Tá sé ceithre bliana déag anois ó chuaigh Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy isteach sa stiúideo leis an albam ‘Altan’ a thaifeadadh. Réitigh siad chomh maith sin le beirt de na ceoltóirí a bhí ag seinm ar an albam, Ciarán Curran (bouzouki) agus Mark Kelly (giotár), gur chinn siad ar ghrúpa a bhunú leo agus Altan a thabhairt mar ainm air. Tá an domhan mór siúlta ag Mairéad agus ag an ghrúpa ó shin ach má tá sí ag éirí bréan den saol fuadrach seo, ní raibh sin le brath uirthi nuair a chuaigh mé chun cainte léi ag deireadh mhí an Aibreáin.
Fuair Frankie Kennedy bás go tragóideach den ailse i mí Mheán Fómhair 1994 agus tháinig Dermot Byrne, boscadóir den scoth as Dún na nGall, isteach sa ghrúpa an bhliain chéanna sin. Phós Mairéad agus Dermot dornán blianta ó shin agus tá cónaí orthu anois i Ráth Garbh, tuairim is ar thrí mhíle ó lár Chathair Bhaile Átha Cliath.
Is minic a chloisfeá daoine a bhfuil seanaithne acu ar Mhairéad ag rá nár athraigh sí riamh, nach bhfuil éirí in airde dá laghad ag baint léi in ainneoin go bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aici féin agus ag an ghrúpa. Ritheann sé seo liom arís agus mé i mo shuí ina cistin, ise ag réiteach bia dom le déanamh cinnte nach bhfágfaidh mé an teach ocrach.
Conradh le Virgin
Cúig bliana ó shin d’fhág Altan Green Linnet Records, an comhlacht Meiriceánach a raibh siad leo ar feadh tuairim is deich mbliana, agus shínigh conradh le Virgin Records. Nuair a fógraíodh an t-athrú seo, bhí imní ar go leor daoine go mbeadh géilleadh an-mhór i gceist. Tá Mairéad sásta leis an chinneadh, áfach.
‘Thosaigh muidinne le comhlacht beag ar dtús. Bhí sé deacair go maith againn ár n-ainm a dhéanamh leis an chomhlacht sin. Tá Virgin ag déanamh margaíochta ar fud an domhain - bhí sin de dhíth orainne. Bheadh muid ar mire linn féin muna rachadh muid le comhlacht níos mó nuair a bhí an deis againn sin a dhéanamh.’
Tá sí sásta leis an chonradh fosta ó thaobh airgid de. ‘Seo an conradh is fearr a fuair grúpa traidisiúnta ar bith, taobh amuigh de na Chieftains, le blianta anois. Chuidigh sin linn am a fháil ár gcuid oibre a dhéanamh i gceart. Tabharann conradh mór deis duit do cheird a dhéanamh níos fearr. Ní bhíonn an streachailt chéanna le déanamh agat nuair a bhíonn conradh ceart agat.’
Deir Mairéad nach gcuireann Virgin brú ar bith ar an ghrúpa ó thaobh na teanga de, gur cuma leo í a bheith ag canadh i nGaeilge. ‘Níor dhúirt siad a dhath liom fán teanga ariamh. An rud a bhíonn siadsan a chuartú nó catchy songs, mar a deir siad féin! Ní bhíonn siad róbhuartha fá chúrsaí teanga.’ Is buntáiste é, dar léi, go bhfuil go leor ceoltóirí as an Afraic sínithe ag Virgin (tríd an chomhlacht Real World, mar shampla) agus go gcanann siad ar fad ina dteanga dhúchais féin.
Mar sin féin, molann Virgin uaireanta d’Altan triail a bhaint as rudaí nua, ach tá teorainn leis an bhrú is féidir leo a chur ar an ghrúpa. ‘Tá sé scríofa sa chonradh nach bhfuil cead acu ár gcuid ceoil a athrú, go bhfuil smacht iomlán againne ó thaobh an cheoil de, artistic control. Chuir muid sin isteach mar aguisín beag sa chonradh mar go raibh cuid mhór daoine i ndiaidh a rá linn go raibh imní orthu go n-athródh an comhlacht muid.’
