Le linn di a bheith i Londain an mhí seo caite ar saoire, thug Emer Ní Bhrádaigh cuairt ar go leor áiteanna suimiúla agus d’fhoghlaim sí roinnt fíricí nua - i dtaobh fho-éadaí na Banríona Eilís, mar shampla.
*God help us! *Bhí mé i Londain Shasana le déanaí le scata Yeaincs nó Poncánach. Ba mhinic thall mé cheana ar cuairt ag cairde, ar ghnó, nó ar mo bhealach le “fíorchultúr” a bhlaiseadh ar an Mór-Roinn. An t-am seo bhíos ar chasán na dturasóirí. Bhíos ar oilithreacht sa Mecca úd, le breathnú ar chuile shórt a bhain leis an Ríocht agus an teaghlach ríoga. Mar nach bhfuil aon rí agus banríon cheart againn féin, bhí orm iad a fháil in áit éigin eile, agus fuair.
Suas staighre linn ar cheann de na busanna turasóireachta sin, mise ag smaoineamh go mbeadh míle bealach níos fearr agam leis an £16 (€24) úd a chaitheamh. Ach ní hea! Seo a bhí ó mo chairde Meiriceánacha - dream bocht eile gan rí agus banríon. Ar aghaidh linn timpeall ar an gcearnóg úd, an pálás úd, an bhialann úd. Táim anois i mo shaineolaí ar oifigí Shéarlais, gruagaire Diana, árasán Mohammad Al Fayed inar chaith Diana agus Dodi am ag suirí, cistiní na Banríona, agus seoid an turais - soláthróirí fo-éadaí na Banríona. Daoibhse ar suim libh é seo, tá an siopa cáiliúil seo suas an bóthar ó Sotheby’s. An é go mbeidh Sotheby’s ag díol na n-éadaí thuasluaite ar ceant i gceann cúpla bliain? Bhíodh Mart and Market ar an raidió ag tabhairt phraghas na mbeithíoch dúinn - an mbeidh praghas g-string Lizzie á fhógairt ag an BBC lá de na laethanta seo?
Admhaím freisin, agus thug an sagart 20,000 coróin Mhuire dom ar an bpeaca marfach seo sa bhfaoistin, go raibh mise ag an Trooping of the Colour agus in Ardeaglais Naomh Pól nuair a bhí Micko’s army ar an bpáirc sa Choiré in iomaíocht leis an Spáinn, ag iarraidh onóir Phoblacht na hÉireann a chosaint. Táim freisin i mo shaineolaí ar na cnaipí atá ar na seaicéid atá ag na reisimintí éagsúla, agus maireann Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann thall i bPálás Buckingham - reisimintí Albanacha agus Éireannacha ina measc. Táim ar fáil anois mar chomhairleoir d’aon duine ar suim leis nó léi níos mó a fhoghlaim faoi thóstail na Sasanach. Déanta na fírinne, chuirfeadh sé scanradh ort an chaoi go bhfuil náisiúnachas na Sasanach chomh dlúite leis an teaghlach ríoga agus le seónna le blas míleata.
Gailearaí den scoth
Faoin uair go raibh an cúl fealltach sin scóráilte ag na Spáinnigh, bhí mé tar éis éalú ó na Yeaincs, le filleadh ar an Tate Modern. Chaitheas lá go leith ar fad san áit. Gailearaí den scoth é seo, iarstáisiún ginte leictreachais, a osclaíodh sa bhliain 2000 le healaín chomhaimseartha agus ealaín an fichiú haois a thaispeáint. Tá taispeántas ar Matisse agus Picasso, Francach agus Catalónach fá seach, ar siúl go dtí lár mhí Lúnasa. Chaitheas dhá uair an chloig ann ag breathnú ar an tionchar a bhí ag an mbeirt ealaíontóirí sármhaithe seo ar a chéile, thar na blianta fada inar threisigh a gcaradas go dtí an pointe gur mheas Picasso nach dtuigfeadh aon duine eile ceachtar acu mar a thuigeadar a chéile. Taispeántas eile sa ghailearaí céanna a thaitin liom ná an ceann ar ghrianghrafadóireacht faisin, a léiríonn go mbíodh na mná scafánta níos mó sa bhfaisean ná mar atá na maidí tanaí míshláintiúla a chuirtear os ár gcomhair na laethanta seo.
Fuaireas an deis freisin cuairt a thabhairt ar Eaglais St Martin in the Fields, atá ar Chearnóg Trafalgar. A fhaid is a bhí na Sasanaigh ag ceiliúradh a mbua i gcoinne na hAirgintíne, istigh sa bhfuarán ar an gcearnóg, bhí mise istigh san eaglais bheag cháiliúil seo ag brionglóid faoi neamh agus an saol draíochta le ceol binn Vivaldi, Handel agus cumadóirí comhaimseartha. Buaicphointe an turais ab ea an cheolchoirm seo, chomh maith leis an Tate Modern. Buaicphointe eile ab ea an t-eitleán ar ais abhaile. Buíochas le Dia gur Éireannach mé agus gur i bpoblacht a mhairim. Is cuma liom cén chuma atá ar fho-éadaí na Banríona, nó cá gceannaíonn sí iad. A Thiarna Dia na Trócaire, an bhfuil a leithéid d’eolas tábhachtach ar chor ar bith?
Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.