Is scoil trasdisciplíneach lán-Ghaeilge é Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. San alt seo, déanann Emer Ní Bhrádaigh cur síos ar na cláracha nuálaíocha iarchéime atá á dtairiscint aige.
»»»Chaith Emer Ní Bhrádaigh an Nollaig seo caite i Wisconsin Mheiriceá agus bhraith sí uaithi a tír dhúchais go mór.
»»»Tar éis d’Emer Ní Bhrádaigh Camino de Santiago de Compostella na Spáinne a shiúl an samhradh seo, bhí sí cinnte de rud amháin - nach mbeadh sí ag dul ar ais ansin an bhliain seo chugainn.
»»»Chaith Emer Ní Bhrádaigh tréimhse phléisiúrtha i dTír na mBascach sa Spáinn an samhradh seo.
»»»Thug Emer Ní Bhrádaigh cuairt ar Ostfriesland na Gearmáine an samhradh seo agus chuaigh an caighdeán maireachtála ansin, agus dearcadh na ndaoine i dtaobh an chomhshaoil, i bhfeidhm go mór uirthi.
»»»Le linn di a bheith i Londain an mhí seo caite ar saoire, thug Emer Ní Bhrádaigh cuairt ar go leor áiteanna suimiúla agus d’fhoghlaim sí roinnt fíricí nua - i dtaobh fho-éadaí na Banríona Eilís, mar shampla.
»»»Léirigh taighde a rinne Emer Ní Bhrádaigh le déanaí go bhfuil go leor de na fadhbanna céanna luaite sa tuarascáil a d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta i mbliana is a bhí sa cheann a d’fhoilsigh an chéad choimisiún go luath tar éis bhunú an tSaorstáit.
»»»Tá ceithre oiread daoine ag fáil oideachas tríú leibhéal anois ná mar a bhí sna seascaidí ach tá go leor daoine fós nach bhfuil deis acu teacht i dtír ar an réimse leathan cúrsaí atá ar fáil. Measann Emer Ní Bhrádaigh go gcaithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus leis an deacracht atá ann de bharr líon na ndaltaí Ardteistiméireachta a bheith ag titim.
»»»Measann go leor de mhuintir na hÉireann gur luachmhaire an éiceolaíocht agus an timpeallacht ná an Ghaeilge agus an oidhreacht, dar le hEmer Ní Bhrádaigh.
»»»Chaith Emer Ní Bhrádaigh lá Nollag sa phríosún. Míníonn sí in alt na míosa seo conas a tharla sé sin.
»»»Caitheann Emer Ní Bhrádaigh súil siar ar chuid d’imeachtaí na bliana 2001.
»»»Tá straitéis nua sláinte curtha faoi bhráid an phobail ag an gcomhrialtas ach tá go leor éagothroime i gcúrsaí leighis go fóill, dar le hEmer Ní Bhrádaigh.
»»»Ní i gcónaí a éiríonn le lucht margaíochta a thuar cad iad na táirgí a n-éireoidh go maith leo, mar a mhíníonn Emer Ní Bhrádaigh.
»»»Chuir an t-uafás i Nua-Eabhrac an mhí seo caite Emer Ní Bhrádaigh ag machnamh ar na difríochtaí idir an tIarthar agus an Meánoirthear agus ar easpa tuisceana lucht gnó an Iarthair ar chultúir eile.
»»»Tá Emer Ní Bhrádaigh den tuairim go bhfuil sé tábhachtach scoláirí tríú leibhéal a ullmhú don saol mór seachas a gcloigeann a líonadh le fíricí.
»»»Aréir bhíos ag léamh leabhair a foilsíodh sna 1960í faoi choincheap an chaipitil dhaonna agus b’ionadh liom an dul chun cinn atá déanta againn mar shochaí ach b’ionadh liom níos mó an easpa dul chun cinn ar bhealaí eile.
»»»Tá amhrán ag Seán Keane na Gaillimhe dar teideal ‘From Galway to Graceland’, agus smaoiním air seo nuair a bhíonn an díospóireacht ar siúl faoi Bhaile Átha Cliath ag bogadh níos gaire do Bherlin nó do Bhoston. Bhí comhdháil ar siúl i mí na Bealtaine faoin téama seo ag ISME, ceann de na heagrais do chomhlachtaí beaga agus leathmhóra. Tá an cheist le freagairt againn go luath le cinntiú nach ndéanfaimid an iomarca de na botúin a deineadh i gceachtar den dá áit sin. An bhfuilimid ag iarraidh níos mó cumhachta a thabhairt d’fhórsaí an mhargaidh agus do mhúnla chaipitleachas dírialaithe Mheiriceá, nó an fearr múnla sóisialta na hEorpa.
»»»Bhí tráth ann sna seachtóidí nuair a bhí turasóirí Meiriceánacha (gléasta ar nós leipreacháin a déarfadh daoine míchineálta) go feiceálach ar fud na tíre. Anois is Tíogar mór Meiriceánach atá inár measc. Labhraíonn muid ar an Tíogar Ceilteach ach is é fírinne an scéil go bhfuil an Tíogar seo leath-Mheiriceánach. Tá geilleagar na tíre seo ag brath i bhfad níos mó ar mhargaí idirnáisiúnta ná mar atá geilleagar tíortha eile. Déanaimid 78% d’olltáirgeacht náisiúnta (GDP) na tíre a easpórtáil, agus 13% go Meiriceá féin - figiúr atá cúig huaire chomh mór leis an meánchéatadán don Aontas Eorpach. Agus thairis sin, tá 50% d’easpórtálaithe na tíre ag teacht ó chomhlachtaí Meiriceánacha. Ní thógann sé mórán ama cuid acu a ainmniú: Intel, Dell, Microsoft, Apple, Hewlett Packard, atá ag plé le cúrsaí ríomhaireachta.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.