Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill leis na buaiteoirí in olltoghchán an 17 Bealtaine a thuar.
Beidh isteach is amach le 380,000 duine i dteideal vóta a chaitheamh den chéad uair in olltoghchán 2002. Ní fios cé mhéad de na vótóirí nua seo a bhacfas le vóta a chaitheamh, ach má théann fiú 10 faoin gcéad díobh amach d’fhéadfadh siad tionchar mór a imirt ar an toradh.
Fíric í nach gcloisfidh tú mórán fúithi le linn an fheachtais fholaimh seo. Feachtas na lionsaí teilifíse atá ann, chuile thaobh ag sáraíocht ar a chéile faoi chostas na ngealltanas éagsúil. Tá an bhéim ar fad ar phearsantacht na gceannairí ar bhealach a chuirfeadh toghchán Meiriceánach i gcuimhne duit.
Toghchán ar an seandéanamh é ar bhealaí eile, áfach. Gealltanais á dtabhairt, póstaeir á gcrochadh, leanaí á bpógadh: damhsa traidisiúnta na bpolaiteoirí agus na n-iriseoirí, iad chomh gafa sin lena chéile nach dtugann siad faoi deara go bhfuil an halla á thréigean ag an lucht féachana.
Is é an feall é nach gcaithfidh na scórtha míle duine óg a vóta ar an 17 Bealtaine. “Tá siad go léir mar a chéile,” a deir siad go soiniciúil. "Ní athraíonn tada. Toghfar na seandionosáir chéanna arís."
Idir an dá linn, leanann na tráchtairí nuachtáin agus teilifíse ar aghaidh, is ar aghaidh. "Ní bheidh ‘luascadh’ i dtreo Shinn Féin ann," a deir siad lena chéile. "Tá amhras mór ar an bpobal i ndiaidh eachtraí na Colóime agus Chaisleán an Rí."
Bhí cuid mhór de na tráchtairí céanna as alt go hiomlán le meon an phobail faoi Chonradh Nice. Ní fhaca siad Dana ag teacht nuair a bhí an toghchán Eorpach ann. Ní raibh siad ag súil leis an dul chun cinn mór a rinne Sinn Féin sna toghcháin áitiúla i 1999. Céard is fiú éisteacht leo anois?
Éiginnteacht
Níl ach rud amháin cinnte faoi olltoghchán 2002. Toghchán as an ngnách a bheas ann: tá i bhfad níos mó éiginnteachta ag baint leis ná mar a bhain le haon olltoghchán eile ó bunaíodh an stáit. Tá go leor de na seandílseachtaí polaitiúla imithe le sruth faoin am seo, agus cuirfidh cuid de na torthaí an-iontas ar dhaoine.
Sa gcomhthéacs sin ba dhána an mhaise dom é aon tairngreacht a dhéanamh. Ach ní fiú alt den chineál seo a scríobh gan cúpla buille faoi thuairim a thabhairt. Seo linn, mar sin:
Beidh an bua ag an lucht “is cuma liom”. Beidh an céatadán vótóirí a chaithfeas vóta níos ísle ná mar a bhí in aon toghchán ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.
Déanfaidh Sinn Féin, an Comhaontas Glas agus na neamhspleáigh i bhfad níos fearr ná mar a shíleann daoine faoi láthair.
Ní thoghfar ach PD amháin - Tom Parlon Laois-Uíbh Fháilí.
Beidh Bertie ina Thaoiseach arís.
Tá seans an-láidir ag Sinn Féin trí shuíochán a bhaint: Caoimhín Ó Caoláin i gCabhán-Muineachán, Seán Crowe i mBaile Átha Cliath Thiar-Theas, agus Martin Ferris i gCiarraí Thuaidh. Chomh maith leis sin, tá seans acu i roinnt dáilcheantar eile - Aonghus Ó Snodaigh i mBaile Átha Cliath Lár-Theas ach go háirithe - agus ní chuirfeadh sé iontas orm dá dtoghfaí seisear nó seachtar fíníní. Tá fíric amháin faoi Shinn Féin nár chóir dearmad a dhéanamh air: tá an páirtí ar maos le hairgead, agus tig leat go leor a dhéanamh ach na pingineacha a bheith agat.
Ní dhearna na gardaí i gCiarraí Thuaidh aon dochar dóibh ach an oiread. A mhalairt atá fíor. B’fhéidir go bhfuil daoine ag cailleadh spéise sa bpolaitíocht, ach ní haon amadáin iad.
Ní thugann na meáin i mBaile Átha Cliath aon seans do Mhary White i gCeatharleach. Ní shamhlaíonn siad go bhféadfadh bean i gceantar tuaithe suíochán a bhaint don Chaomhaontas Glas - faoi mar a dúirt siad nach raibh seans faoin spéir ann go dtoghfaí Nuala Ahern (deirfiúr liom féin) i gCúige Laighean dhá thoghchán Eorpacha ó shin. Ach toghadh Nuala agus toghfar Mary White chomh maith.
Beidh ceithre shuíochán ar a laghad ag an bpáirtí sa chéad Dáil eile: an péire atá acu i láthair na huaire, móide Mary White i gCeatharlach-Cill Chainnigh agus Dan Boyle i gCorcaigh Lár-Theas. D’fhéadfadh siad ceann nó péire eile a phiocadh suas ar an lá má bhíonn an t-ádh leo.
Ar na neamhspleáigh a thoghfar beidh Marion Harkin i Sligeach, Jackie Healy Rae i gCiarraí Theas agus Mildred Fox i gCill Mhantáin. Beidh cúpla duine eile ann nach bhfuil éinne ag súil leo, ach ní cheapaim go mbeidh Dana ina measc. Bí ag faire amach do Vincent Mac Dowell - m’athair féin - i nDún Laoghaire, atá ag seasamh mar neamhspleách toisc gur imir na glasaigh feall air trí pharaisiút a chur isteach sa dáilcheantar. Comhairleoir de chuid an pháirtí ab ea Vincent go dtí le gairid.
Ainneoin bholscaireacht a gcairde sna meáin tá an Páirtí Daonlathach i ndeireadh na preibe. Léirigh pobalbhreitheanna éagsúla le trí bliana anuas go raibh an tóin tite as a dtacaíocht, ach níor tugadh mórán airde air sin. Léiriú amháin ar dheacrachtaí an pháirtí is ea gur bhog Harney ó Bhaile Átha Cliath Thiar-Theas go dtí Baile Átha Cliath Lár-Thiar, dáilcheantar nua a bhfuil trí shuíochán leis. Bhí a fhios aici nach dtoghfaí í sa tseanáit.
*Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois agus ag obair mar shaoririseoir. Chaith sé seal ag obair mar eagarthóir Gaeilge an *Irish Times.