh chun na spéartha a bhíodar. Tá na mílte clubanna haiku sa tSeapáin agus bíonn siad i ngleic lena chéile nó in adharca a chéile go minic. Go leor naimhde ag Ban’ya bocht, deirtear liom. File haiku is ea a bhean, leis. Ní neart go cur le chéile.

Traein faoi thalamh ar ais go dtí an t-óstáinín. Barracáidí ar an ardán nach n-osclaíonn go dtí go stopann an traein, ar eagla daoine ag tabhairt léim caorach sa duibheagán. Rialacha an óstáin á léamh arís agam. Ní ligfear isteach thú má tá tú ar do chaid nó má tá galar éigin lach ort. Deirtear leat cad is ceart a dhéanamh má bhíonn crith talún ann. Ach táim róbhéiteáilte chun a thuilleadh a léamh. Tá sé in am dul go dtí an mbinn bhán - buncleapacha.

TCaife an mhaidin dár gcionn agus is é a bhí ag teastáil. Nil ár ndóthain Seapáinise againn chun tósta a ordú - má tá a leithéid acu. Bímis ag faire amach cad a ordóidh an cleas eile. Go dtí seo níl ordaithe ag éinne ach caife. Cá bhfuil an leabhar nathanna cainte úsáideacha? Á, aimsím é: kondomu, sin coiscín. Ní hin atá uaim. (Plibín rubair an Ghráigis a chuala air sin sula raibh an t-earra féin coitianta). Hanarero, bailigh leat. Níl gá leis sin ach an oiread, go fóill ar aon nós. Samhlaím má chuirim a bhfuil ar an dá leathanach seo de ghlan mheabhair go mbeidh meadhrán orm ina dhiaidh. Leagfaidh bus mé agus in áit, "Glaoigh ar dhochtúir " a rá - isha o yonde kudasai - go ndéarfaidh mé, "Coiscín le do thoil, gan siúcra " nó a leithéid sin. Ní dhéanfaidh sé cúis go deo.

100,000 bialann atá i dTóiceo, creid é nó ná creid agus an bhialann atá aimsithe againne tá an chuma ar an scéal nach bhfuil acu ach caife. Sa deireadh, tosnaím ar chomharthaí láimhe agus ar fhuaimeanna aisteacha a dhéanamh - ‘tósta’, ‘tóstú’, etc. Húrá. Tuigeann sí. Ceart go leor is tósta a fhaighimid - seachas bod míl mhóir nó a leithéid. B’fhearr dhom gan greann a bhaint as a leithéid. Cuid d’fhoclóir an chiníochais is ea an bia. Nuair a chuala muintir na hIndia go rabhamar ag dul chun na Seapáine bhí alltacht orthu - itheann na Seapánaigh an naga, an nathair dhiaga!

Timpeall an chúinne uainn tá brainse d’Arm an tSlánaithe, an t-arm is fearr a tháinig riamh as an mBreatain. Cuma an rachmais orthu. Ní shamhlóinn bacach bóthair ag cnagadh ar an doras acu.

Cúram an rí …

An té a bhíonn ina shuí, fuarfaidh a thóin. Ní seanfhocal é sin i dteanga ar bith - ní sa tSeapáinis ar aon nós mar i dtigh an asail aimsím cnaipe a théifidh suíochán an leithris duit. Cé a smaoineodh air - ach duine díomhaoin.

Braithimid saoirse éigin anseo, nó faoiseamh ba chirte dhom a rá, i ndiaidh anord na hIndia. Cuimhneoidh mé go deo ar an dtranglam tráchta in Rishikesh, mé teanntaithe istigh i dtacsaí trírothach; d’fhéachas amach agus cad dúirt tiománaí an ricseá in aice linn ach, "An bhfuil tacsaí uait, babu? " A Chníops, nach bhfeiceann tú gur i dtacsaí atá mé!

Más peaca a bheith buí …

Ní den chéanna iad muintir na Seapáine in aon chor, cuid acu crónbhuí, go leor eile acu agus iad chomh geal leis an lá.

Veain dubh i lár an tráchta agus gleo ard ag éalú as. Míle murdar, a bhuachaill. Cheapfá go raibh scata cearc á ndícheannú nó drochobair éigin ar siúl. Baineann na veaineanna dubha seo leis an uyoku, páirtithe agus eagraíochtaí na heite deise. Tugaim faoi ndeara nach bhfuil éinne ag tabhairt mórán airde orthu.

Scaothaireacht gan dochar a chraobhscaoileann siad: "Tugtar ómós don Impire! Bata is bóthar don Bharbarach! " Tá Banphrionsa na Seapáine ag súil le leanbh; sceitimíní ar an uyoku - ar gach éinne chun na fírinne a rá.

Chuamar amú níos mó ná uair amháin i stáisiún traenach Shinjuku trína ngluaiseann ceithre mhilliún duine sa lá, roinnt páistí scoile ina measc, páistí a fhreastalaíonn ar ranganna breise ar a trí a chlog ar maidin. Na créatúir.

Cupán caife againn. Duine os ár gcomhair amach agus a bhéal ar leathadh aige, ina chodladh go sámh. Dúisíonn sé de phreib. Seiceálann sé an bhfuil téacsteachtaireacht ar bith faighte aige le ceithre nóiméad anuas. Níl. Féachann sé ar a uaireadóir; am aige dreas codlata eile a dhéanamh.

Tugaim sracfhéachaint ar iris. Fógra suaithinseach ann. Grianghraf de lánúin óg Sheapánach agus iad ar bogshodar. Fear ard ag rith laistiar díobh, caipín baseball air, Meiriceánach, agus is é a deir an mana ná LEARN ENGLISH WHILE YOU RUN. Nach bhfuil sé in am ag Foras na Gaeilge smaoineamh ar chúpla seift den tsórt san? (Táim lándáiríre, a mhic-ó is a inion-ó).

Fonn orainn an nuacht a chlos. Cuirim bonn 100 yen isteach sa teilifíseán ach tar éis mo chuid trioblóide níl ach stáisiúin Sheapánacha ar fáil, plobairí ag iomrascáil lena chéile …

Ní baol duit dul amú i dTóiceo más i dtacsaí atá tú. Ní gá don tiománaí ach a mhapa leictreonach a chur ar siúl agus beidh do cheann scríbe le feiscint air chomh maith leis an mbóthar is saoráidí chun tú a thabhairt ann.

An sean agus an nua le feiscint i dTóiceo. Fear déanta cíoracha cuir i gcás, an teaghlach ag gabháilt den cheird chéanna le 15 glúin anuas. De bhoscadhmad iad na cíoracha seo. Ach an fada eile a leanfaidh an traidisiún sin? An tóir ar an Iartharachas millteach ar fad. Ar ndóigh, tá tóir áirithe ar an Oirthearachas sa Domhan Thiar, leis, ach ní dócha go mbuailfidh siad lena chéile go deo.

D’fhéadfá do shaol ar fad a chaitheamh i dtír ar bith thar lear agus fós ní thabharfá leat ach leath an scéil. Is treise dúchas ná oiliúint.

Is file é Gabriel Rosenstock agus eagarthóir leis an nGúm i mBaile Átha Cliath.

Foilseoidh Cló Iar-Chonnachta an leabhar as a bhfuil an sliocht thuas tógtha, *Ólann mo Mhiúil as an nGainséis, ag deireadh an tsamhraidh.*

Cuirfear críoch leis an tsraith seo an mhí seo chugainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.