TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Comhluadar
Mairéad Uí Dhomhnaill Mairéad Uí Dhomhnaill

Gach mí, ceisteoidh Beo duine as eagras de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh ag an eagras sin. An mhí seo: Mairéad Uí Dhomhnaill, Comhluadar.

  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht?

Is mise an Stiúrthóir. Tá mé freagrach as feidhmiú agus forbairt na heagraíochta ó lá go lá, i gcomhar le feidhmeannach agus faoi threoir Coiste Stiúrtha.

  1. Cathain a bunaíodh Comhluadar agus cé a bhunaigh é?

Tháinig grúpa (ochtar) tuismitheoirí le chéile i mBaile Átha Cliath i 1993 le Comhluadar a bhunú. Ba í Muireann Ní Mhóráin an chéad Chathaoirleach. Fuair siad cabhair foirne ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bhí páistí acu uilig a bhí á dtógaint le Gaeilge agus b’fhacthas dóibh go raibh gá le tacaíocht a chéile. Bhí Gaeilge sa bhaile agus ar scoil ag a bpáistí ach bhraith siad gur ghá céim eile a thógaint le saol níos leithne a chur ar fáil dóibh trí imeachtaí sóisialta agus oideachasúla, ranganna, ceardlanna, cóisirí, etc. a eagrú, mar a bhíonn ar fáil as Béarla.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Seo iad na spriocanna a leagadh síos: (a) Teaghlaigh a chur in aithne dá chéile. (b) Ócáidí sóisialta agus oideachasúla a reáchtáil. (c) Seirbhísí eolais agus comhairleacha a chur ar fáil. (d) Seirbhísí trí Ghaeilge a éileamh.

(a) agus (b)craobhacha bunaithe i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Port Láirge, Inis, Ráth Cairn agus Béal Feirste. Bíonn imeachtaí rialta ag cuid acu, anois is arís ag cuid eile. Tuigimid nach leor bualadh le chéile uair sa mhí le haithne cheart a chur ar a chéile. Tá triail á bhaint againn le tamall anuas as sraith imeachtaí do pháistí thar roinnt seachtainí (drámaíocht, mar shampla). Cothaíonn seo nasc idir daoine sa ghrúpa ach má dhírimid rómhór ar cheantar amháin, beidh faillí á déanamh i gceantair eile. Cúrsaí ama arís!

(c)bileog bholscaireachta dhátheangach curtha i gcló agus á scaipeadh i measc thuismitheoirí Naíonraí, Gaelscoileanna agus tuismitheoirí sna hospidéil máithreachais. Tá cur síos sa bhileog ar bhuntáistí an dátheangachais agus ar Comhluadar.

Treoirleabhar do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge scríte ag an iriseoir Máiréad Ní Chinnéide, ar coimisiún ó Chomhluadar. Tá an leabhar seo á sheoladh go luath an mhí seo chugainn (5 Meitheamh).

Tá pacáiste eolais agus liosta áiseanna againn do bhaill nua, á gcur ar an eolas faoi imeachtaí agus faoi na hearraí éagsúla atá ar fáil (leabhair, téipeanna, etc.).

(d) Táimíd ag plé le ranna stáit éagsúla ach is obair í seo a thógann an-chuid ama agus is deacair dul chun cinn a mheas. Sampla amháin d’obair a bhfuil toradh uirthi: an gheallúint atá againn ó An Post go mbeidh fáil ag gach páiste sa tír ar chártaí dátheangacha San Nioclás, Nollaig 2001.

  1. Cad iad na laigí a bhaineann le Comhluadar?

Ní maith liom an focal ‘laige’. Tá dúshláin níos fearr, b’fhéidir?

