GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Tíogar Meiriceánach ina chónaí in Éirinn
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh

Bhí tráth ann sna seachtóidí nuair a bhí turasóirí Meiriceánacha (gléasta ar nós leipreacháin a déarfadh daoine míchineálta) go feiceálach ar fud na tíre. Anois is Tíogar mór Meiriceánach atá inár measc. Labhraíonn muid ar an Tíogar Ceilteach ach is é fírinne an scéil go bhfuil an Tíogar seo leath-Mheiriceánach. Tá geilleagar na tíre seo ag brath i bhfad níos mó ar mhargaí idirnáisiúnta ná mar atá geilleagar tíortha eile. Déanaimid 78% d’olltáirgeacht náisiúnta (GDP) na tíre a easpórtáil, agus 13% go Meiriceá féin - figiúr atá cúig huaire chomh mór leis an meánchéatadán don Aontas Eorpach. Agus thairis sin, tá 50% d’easpórtálaithe na tíre ag teacht ó chomhlachtaí Meiriceánacha. Ní thógann sé mórán ama cuid acu a ainmniú: Intel, Dell, Microsoft, Apple, Hewlett Packard, atá ag plé le cúrsaí ríomhaireachta.

Ach smaoinigh freisin ar cheimiceáin agus ar chógais - tá comhlachtaí ar nós Eli Lily, Merck Sharp & Dohme, Pfizer agus Schering-Plough lonnaithe anseo le tamall de bhlianta. Tá thart ar 33% den infheistíocht a dhéanann comhlachtaí leictreonacha Meiriceánacha san Eoraip anseo in Éirinn. Is é bun agus barr an scéil go bhfuilimid i bhfad níos gaire do Mheiriceá ná mar a cheapaimid agus muid ag breathnú amach ar ghrian an tráthnóna cois cladaigh i gConamara.

Athlonnú

Tá sé go maith go bhfuil na comhlachtaí seo ar fad in ann postanna a sholáthar d’aos óg agus do dhaoine dífhostaithe na tíre, ach a luaithe is a thiocfaidh siad ar láthair eile ina bhfuil na scileanna agus an bonneagar céanna ar fáil, baileoidh siad leo mar a dhein na comhlachtaí éadaí agus comhlachtaí carranna le fiche bliain anuas. Ná bí ag caint ar chomhlachtaí Meiriceánacha - tá comhlachtaí ardteicneolaíochta Éireannacha cheana féin ag athlonnú cuid dá dtáirgíocht i dtíortha eile; féach Kindle Software, cuir i gcás, comhlacht Éireannach a bunaíodh sna 1980í, agus anois tá an chuid is mó den fhoireann forbartha á lonnú i mBangalore san Ind. Nach ait an mac an saol!

An fhadhb ná go bhfuil go leor de na comhlachtaí Meiriceánacha agus comhlachtaí eachtranacha go ginearálta ag úsáid na tíre seo mar láthair táirgíochta saor, seachas a bheith ag cur síos fréamhacha doimhne tré chonarthaí do thaighde agus d’fhorbairt a thabhairt do na fochomhlachtaí anseo. Is minic go mbíonn iomaíocht inmheánach ar siúl sna comhlachtaí móra ilnáisiúnta, an bainisteoir réigiúnda ag iarraidh infheistíocht ón gceanncheathrú a mhealladh go hÉirinn.

D’éirigh thar barr le dream ó 3Com a bhí ag obair le chéile i mBaile Bhlainséir agus atá anois lonnaithe i dTeach an Mhainéara sa Spidéal - iad ar fad ag breathnú amach ar pháirceanna Chonamara, ar Chuan na Gaillimhe agus ar an mBoireann i gCo an Chláir. Seo sampla iontach de dhream Éireannach a dhein iomaíocht le hinfheistíocht bhreise a mhealladh go hÉirinn; léiríodar go bhféadfaidís airgead an chomhlachta a shábháil trí ionad nua a bhunú sa Spidéal seachas é a lonnú i Meiriceá. Taighde agus forbairt a bhíonn ar siúl acu. Cúlra suimiúil an scéil ná go rabhadar ar fad ‘ar imirce’ i mBaile Átha Cliath tar éis do Digital dúnadh i nGaillimh i 1993. Cé go raibh agus go bhfuil siad ag brath ar chomhlachtaí Meiriceánacha, d’éirigh leo fréamhacha 3Com a dhoimhniú sa tír agus sa Ghaeltacht féin.

Buntáiste eile atá léirithe ó d’fhág Digital Gaillimh ná gur bhláthaigh réimse breá leathan comhlachtaí dúchasacha ardteicneolaíochta i gceantar na Gaillimhe. An mbeadh an bláthú sin tar éis tarlú murach dúnadh Digital? Bíonn bogha gréine taobh thiar de gach scamall. Bhí traenáil agus taithí mhaith faighte ag foireann Digital, agus iad an-cháilithe. D’úsáid siad é sin ar fad le réimse níos leithne de chomhlachtaí ardteicneolaíochta a bhunú sa cheantar.

A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.

Tá Emer ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith trí Ghaeilge ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.