Ní dhearna Virgin iarracht ach oiread léiritheoirí a bhrú orthu. Is iad féin a léirigh gach albam go dtí seo, cé go raibh siad ag smaoineamh go minic ar dhuine eile a thabhairt isteach leis an obair seo a dhéanamh.
‘Achan am a bhíonn muid ag obair ar cheirnín úr, bíonn muid i gcónaí ag caint faoi léiritheoirí. Tig na hainmneacha céanna chun cinn i gcónaí: Daniel Lanois agus Elvis Costelloe, cuir i gcás.’ Tharla sé i gcónaí go dtí seo, áfach, nuair a bhí na hamhráin agus na poirt bailithe le chéile acu d’albam nua go ndearna siad cinneadh an léiriú a dhéanamh iad féin, ar eagla go dtiocfadh athrú rómhór ar an cheol.
Mar sin féin, deir Mairéad go dtiocfadh leis tarlú san am atá romhainn go bhfaigheadh siad duine mar Lanois leis an léiriú a dhéanamh. Tá sí den bharúil go bhfuil an fhuaim a chruthaíonn sé ‘tíriúil’ ach tá rud amháin a chuireann imní uirthi: go bhfágann sé rian róláidir go minic ar chuid ceoil daoine eile. Measann sí go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé sin isteach ar bhaill eile an ghrúpa ach níor mhiste léi féin go pearsanta é cúpla ceann dá gcuid amhrán a léiriú. ‘Le fuaim úr a fháil, ba mhaith liom duine inteacht mar sin a thabhairt isteach,’ a deir sí.
Iomaíocht
Caitheann Altan tréimhsí fada ar camchuairt thar lear, go háirithe i Meiriceá. Deir Mairéad go bhfuil sé cineál íorónta go gcaithfidh grúpa atá ag seinm ceol Gaelach an tír a fhágáil lena mbeatha a thabhairt i dtír. Nuair a thosaigh Altan sna hochtóidí, ní raibh ann ach cúpla grúpa mór traidisiúnta (na Chieftains, De Danann, Arcady) ach anois tá go leor grúpaí eile traidisiúnta in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha. ‘Níor mhaith liom a bheith ag toiseacht inniu,’ a deir sí, ‘nó tá oiread ceoltóirí agus grúpaí óga amuigh ansin.’
Nuair a théann Altan go Meiriceá ní théann an oiread sin daoine de shliocht na hÉireann le hiad a fheiceáil - daoine a bhfuil suim acu sa cheol tíre agus i gceol domhanda is mó a mheallann siad chuig a gcuid ceolchoirmeacha.
‘Ní bhíonn Éireannaigh againn ach cúpla áit: San Francisco, Nua-Eabhrac agus Boston. Téann muid cuid mhór áiteacha eile nach bhfuil Éireannaigh iontu - Phoenix agus Tucson in Arizona, mar shampla. Corruair thuas sna sléibhte, ní bhíonn i láthair ach na Navahoes.’
Cé go gcaitheann cuid ball an ghrúpa a lán ama le chéile, deir Mairéad nach mbíonn teannas ar bith eatarthu. Nuair a tharlaíonn sé go mbíonn drochaoibh ar dhuine acu, bíonn a fhios ag an chuid eile gur gá é nó í a sheachaint go dtí go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí. Tá dlúthchairdeas eatarthu agus téann siad amach ag ithe dinnéir agus go sóisialta le chéile, fiú i ndiaidh lá fada a chaitheamh ag obair le chéile.
Bródúil as a cúlra
Agus í ina seasamh os comhair lucht éisteachta in Éirinn nó i gcéin, ní smaoiníonn Mairéad uirthi féin mar ambasadóir don Ghaeilge. ‘Tuigim go bhfuil an teanga tábhachtach ach bím i gcónaí ag rá liom féin gur an ceol an rud is tábhachtaí - sin an tuige a thosaigh mé a sheinm, ní ar mhaithe leis an Ghaeilge.’ Measann sí go dtiocfadh leis dochar a dhéanamh don cheol, go gcaillfeadh sé a dhraíocht, dá mba rud é gur thosaigh sí ag smaoineamh ar an teanga seachas ar an cheol féin.