Is dream an-ghnóthach iad tuismitheoirí. I gcás Comhluadar, tá formhór na dtuismitheoirí ag obair go lánaimseartha taobh amuigh den dtigh ó mhoch ar maidin go déanach tráthnóna. Bíonn cúram páistí agus tí orthu tar éis lá oibre agus ag an deireadh seachtaine. Easpa ama le dul i bhfeidhm ar an dtimpeallacht déarfainn an míbhuntáiste is mó i measc tuismitheoirí. Fágann seo gur gá do na na páistí dul i muinín an Bhéarla i réimsí tábhachtacha den saol. In ainneoin na hiarrachtaí is fearr ag Comhluadar, obair TG4, An Gúm, Fios Feasa, etc., is gá den bpáiste Éireannach dul i muinín an Bhéarla rómhinic agus gnáthimeachtaí an tsaoil á leanúint aige/aici.

Ní heol dom naíolann amháin a bheith á reáchtáil trí Ghaeilge taobh amuigh den gceantar oifigiúil Gaeltachta. Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga!

De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach ag brath rómhór ar fhostaithe.

  1. Cad iad na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht?

(a) Daoine nua ag teacht chun cinn i gcónaí. (b) Sprid na hóige i measc na dtuismitheoirí. (c) Tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán idir 1997 agus 1999 agus ó Fhoras na Gaeilge ó shin.

  1. Cén fhís atá agat féin?

Tiocfaidh na mílte páiste ar an saol in Éirinn i mbliana. Labharfaidh siad pé teanga/teangacha a chloisfidh siad óna dtuismitheoirí agus ó na daoine timpeall orthu. Tá buntáistí teanga ag daoine thar a chéile. Pé caighdeán Gaeilge atá acu, cé acu cainteoirí dúchais nó foghlaimeoirí iad, is faoi na tuismitheoirí atá sé an cinneadh a dhéanamh go mbeidh Gaeilge ag a gclann.

An fhís atá agam do Chomhluadar ná go mbeidh deis againn cabhrú le gach tuismitheoir an cinneadh ceart a dhéanamh agus, sa chás go roghnaíonn siad Gaeilge, córas láidir, leanúnach tacaíochta a chur ar fáil.

Is féidir an chéad aidhm a bhaint amach méid áirithe trí chóras na Bounty Bags sna hospidéil máithreachais. Tá tús curtha againn leis an obair seo ó Eanáir na bliana seo agus toradh le feiscint.

Tacaíocht

(a) Is mian liom an eagraíocht a láidriú, a leathnú agus a bhuanú, agus gréasán teaghlach a bheith ar fáil i gcónaí ag tacú lena chéile.

(b) Féinmhuinín a fhorbairt sna páistí leis an nGaeilge a úsáid amuigh sa saol.

(c) Éileamh ar an statchóras, agus na pearsana laistigh de a ghríosadh, le bunseirbhísí a chur ar fáil. Tá sé riachtanach, mar shampla, go mbeidh gné theanga mar chuid bhunúsach d’oiliúint dochtúirí, banaltraí, oibrithe Bord Sláinte/Sóisialta, feighlithe naíolann, múinteoirí, etc.

Dualgas i leith na Gaeilge a chur ar na forais atá á maoiniú ag an stát agus a eagraíonn imeachtaí oideachasúla agus caitheamh aimsire don óige, ar nós The Ark Ard-Mhúsaem na hÉireann agus an Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag an eagraíocht faoi cheann cúig bliana?

• Go mbeidh an cheist ‘Cén teanga?’ i measc na gceisteanna bunúsacha a chuirfidh agus a chuirfear ar gach tuismitheoir nua.

• An Ghaeilge ar chlár oiliúna gach gairme atá ag plé le páistí.

Siamsaíocht d’ardchaighdeán i nGaeilge a bheith á soláthar ag na forais chuí stáit.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Mairéad Uí Dhomhnaill ag an uimhir +353 1 288-5894 (ríomhphost: comhluadar@eircom.net). Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Chomhluadar ag: http://homepage.eircom.net/~comhluadar/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.