THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Cúba: saol eile ar fad
Roberta Stefan Roberta Stefan Roberta Stefan
Íomhá
Íomhá

Clár faisnéise a chonaic mé ar an teilifís ag tús na bliana a tharraing m’aird ar Chúba ar dtús. Bhí mé ag úthairt liom sa bhaile tráthnóna Dé Sathairn amháin agus gan beann agam ar an teilifís a bhí ar siúl sa chúlra. Mheall an ceol rithimeach i dtreo an bhosca mé, áfach, agus thosaigh mé ag féachaint ar chlár faoi Chúba. Chuaigh an ceol agus na dathanna iontacha go mór i gcion orm agus chinn mé ag an phointe sin gur go Cúba a rachainn ar mo chéad saoire eile. Nuair a bhain mé an áit amach sa deireadh, ní raibh díomá orm.

Nuair a chuaigh mé ansin, rinne mé teagmháil den chéad uair le saol atá an-difriúil ón chineál saoil a bhfuil taithí againne Eorpaigh air. Is saol simplí go maith é. In ainneoin go bhfuil an chuid is mó acu an-bhocht, bíonn cuma ghealgháireach ar na Cúbaigh de ghnáth agus bíonn siad i gcónaí ar thóir an spraoi. Bíonn siad de shíor ag cuardach deiseanna le bheith ag damhsa leis an rithim salsa, is cuma cén áit a bhfuil siad nó cad é atá á dhéanamh acu. Chíonn tú iad ag damhsa agus iad ag obair nó fiú ag fanacht leis an bhus.

Nuair a labhraíonn tú leo, áfach, tosaíonn siad ag gearán os íseal faoin bhochtanas agus faoi na bacanna atá curtha rompu ina saol. Ba mhaith le go leor acu an tír a fhágáil ach níl cead acu é sin a dhéanamh.

An margadh dubh

Ní bhfuair mé féin agus mo chairde mórán deiseanna a bheith ag taisteal le linn ar dtréimhse ansin de bharr go raibh báisteach throm ann ar feadh ceithre lá (an t-aon cheithre lá sa bhliain a bhíonn fliuch, dar leis na Cúbaigh ar labhair muid leo!) agus de bharr go raibh muid ag brath barraíocht ar an mhargadh dubh. Loic daoine orainn cúpla uair - cuireadh turas amháin ar ceal gan míniú ar bith, mar shampla, agus dá bharr sin ní fhaca muid Cayo Largo, oileán beag ar an chósta ó dheas agus ceann de na hionaid saoire is deise i gCúba, deirtear.

Tá an margadh dubh gníomhach go maith, go háirithe i Varadero, an ceantar turasóireachta ina raibh muidne. Bíonn bunadh na háite i gcónaí ag iarraidh a bheith ag díol rudaí go mídhleathach leat: turasanna, dinnéir (gliomach deas úr, de ghnáth, a bhíonn tógtha acu féin as an fharraige an lá sin), ceardaíocht agus go leor eile. De réir dlí níl cead acu baint ar bith a bheith acu le turasóirí; níor cheart go mbeadh siad ag tabhairt cuiridh abhaile dóibh, agus ag ullmhú agus ag díol dinnéir leo. Tarlaíonn sé seo go rialta, áfach, agus deir na Cúbaigh nach bhfuil an dara rogha acu mar nach féidir leo a bheith beo ar a dtuarastal amháin ($10 Meiriceánach sa mhí ar an mheán).

Fuair muid cuireadh dul go teach i gcomhair dinnéir agus chuaigh muid ansin faoi choim na hoíche. Bhí an gliomach go breá ach baineadh siar as mo chuid compánach fir nuair a tairgíodh gnéas (bean go maidin ar $30) dóibh!

Caithfidh tú a bheith ar d’airdeall i gcónaí. Bhí turas timpeall Havana againn le tiománaí a bhí tugtha don chócaoin agus a bhí ag tiomáint go han-dainséarach. Ag deireadh an turais ghabh na póilíní é de bharr gur pháirceáil sé a charr i lár an Plaza de la Revolucion (b’ionann sin agus páirceáil sa Chearnóg Dhearg i Moscó!). B’éigean dúinn fanacht leis ar feadh dhá uair an chloig taobh amuigh de stáisiún na bpóilíní mar nach raibh oiread agus cáipéis amháin á hiompar aige, fiú sa charr. Sa deireadh d’éirigh linn an t-óstán a bhaint amach slán sábháilte, ach fanfaidh an lá sin go buan i mo chuimhne!