Tá sí bródúil as an teanga agus as a cúlra, mar sin féin. Tuigeann sí gur pribhléid amach is amach atá ann go raibh an deis aici oiread dá cuid ceoil a fháil ón ghlúin a chuaigh roimpi.
‘Corruair, ním dearmad go bhfuil sin iontach, iontach neamhghnách. Bíonn cuid de na ceoltóirí óga ag rá liom ‘’Nach méanar duit, bhí aithne agat ar a leithéid seo nó a leithéid siúd de dhuine, agus fuair tú do chuid amhrán díreach uathu.’’ An chuid is mó den dream óg anois, is ó théipeanna nó ó cheirníní daoine eile faigheann siad a gcuid ceoil.’
An éiríonn sí tinn de bheith ag canadh na n-amhrán céanna arís is arís eile? Deir sí gur tharla sé seo i gcás an amhráin ‘Dúlamán’ agus gurbh éigean di éirí as é a cheol ar feadh cúpla bliain. Ní tharlaíonn sé an oiread sin, áfach, de bharr go bhfaigheann sí fuinneamh nua ó bheith ag canadh do ghrúpaí difriúla daoine an t-am ar fad.
Admhaíonn Mairéad go bhfuil sé deacair amhráin thraidisiúnta a aimsiú i nGaeilge nár chan Clannad nó Clann Uí Dhomhnaill (Tríona, Maighread agus Mícheál) cheana féin ach deir sí go mbíonn sí i gcónaí ag tochailt. Beidh Altan ag taifeadadh dlúthdhiosca nua i mbliana agus deir sí go bhfuil suas le seacht gcinn d’amhráin ina ceann aici ba mhaith léi a thaifeadadh agus iad sa stiúideo an iarraidh seo.
Braitheann sí brú áirithe nuair a bhíonn dlúthdhiosca á chur le chéile ag an ghrúpa na laethanta seo. De bharr go bhfuil Altan le chéile le fada anois, measann sí go mbíonn daoine ag súil le rud éigin difriúil i gcónaí, go bhfuil an lucht leanúna ag éirí níos deacra a shásamh. ‘Caithfidh tú rud iontach éagsúil a dhéanamh le déanamh cinnte go n-éisteofar leat,’ a deir sí.
An todhchaí
Níl sé i gceist ag Mairéad éirí as a bheith ag seinm le hAltan go ceann i bhfad. Níl sí buartha faoi bheith ag éirí níos sine. ‘Níl íomhá i gceist sa cheol traidisiúnta - thig leat coinneáil ort ag seinm, is cuma cén aois atá tú. Tá sé cosúil le snagcheol ar an dóigh sin.’
Tá sí dóchasach faoi thodhchaí an cheoil thraidisiúnta. Tá glúin nua ceoltóirí óga ag teacht chun cinn i nDún na nGall (luann sí a nia féin, Ciarán Ó Maonaigh, mar shampla, agus Derek McGinley as Gleann Cholm Cille) agus tá suim sa cheol traidisiúnta ag fás i gcónaí. Deir sí go mbíonn a hathair féin, Francie, ag múineadh na fidle don aos óg ceithre oíche sa tseachtain i rith an gheimhridh.
Tugann sé sásamh an-mhór di go bhfuil aird lucht ceoil ar fhidléirí Dhún na nGall anois, go bhfuil urraim ag daoine dóibh anois nach raibh roimhe seo. Measann sí gur ardú meanman é seo do na daoine atá ag seinm na stíle sin le blianta fada.
Thug sé sásamh chomh maith di roinnt blianta ó shin nuair a dúirt an fidléir cumasach Conallach Vincent Campbell léi gur mheas sé go raibh moladh mór tuillte ag Altan as an mhéid a bhí déanta acu do cheol an chontae.
Agus mé ag fágáil theach Mhairéad, mo sháith ite agam agus dhá dhlúthdhiosca i mo sheilbh a bhronn sí orm mar bhronntanais, rith sé liom gur duine í a mbeadh a leithéid de mholadh níos tábhachtaí di ná moll mór airgid ó Virgin Records nó ceolchoirm mhór eile sa Hollywood Bowl.