Tabharfaidh Beo cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach mí. Sa chéad alt sa tsraith, déanann Odi Ní Chéilleachair cur síos ar a ceantar dúchais féin, An Rinn i bPort Láirge.
Is í An Rinn an Ghaeltacht is lú aithne agus is lú achair sa tír. Ní sa Rinn amháin atá an Ghaeltacht agus is minic a dhéantar dearmad ar an Sean-Phobal agus an giota beag de pharóiste na hAirde Móire atá mar chuid de Ghaeltacht na nDéise. Tá an Rinn difriúil ó na Gaeltachtaí eile ar mhórán slite; tá talamh bhreá mhéith ann, ní hionann is ceantair eile Ghaeltachta a bhfuil mórchuid cloch is gannchuid cré iontu. Is deacair a chreidiúint gur mhair an Ghaelainn i gcúinne beag torthúil agus tá an-chreidiúint ag dul do mhuintir na Rinne as ucht an teanga a choimeád ina beatha.
Is dócha gurbh é bunú Choláiste na Rinne a shábháil Gaelainn na nDéise ón uaigh; comhfhiontar de shórt a bhí anseo idir muintir na háite agus lucht athbheochan na teanga. Thug an Coláiste stádas don teanga agus chuir sé ina luí ar an bpobal go raibh fiúntas ag baint léi agus nár bhain sí le bochtanas agus leis an drochshaol amháin. Bhí, agus tá fós, tábhacht eacnamaíoch ag baint leis an gColáiste agus is fiú na milliúin punt é do gheilleagar na Rinne agus an cheantair máguaird.
Tháinig meath arís ar an teanga le linn na gcaogaidí agus na seascaidí ach tá feabhas mór tagtha ar an scéal ó na seachtóidí ar aghaidh, a bhuíochas le dúthracht agus díograis mhúinteoirí na scoileanna agus an dream a roghnaigh an Ghaelainn mar theanga bhaile.
Deacrachtaí
Inniu tá daonra de os cionn 1,500 duine ag an Rinn agus an Sean-Phobal. Cothaíonn an líon íseal seo daoine deacrachtaí maidir le cúrsaí sochtheangeolaíochta agus iompar teanga. Is leithinis bheag í an Rinn, í ceithre mhíle ar fhad agus míle ar leithead agus í ar thairseach Dhún Garbháin agus na Galltachta. Tá lear mór strainséirí ag cur fúthu sa Rinn, cliamhaineacha isteach ina measc, agus cé go bhfuil cuid acu ‘níos Gaelaí ná na Gaeil féin’, caithfear a rá nár dhein cuid mhaith acu mórán d’iarracht leis an teanga. Má chuirtear san áireamh go bhfuil sé deacair gréasán cumarsáide a chothú i measc slua beag agus go gcaithfidh muintir na Rinne a ngnó a dhéanamh trí mheán an Bhéarla, is fuirist a thuiscint cén fáth a bhfuil an Ghaelainn ag lagú i measc áitritheoirí na Rinne.
Ní hamháin go bhfuil na cainteoirí dúchais ar fad ag imeacht uainn, tá an saibhreas, an blas, na nathanna agus na focail ar leith a bhaineann le canúint na Rinne ag imeacht ón gcaint leis. Dar ndóigh, ní bhaineann an feiniméan seo leis an Rinn amháin ach tá sé níos feiceálaí i nGaeltacht na nDéise toisc go bhfuil an ceantar chomh beag sin. Ait go leor, de réir fhigiúirí an daonáirimh dheireanaigh, is í an Ghaelainn an teanga bhaile atá ag breis is 60% de mhuintir na Rinne! Cé gur deacair é a chreidiúint, léiríonn an t-eolas seo go bhfuil na Déisigh bródúil as an nGaelainn agus báúil léi.
Amhránaithe cumasacha
Is deacair An Rinn a shárú ó thaobh ceoil agus cultúir de. Tá cáil na hamhránaíochta ar an gceantar agus is deas liom a rá go bhfuil traidisiún an tsean-nóis fós beo beathaíoch san áit agus tá scoth na n-amhránaithe ag cleachtadh na ceirde ársa seo. Is liosta le háireamh na hamhránaithe cumasacha atá sa Rinn agus tá an-chuid duaiseanna Oireachtais imithe go dtí an dúthaigh le blianta beaga anuas. Tá an ceol féin an-láidir agus bíonn seisiúin rialta sna tithe tábhairne i rith na bliana ar fad.
Tá líon mór ealaíontóirí ag cur fúthu sa Rinn agus iad ag plé le meáin dhifriúla: gloine, adhmad, cré agus, dar ndóigh, an phéintéireacht féin. Tá cumann láidir drámaíochta sa Sean-Phobal agus tarraingt mhór ag an bpobal ar na léiriúcháin. Tá borradh tagtha ar chúrsaí scríbhneoireachta chomh maith, go mór mhór i measc na mban. Foilsítear irisleabhar bliantúil, An Linn Bhuí ina mbíonn eolas faoi sheanchas, stair agus rudaí eile a bhaineann le Gaeltacht na nDéise.
Is fiú go mór d’aoinne a bhfuil suim aige/aici sa chultúr Gaelach cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht ghleoite na Rinne. Tá tithe lóistín d’ardchaighdeán chomh maith le bialanna, tithe tábhairne agus áiseanna eile sa cheantar. Tá an áit féin go hálainn agus í glan ar thruailliú agus loitiméireacht. Tá ciúnas agus síocháin le brath san áit agus tá muintir na háite caoin agus cairdiúil.
Mar a luas cheana, tá cáil an cheoil ar an áit agus má thagann tú trasna ar an dream ceart, ní chífidh tú aon leaba!
Tá Odi Ní Chéilleachair agus a deirfiúr Sorcha tar éis a gcéad albam (’Briseann an Dúchas’) a eisiúint ar an lipéad Cló Iar-Chonnachta.