GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Tionchar Napster ar an saol gnó
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna
Íomhá
Google as Gaeilge

Tháinig deireadh drámatúil le ré ghairid Napster le déanaí. Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é. Cé go bhfuil Napster ag feidhmiú go fóill, tá gach rud a bhí faoi chóipcheart air á bhaint de ir a chéile agus is beag amhrán nó píosa ceoil atá fágtha.

Tá cláracha eile atá an-chosúil le Napster fós á n-úsáid ag daoine chun ceol agus go fiú scannáin a scaipeadh. Is féidir na scannáin a bhíonn á ndíol ar dhioscaí digiteacha ilúsáide (nó DVD) a chóipeáil anois, ach ní tharlaíonn sé sin go coitianta go fóill toisc go dtógann sé suas le dhá uair an chloig déag ar ríomhaire cumhachtach an chóip a dhéanamh. Anuas air sin, tá na comhaid a ghintear millteanach mór agus níl sé indéanta iad a scaipeadh ach ar ghréasáin le bandaraon leathan, ar nós na gceann “broadband” atá le fáil go forleathan i Meiriceá agus coitianta i measc eagraíochtaí móra san Eoraip.

Is é an buntáiste is mó atá ag leithéidí Napster ná gur féidir é a úsáid chun teacht ar gach saghas ceoil ar chostas réasúnta (is é sin, costas an ghlao gutháin agus an trealaimh ríomhaireachta). Cartlann cheoil ollmhór a chruthaítear i ndáiríre agus tá na comhlachtaí ceoil anois ag iarraidh airgead a ghnóthú as an gcoincheap seo. Tuigeann na comhlachtaí gur gá dóibh a straitéis gnó a athrú chun dul in oiriúint don teicneolaíocht nua. Tá caint ann anois ar shíntiús a bheith ag daoine a thabharfadh cead dóibh éisteacht le ceirníní ó bhailiúchán comhlachtaí ceoil thar an idirlíon. Bheadh smacht iomlán ag na comhlachtaí ar dháileadh an cheoil ansin agus dá mba mhian leo d’fhéadfadh siad airgead a ghearradh ar dhaoine gach uair a d’éistfeadh siad le píosa ceoil faoi leith.

Roinnt spáis

Ní comhlachtaí ceoil amháin atá ag cur suime sa teicneolaíocht nua seo, áfach. Bíonn go leor comhlachtaí idirnáisiúnta ag scaipeadh doiciméad ar fud an domhain mar cheangaltán le teachtaireachtaí ríomhphoist. Gach uair a leasaítear an comhad caithfear cóip nua de a sheoladh chuig na hoibrithe ar fad. Ach tá comhlachtaí ar nós Groove (www.groove.net) ag cuir an choincheapa de spás atá á ‘roinnt’ ag daoine éagsúla i bhfeidhm. Leis an gcóras atá acu siúd is féidir le grúpa daoine a bheith ag obair ar chomhad le chéile - agus bheadh aon athruithe a dhéantar le feiscint ag gach duine ag an am gcéanna. Anuas air sin, d’fhéadfaí leabharlann de cháipéisí inmheánacha comhlachta a bhainistiú go héasca agus iad ar fad a chur ar fáil dá oifigí ar fud an domhain.

Cé go bhfuil Napster féin beagnach imithe, is cinnte go mbeidh a thionchar le brath ar an tslí a scaiptear eolas ar an idirlíon amach anseo.

Gréasán Gaelach

Tá go leor cainte ar theangacha seachas an Béarla i gcúrsaí idirlín faoi láthair. Ní fada uainn an lá go mbeidh sínte fada in úsáid go rialta i seoltaí suíomh gréasáin, rud nach raibh indéanta tamall beag ó shin. Anuas air sin, tá innill chuardaigh ar nós AltaVista (www.altavista.ie) agus Yahoo! (www.yahoo.ie) tar éis a n-aird a dhíriú ar Éirinn. Ach tá Google tar éis dul céim níos faide, agus is féidir an suíomh www.google.com/intl/ga/ a úsáid chun an gréasán domhanda a chuardach as Gaeilge anois. Áis eile úsáideach ná www.gaelport.com atá curtha ar fáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tá an leagan amach air cosúil le Yahoo! agus cuireann sé ar chumas daoine teacht ar shuímh ghréasáin as Gaeilge go héasca.

Tá an t-údar ag dul le dochtúireacht san fhisic i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. D’fhoilsigh sé litreoir Gaeilge a oibríonn le Microsoft Word le déanaí (www.gaelspell.com).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.