An saol sóisialta

Tá saol sóisialta iontach i gCúba: má thaitníonn ceol Laidineach-Mheiriceánach leat, beidh am ar dóigh agat. Is minic a bhíonn banna ag seinm beo roimh dhioscó agus bíonn slua mór daoine ag damhsa go háthasach os comhair an stáitse. Chuirfeadh siad fonn rince ar an mharbhán féin! Bíonn gach duine ag damhsa le daoine éagsúla, seachas le duine amháin, agus is léir go n-éiríonn leis an cheol nasc láidir a chothú eatarthu. Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar La Rumba agus ar an Mambo Club i Varadero (cead isteach: $10).

Is daoine iad na Cúbaigh nach bhfuil róbhuartha faoi phríobháideacht. Thuig mé é sin an chéad oíche agus mé ar an bhus ón aerfort go dtí an t-óstán. Ní raibh cuirtíní ar bith le feiceáil ar fhuinneoga na dtithe agus dá bharr seo bhí radharc breá le fáil ar a raibh ag tarlú taobh istigh de na tithe sin.

Caithfidh mé a admháil gur bhain na leithris phoiblí geit an-mhór asam. Ní raibh an balla thart ar gach both ach 1.5 méadar ar airde, rud a d’fhág go bhféadfadh duine breathnú isteach ort dá mba mhian léi. Bhí náire ormsa ach bhí an chuma ar an scéal nár chuir an easpa príobháideachta isteach ar dhuine ar bith eile!

Ag caint ar a bheith ag brath go rabhthas i gcónaí ag faire ort: tá pictiúir den réabhlóidí Che Guevara, a throid le Castro i réabhlóid na gcaogaidí, le feiceáil ar fud na háite. Ach fiú má bhíonn tú bréan de bheith ag féachaint air faoi dheireadh do shaoire, níl sé inmholta aon rud diúltach a rá faoi. Tá sé sin i gcoinne an dlí i gCúba agus gach seans, mar sin, go mbeidh tú ag cothú trioblóide duit féin má bhíonn tú róbhéalscaoilte.

Roinnt moltaí don té a bheadh ag smaoineamh dul go Cúba

Cúrsaí teanga

Is í an Spáinnis teanga oifigiúil na tíre agus is beag Béarla atá ag na gnáthdhaoine (seachas sna hóstáin mhóra).

Sláinte

In ainneoin bhochtanas na tíre, tá muintir Chúba breá sláintiúil. Tá na hospidéil go maith (dúirt idir Chúbaigh agus eachtrannaigh é sin) agus tá aire dochtúra saor in aisce do thurasóirí. Ní gá duit vacsaíniú a fháil roimh dhul ansin.

Lóistín/Rudaí le déanamh

Tá eolas cuimsitheach le fáil ag: http://www.1000traveltips.org/habana.htm

Airgeadra

Úsáideann na Cúbaigh an peso, ach is gá do thurasóirí dollair Mheiriceá a úsáid an t-am ar fad.

Ná glac leis go n-oibreoidh do chárta ATM agus tú ansin. Theip ormsa airgead a fháil as an bhalla in ainneoin go bhfuil mo chárta bainc Iodálach in ainm is oibriú i ngach cearn den domhan.

An córas iompair

Nuair a bhíonn tú ag tiomáint timpeall, feiceann tú a lán daoine ag fanacht le bus nó le síob. Mar gheall ar an bhochtanas, níl carr ag mórán daoine sa tír. Tá go leor seancharranna Meiriceánacha ó na caogaidí le feiceáil, áfach (Chevrolets agus dath an-gheal orthu, mar shampla).

Níl an córas iompair poiblí rómhaith. Tá na busanna an-sean agus is minic a úsáidtear seanleoraithe, fiú amháin, mar ghléas taistil. Úsáideann bunadh na háite iad ach ní fhaca mé riamh turasóirí orthu.

B’fhéidir go mbeadh fonn ort dul ar an ordóg ó áit go háit. Nós é seo atá an-choitianta i measc na gCúbach. Tá dlí ann, fiú, a deir gur gá do thiománaí a bhfuil suíochán folamh aige ina charr stopadh don té atá ag lorg síbe.

Tá an coche particular ar fáil chomh maith. Is carranna príobháideacha iad seo a bhíonn ag feidhmiú mar thacsaithe, ach iad i bhfad níos saoire ná na gnáth-thacsaithe. Tá sé furasta gluaisrothar a fháil ar cíos fosta agus is faoiseamh iontach é san aimsir the a bheith ag tiomáint a leithéid in aice na farraige.

Is múinteoir Béarla i Milano na hIodáile í Roberta Stefan. Chríochnaigh sí tráchtas ar mhúineadh na Gaeilge in Éirinn i mí na Nollag 2000.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.