TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Gaeltacht Mhinnesota
Will Kenny Will Kenny Will Kenny

Cé go bhfuil mé i mo chónaí níos mó ná 3,600 míle ó Ghaeltachtaí na hÉireann, bíonn seans agam chuile sheachtain Gaeilge a labhairt. Tá cúpla grúpa Gaeilgeoirí anseo in Minneapolis St. Paul, Minnesota, iad beag ach an-dáirire faoin teanga.

Nuair a bhí Dúbhghlas de hÍde i Minneapolis i 1906 scríobh sé go raibh ‘go leor Lochlannach innti … beagán thar leath na ndaoine atá i Státa Minnesóta’. Is fíor é sin, ach tá dóthain daoine anseo chomh maith a bhfuil suim acu i ndamhsa, i gceol agus i dteanga na hÉireann.

Thosaigh mé féin a fhoghlaim na Gaeilge beagnach scór bliain ó shin, nuair a mhúin Nancy Stenson bunrang Gaeilge in Ollscoil Minnesota. Ag deireadh an chúrsa sin, lean cuid againn ag tíocht le chéile chuile choicís, agus táimid á dhéanamh sin fós.

An bhliain i ndiaidh an chéad bhunrang sin, bhunaigh Denis Clarke (Éireannach a d’fhoghlaim a chuid Gaeilge i Rann na Feirste) Gaeltacht Minnesota, agus é mar aidhm ag an ngrúpa sin ranganna a chur ar fáil saor in aisce. Tá ceithre rang ar siúl faoi láthair ag Gaeltacht Minnesota, iad saor in aisce fós agus á múineadh ag scoláirí (mé féin ina measc). Reáchtálann an grúpa seo cúpla ceardlann Ghaeilge chuile bhliain chomh agus cuireann siad amach nuachtlitir (as Béarla) le haghaidh na bhfoghlaimeoirí agus na múinteoirí. (Tabhair cuairt orainn ag http://home.earthlink.net/~gaelminn/)

Anois, tá bunchúrsa Gaeilge ag Ollscoil St. Thomas freisin agus Fintan Moore as Baile Átha Cliath á mhúineadh. Mar sin, tá seans ag chuile dhuine a bhfuil suim aige sa Ghaeilge foghlaimeoirí eile a aimsiú.

Is mór an trua nach raibh seans agam riamh an Ghaeilge a labhairt sa Ghaeltacht in Éirinn. B’fhéidir go mbeidh sé níos fusa i gceann cúpla bliain, nuair a bheas mo bheirt iníonacha sa choláiste. Feicfidh muid. Beidh an t-am agam ansin ach níl a fhios agam an mbeidh an t-airgead agam!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.