AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Eiseamláirí an náisiúin: Bertie Bábánta agus Hannibal Ó Nuanáin
Balor Balor Balor

Tá Balor an-tógtha leis an spórt náisiúnta sin ar a dtugtar an tOlltoghchán.

Íomhá

Ba mhór an danaid é do Bhalor nócha duine bheith caite amach as a gcuid jabanna i dTír Chonaill ar na mallaibh. Nócha duine anois ar an ghannchuid ‘i nGí d’Ór’ mar a dúirt tuairisceoir RTÉ. Ní luaithe Leamh Ó Cuinneagáin ina Chathaoirleach ar Údarás na Galltachta ná Eastát Tionsclaíochta Ghí d’Ór bánaithe aige; muintir Ruibéar Mótair sportha spíonta, agus gan de leithscéal ag teacht ón Uascán Ó Cuinneagáin ach: " Níor chóir dóibh bheith ag déanamh mótar as ruibéar ar chor ar bith ar scor ar bith! Nach bhfuil a fhios ag an domhan mór gur as iarann a dhéantar mótair. Ach cén mhaith bheith ag caint le Gearmánaigh. Tá a fhios acu sin achan rud!"

"Nach Eorpaigh muid ar fad anois," a mhaígh an tEorpach Mór, Fat the Cóp, agus é ag iarraidh teacht i gcabhair ar na créatúirí cráite:" Má thagann an crú ar an tairne déanfaidh muid cinnte go gcruthófar spás fá choinne nócha duine eile i ngoirt phrátaí na hAlban. Mar a bhí ar dtús, mar atá anois, arú siúr beidh go breá!"

Ní mó ná sásta atá Balor lena leithéid sin de chaint. Dar leis go bhfuil macallaí a shean-namhad, agus iarchara, Seán Máire Ó Peann Luaidhe, ar an tincéireacht sin. Tháinig eascairdeas millteanach idir Ó Peann Luaidhe agus Fear na Súile Nimhe blianta fada ó shin nuair a bhí an bheirt acu ar a seacht ndícheall ag iarraidh éalú ó shéirse na searbhóige seineafóbaí sin, Ainbhlinn Ní Chonaill. Dóite ar an bheirt acu a bhí sí ag an am agus thug rúid ina ndiaidh. Theith siad lena n-anam, ach bhain Balor barrthuisle as Ó Peann Luaidhe agus chuir an milleán ar dhuine neamhurchóideach den mhuintir ghorm a bhí ag dul thar bráid. Rug Ainbhlinn ar an Pheann Luaidhe bocht agus rinne é a ghriogadh, a ghalrú agus a ghoin le goimh. Níl iontas ar bith go bhfuil sé mar atá. Nach bhfuil an t-ádh dearg ar mhuintir na Fraince gur Seán Máire atá acu seachas Ainbhlinn Aicídeach Ní Chonaill!

"Bhur mbarúil," a cheistíonn an Fiosraitheoir Fiafraitheach, "An í féin a cheap Ceist a Naoi ar Dhaonáireamh na hÉireann 2002? Tá a fhios agaibh an cheist sin nach dtugann an dara rogha don duine a rugadh sna Sé Chontae ach ‘Éire’ a scríobh mar fhreagra amaideach ar cheist atá níos amaidí: ‘Má bhí tú ar feadh bliana nó níos mó i do chónaí taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann, cén tír ina raibh cónaí ort?’ Tá boladh trom na hAinbhlinne ar an bhaothcheist chéanna."

"Is iomaí spórt a thaitníonn le muintir na hÉireann," a mhaíonn Balor an Buachaill Báire, "Ach níl ceann ar bith acu inchurtha le hOlltoghchán." Is breá leis an Scolardach Scolártha scíth a thabhairt dá sciath agus suí siar ar a sheithe ar feadh cúpla seachtain le spraoi a bhaint as an spórt náisiúnta. Is breá leis a shúil nimhe a chaitheamh ar cheannairí na tíre agus eiseamláirí an náisiúin. Bertie Bábánta Sruthbhalbh is fearr leis bheith ag amharc air, a fhios maith ag Balor gurb é is cúis leis an mhaolteanga agus é ag caint le tuairisceoir tréitheach ná go mbíonn sé ag cuntas na veirteabraí leis an áit is fearr a aimsiú fá choinne na scine.

Níl rian ar bith den chanablach ar Hannibal Ó Nuanáin níos mó agus é anois i measc na bhfíréan. B’fhearr go mór le Balor an t-am a bhíodh sé ag caoineadh le ceartaiseacht ná an rud úr seo atá ar siúl aige le cúpla seachtain anuas. Is cineál de mheascán é idir draothadh agus leamhgháire; leamhóg a thagann amach mar dhranngháire. Molann Fear na Súile Nimhe dó dul ar ais go dtí Lánaí Luimnigh ar feadh cúpla oíche den gharbhshíon. D’aithneodh agus d’fháilteodh gach duine roimh a chealtair chaointeach arís.

Scúpscéal: Scéala díreach faighte ag Balor na Súile Nimhe! Níl seo fiú ag Éamonn Ó Doornail, an t-eagarthóir tirim ar Beo Ar Éigean: Cé atá ceaptha ina Generalissimo ar Ghall Linn? Cé eile ach an Coileán Calbhach ó Fhoraois na Gaeilge. "Mar a bhíos an cú mór bíonn an coileán," dar leis an seanfhocal. "Is minic a bhí cú mall sona," dar le Balor. Guíonn muid uilig gach rath ar an Choileán agus é anois ag iarraidh bheith ina Mhadadh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.