THALL IS ABHUS/AN ÁIT IS ANSA LIOM
Deirbhile Ní Churraighín
Deirbhile Ní Churraighín Deirbhile Ní Churraighín

Sa tsraith seo, déanfaidh daoine atá i mbéal an phobail cur síos ar an áit nó ar na háiteanna is fearr liom in Éirinn nó thar lear. An mhí seo: Deirbhile Ní Churraighín, Oifigeach Ceannacháin TG4.

Íomhá
Deirbhile Ní Churraighín
Íomhá
An Trá Bhán, Málainn Bhig

Is beag áit atá níos cóngaraí do mo chroí ná áit ar bith eile, ach amháin trá Mhálainn Bhig i nGleann Cholm Cille lá breá samhraidh, b’fhéidir. (Is iomaí uair a d’éalaigh mé síos na céimeanna sin agus a chaith mé lá iomlán ar an trá nuair a bhí súil liom áit éigin eile - sa phortach, mar shampla.) Le cois Málainn Bhig, tá cúpla áit eile in Éirinn agus thar lear a fhanfaidh go buan i mo chuimhne agus a bhfuil fonn orm pilleadh orthu san am atá romhainn.

Inis Meáin, cuir i gcás. Ba iad na daoine ansin níos mó ná rud ar bith eile a chuaigh i bhfeidhm orm, cé go bhfuil sé go hálainn mar áit fosta. Nuair a bhíonn tú ansin cuireann siad fáilte chroíúil romhat. Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú nuair nach mbíonn tú ansin, áfach, mar gur dream neamhspleách iad.

Is daoine iontu féin i gcónaí iad muintir Inis Meáin, fiú iadsan a bhfuil seal fada caite acu ar tír mór. Go hádhúil, níl an t-oileán millte ag an tslua-thurasóireacht go fóill.

An Trá Bhán, Málainn Bhig

Bhí dúil mhór agam fosta i gCeathrú Thaidhg ar chósta Mhaigh Eo nuair a thug mé cuairt air cúpla uair. Ceantar fiáin, álainn atá ann ina bhfuil pobal bríomhar cairdiúil. Tá na cathanna céanna le troid acu agus atá ag Gaeltachtaí beaga eile lena gcultúr a thabhairt slán, ach tá ag éirí leo é sin a dhéanamh. Is é an t-aon áit in Éirinn, go bhfios domhsa, atá níos gaofaire ná Gleann Cholm Cille!

Tá mé féin den bharúil go bhfuil cósta Aontroma ar cheann de na háiteacha is deise sa tír. Má tá deireadh seachtaine ná níos faide le spáráil agat, soir ó thuaidh leat agus ní bheidh díomá ort.

Maidir le háiteacha that lear: is breá liom Samos agus Thira na Gréige, Grand Canyon Mheiriceá, Flórans na hIodáile, ceantar Soho i Londain, Manhattan, Monte Carlo … Cuir stop liom duine éigin!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.