AR NA SAOLTA SEO
Comhlacht tobac faoi bhrú
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

D’éirigh le bean atá ag saothrú an bháis an ceann is fearr a fháil ar an gcomhlacht tobac British American Tobacco sa chúirt an mhí seo caite. Féachann Dáithí Ó Colchúin ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcás seo.

Íomhá
Íomhá
Rolah McCabe - deirtear nach mairfidh sí ach sé mhí eile
Íomhá
Rolah McCabe ag caint leis na meáin an mhí seo caite

I gcás cúirte a bhféadfadh an-tionchar a bheith aige, agus ní hamháin san Astráil, ordaíodh don chomhlacht British American Tobacco (WD & HO Wills mar a bhí) $700,000 a íoc le Rolah McCabe, 51, atá ag fail bháis de bharr ailse scamhóg. Tá sí ag caitheamh toitíní an chomhlachta ó bhí sí dhá bhliain déag. Ceaptar nach mairfidh sí ach sé mhí.

D’ordaigh an breitheamh Geoffrey Eames i gCúirt Uachtarach Victoria go gcuirfí cosaint an chomhlachta ar ceal mar go raibh cáipéisí a bhain leis an gcás scriosta d’aon turas acu agus nach mbeadh triail fhéaráilte ann dá bharr. Rialaigh sé nach mbeadh uirthi a chruthú go raibh an comhlacht faillíoch agus dúirt sé leis an ngiúiré cúiteamh a mheas. Dúirt sise go raibh fógraíocht an chomhlachta dírithe ar pháistí agus go raibh sí gafa ag na toitíní ó bhí sí ina déagóir. Dúirt sí freisin go raibh a fhios ag BAT go raibh dochar sa tobac agus nach raibh aon rabhadh leis na toitíní nuair a thosaigh sí á gcaitheamh.

Dúirt BAT go ndéanfaidís achomharc. Mura n-éiríonn leis, d’fhéadfadh na céadta cás eile ar an mbonn céanna a bheith anseo san Astráil agus i dtíortha eile. Má ghlactar le tuairim an bhreithimh beidh sé i bhfad níos éasca an ceann is fearr a fháil ar an gcomhlacht seo go háithrid ná mar a bhí go dtí seo. Tá suim léirithe cheana féin sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus sa mBreatain sa gcás seo.

Cáineadh

Rinne an breitheamh cáineadh géar ar an gcomhlacht dlí Clayton Utz a bhí bainteach le polasaí BAT maidir le cáipéisí a choinneáil nó a scrios. Is cosúil gur tosaíodh ar an scrios i 1985 agus dúirt an breitheamh gur cuireadh an chuma ar an bpolasaí gur gnáthstráitéis riaracháin a bhí ann ach gurbh é an aidhm a bhí leis fianaise a cheilt.

D’fhéadfadh feidhmeannaigh BAT agus cuid de na dlíodóirí a bhí fostaithe acu a bheith ar a dtriail de bharr díspeagadh cúirte agus comhcheilg leis an dlí a chur as a riocht.

Tá an freasúra agus eagraíochtaí atá i gcoinne tobac ag iarraidh ar an rialtas cúiteamh a fháil ó na comhlachtaí ar an gcostas atá ar an státchóras de bharr caithimh tobac. Sna Stáit Aontaithe i 1998, thángthas ar réiteach idir comhlachtaí tobac agus rialtais stáit a thabharfaidh íocaíochtaí $US246 billiún do na rialtais as seo go dtí 2023. Deir an rialtas anseo go rachadh sé rite leo a thaispeáint gurbh é an tobac ba chúis leis na costais atá ar an gcóras sláinte. Níor mhínigh siad go fóill cén fáth nach bhféadfaí a theacht ar réiteach mar a tharla sna Stáit Aontaithe.

Ar ndóigh tá daoine ag rá gurb é an deacracht atá ag an rialtas go mbraitheann siad go mór ar na cánacha a bhailíonn siad ar thobac agus go bhfuil leisce orthu aon cheo a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar an bhfoinse airgid sin. Más mar sin atá an scéal, is cosúil nach cás leo an 19,000 Astrálach a fhaigheann bás in aghaidh na bliana de bharr an tobac.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.