Sliocht as novella le Micheál Ó Conghaile, údar agus foilsitheoir, a bheidh á fhoilsiú san fhómhar.
Bhíodh sé á faire go laethúil agus í ag teacht ón scoil, í ag pocléimnigh léi go gealgháireach i gcomhluadar na bpáistí glóracha eile i gciorcal a saoil féin. Í beo is a samhlaíocht bríomhar i gcónaí, b’fhacthas dó. Agus anamúil. Ní bhfuair sé amach riamh cén t-ainm a bhí uirthi chomh fada lena chuimhne nó b’fhéidir gurb amhlaidh a dhearmad sé é d’aon ghnó. Is dá gcasfaí dó ar an mbóthar léi féin í ní raibh sé cinnte cén t-ainm as a mbeannódh sé di.
Ach má bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas dá hainm a bheith ar eolas aige, chreid sé, óir b’amhlaidh a theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin. Ina áit mhéadaigh agus threisigh sin dó an draíocht agus an mhistéir a bhain léi. Amhail is dá mbeadh geasa ar a chluasa diúltú dá hainm saolta. Amhail is dá mbeadh rud éicint nua fúthu le foghlaim i gcónaí aige. Thabharfadh an méid sin saoirse shoilseach shólásach di a thaitníodh leis. Má bhí marc bradach nó séala strainséarach uirthi, ní thabharfadh seisean sin faoi deara. Agus cé go méadaíodh a fhiosracht ina leith ar bhealach amháin b’fhiosracht aibí a bhí ann faoi seo agus bhraith sé cibé ainm a bhí uirthi, nárbh é an t-ainm é a thabharfadh seisean uirthi cé go bhféadfadh an t-ainm ab áille is ab fhírinní ar domhan a bheith tugtha uirthi i ngan fhios dó. Bhíodh sé ag smaoineamh amanta ina bhrionglóidí seachránacha agus i bhfinnscéalaíocht a intinne go mbeadh ainm le fuaim fhileata chroíúil ar nós Niamh Chinn Óir go deas cóiriúil mar ainm di mar gheall ar a folt óir gruaige, a bhíodh an ghaoth a scuabadh go grámhar siar ó chúl a cinn le linn di a bheith ag sodar abhaile ón scoil.
Agus in imeacht na mblianta fadálacha rinne sé nós rialta dó a bheith ag siobáil leis amuigh i ngarraí an bhóthair le linn am dúnta na scoile. Bhíodh sé ag cur cruógaí beaga air féin, ag freastal ar lao nó ag réiteach ar ghamhain, ag coinneáil súil ar an mbó nó díreach ag biorú an chlaí mar dhea, ag socrú cloch chorrach anseo is dhá chloch ansiúd ar a barr. É go minic ag feiceáil scailpe nó mant san áit nach raibh a leithéid.
Ach ní nach ionadh, ba bheag aird a thugadh na daltaí scoile - an scór acu a bhí ann - ar Jeaic Sheáin Johnny ná ar a sheachrán sí má b’eol dóibh faoina leithéid. Seanfhear a bhí ann. Seanfhear eile a bhí ann chomh fada agus a chonaic siadsan é. Duine eile de sheanfhondúirí líonmhara an bhaile a bhí ina chónaí leis féin, cé go gcloisidís a ghuth binn bog go minic ar an raidió, óir b’amhránaí aitheanta a bhí ann cé nár spéis leosan na seanamhráin fhada fhadálacha a chasadh sé. Go deimhin, ba mhinice ná a mhalairt a mhúchaidís an raidió dá gcloisfidís é nó théadh ar thóir popamhráin faoi dheifir ar stáisiún éicint eile. Deiridís heileo amháin leis dá bhfeicfidís é buailte orthu in aice an bhóthair nó dá mbeannódh sé díobh go géimiúil nó go grástúil thar chlaí a gharraí. Ghliondálaidís siad leo abhaile go sodrach ansin.
Is bhíodh áthas éadrom airsean aon uair a thagadh éinne acu aníos an bóithrín cam casta ar cuairt chuig an teach aige. Bhíodh brí bhreise ina choiscéim ag dul chuig an doras nuair a chloiseadh sé guthanna gasúr. D’fháiltíodh isteach thar an tairseach iad. An comhluadar b’fhéidir is aicearra aimsire. Spleodar na hóige. Ach ní ar cuairt a thagaidís go díreach ach is amhlaidh a bhíodh ag díol ticéad le haghaidh chrannchur na scoile nó ag cruinniú airgid do chúis, do cheist nó do chiste éicint. Don ghorta ba dhéanaí nó do pháistí an tríú domhan. Ach bhíodh sé fáilteach flaithiúil leo i gcónaí. Fial flaithiúil. Is b’in an cháil a bhí riamh air.
Ach níor tháinig sise chuige ariamh. A Niamh Chinn Óir. Ainneoin gur mhinic é ag faire amach di dá dheoin is dá ainneoin. Ach ugach chun a dhorais ní fhéadfadh a thnúthán ba ghéire a thabhairt di. Is ní raibh sé baileach cinnte céard a déarfadh sé léi dá dtiocfadh sí, ach é go síoraí ag cur comhairleachaí air féin trína chriathar aigne. Ach bheadh sé flaithiúil léi ar aon nós. B’in cinnte. Is ligfeadh sé don nóiméad speisialta úd soiléiriú a thabhairt air féin, dá dtiocfadh . . . Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh. Ach ní raibh sé cinnte dearfa faoi seo. Cén chaoi sa mí-ádh a bhféadfaidís fainic dá leithéid a chur uirthi gan an cat fiáin a ligean as an mála, a smaoinigh sé lá os ard. Nár mhar a chéile seandaoine do ghasúir bheaga. Seanfhondúirí uile an bhaile. Dá dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht. Bhí gasúir mar sin. Bhí . . . Agus nach amhlaidh a thiocfadh sí le duine dá comhscoláirí nó aisti féin ar chúla téarmaí. Níor ghéill cailíní óga d’orduithe ar na saolta seo, thuig sé. Gheofaí bealach.