Tá sé ceithre bliana déag anois ó chuaigh Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy isteach sa stiúideo leis an albam ‘Altan’ a thaifeadadh. Réitigh siad chomh maith sin le beirt de na ceoltóirí a bhí ag seinm ar an albam, Ciarán Curran (bouzouki) agus Mark Kelly (giotár), gur chinn siad ar ghrúpa a bhunú leo agus Altan a thabhairt mar ainm air. Tá an domhan mór siúlta ag Mairéad agus ag an ghrúpa ó shin ach má tá sí ag éirí bréan den saol fuadrach seo, ní raibh sin le brath uirthi nuair a chuaigh mé chun cainte léi ag deireadh mhí an Aibreáin.
»»»Níl dearmad déanta fós san Astráil ar dhuine de réabhlóidithe na hÉireann ag tús an ochtú haois déag. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»An oibríonn laissez-faire faoin tuath? Sin an cheist atá á cur ag cuid mhór d’fheisirí Pháirtí an Lucht Oibre i Westminster agus iad ag smaoineamh ar rialtais Thatcher/Major, rialtais nach raibh trua ar bith acu do na mianadóirí guail ná don lucht oibre sna monarchana agus sna longchéartaí nuair a chaill siadsan a slí bheatha.
»»»Más mian leat tuairim a chur in iúl faoi ábhar na hirise nó faoi aon eile, scríobh chugainn ag litreacha@beo.ie. Mura mian leat go gcuirfí do theachtaireacht i gcló, cuir na focail ‘Ná cuirtear i gcló’ roimh an teachtaireacht, le do thoil.
»»»Gach mí, ceisteoidh Beo duine as eagras de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh ag an eagras sin. An mhí seo: Mairéad Uí Dhomhnaill, Comhluadar.
»»»Sa tsraith seo, déanfaidh daoine atá i mbéal an phobail cur síos ar an áit nó ar na háiteanna is fearr liom in Éirinn nó thar lear. An mhí seo: Deirbhile Ní Churraighín, Oifigeach Ceannacháin TG4.
»»»Tá gné scanrúil den scéal is deireanaí faoi Thriail na nArm nach bhfuiltear tar éis aird cheart a thabhairt uirthi. Aontaíonn gach duine gur chuir an clár ‘Prime Time’ a rinne Michael Heney an mhí seo caite eolas fíorthábhachtach os comhair an phobail. Chruthaigh an fhianaise a chuir an clár i láthair go rabhthas tar éis ráiteas duine de na príomhfhinnéithe sa chéad triail a athrú. Tá sé soiléir don saol mór go n-ardaíonn sé seo ceisteanna tromchúiseacha.
»»»Is fada sráidbhailte na Gaeltachta ina gcrann taca ag teanga na Gaeilge. Anois, san aon léim amháin, tá caint agus nuacht na nGael i ndiaidh dul i mbéal pobail sráidbhaile eile, is é sin, ‘sráidbhaile an domhain’, mar is minic a thugtar air. Is fada taithí againn gurb iad pobail an Bhéarla agus teangacha domhanda eile amháin a bhíonn ag caint lena chéile trína leithéidí d’ollmheáin fhíse agus leictreonacha ach, le blianta beaga anuas, is suntasach mar atá fáil na mionteangacha ar acmhainní an idirlín imithe i méid agus anois tá an meáisín míorúilteach céanna i ndiaidh sinne, Gaeilgeoirí, a chur faoina chomaoin arís.
»»»Tháinig an haitéir Philip Treacy ar ais go hÉirinn le bheith i láthair ag oscailt a thaispeántais nua ‘Unlikely Sculpture: Hatforms’ in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Aibreáin. Tá clú agus cáil idirnáisiúnta ar Treacy mar dhearthóir hataí a oibríonn le couturiers atá go mór i mbéal an phobail, leithéidí Karl Lagerfield, Helmut Lang, Alexander McQueen agus Theirry Mugler.
»»»Cad é mar atá sibh? Is mise Liz agus tá mé i mo chónaí i dTuaisceart Bhéal Feirste. Is as Londain mé agus tháinig mé anseo beagnach sé bliana ó shin.
»»»Cé go bhfuil mé i mo chónaí níos mó ná 3,600 míle ó Ghaeltachtaí na hÉireann, bíonn seans agam chuile sheachtain Gaeilge a labhairt. Tá cúpla grúpa Gaeilgeoirí anseo in Minneapolis St. Paul, Minnesota, iad beag ach an-dáirire faoin teanga.
»»»Sliocht as novella le Micheál Ó Conghaile, údar agus foilsitheoir, a bheidh á fhoilsiú san fhómhar.
»»»Den chéad uair riamh, mhol an SDLP agus Sinn Féin i mbliana do náisiúnaithe an tuaiscirt na foirmeacha daonáirimh a líonadh. Dá bharr seo, ní bheidh an míchruinneas céanna ag baint leis na torthaí is a bhí go dtí seo. Tuairisc ó Robert McMillen.
»»»Caitheann Balor a shúil ar imeachtaí sa tír le tamall anuas.
»»»Bhí tráth ann sna seachtóidí nuair a bhí turasóirí Meiriceánacha (gléasta ar nós leipreacháin a déarfadh daoine míchineálta) go feiceálach ar fud na tíre. Anois is Tíogar mór Meiriceánach atá inár measc. Labhraíonn muid ar an Tíogar Ceilteach ach is é fírinne an scéil go bhfuil an Tíogar seo leath-Mheiriceánach. Tá geilleagar na tíre seo ag brath i bhfad níos mó ar mhargaí idirnáisiúnta ná mar atá geilleagar tíortha eile. Déanaimid 78% d’olltáirgeacht náisiúnta (GDP) na tíre a easpórtáil, agus 13% go Meiriceá féin - figiúr atá cúig huaire chomh mór leis an meánchéatadán don Aontas Eorpach. Agus thairis sin, tá 50% d’easpórtálaithe na tíre ag teacht ó chomhlachtaí Meiriceánacha. Ní thógann sé mórán ama cuid acu a ainmniú: Intel, Dell, Microsoft, Apple, Hewlett Packard, atá ag plé le cúrsaí ríomhaireachta.
»»»‘Triallom timcheall na Fódla’ is teideal de dhuan cáiliúil a ransaím scaití d’fhonn teacht ar eolas sloinne nó logainm. Is deas nuair is féidir sloinne ar leith a lua le ceantar ar leith agus an snaidhmeadh sin a shíneadh siar breis is sé chéad bliain. ‘Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh’ is ainm de dhuan eile a d’fhoilsigh DIAS in éineacht leis agus is é Giolla na Naomh Ó hUidhrín an té a cheap é.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.