THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
An turas ba mheasa - riamh!
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh

Tar éis d’Emer Ní Bhrádaigh Camino de Santiago de Compostella na Spáinne a shiúl an samhradh seo, bhí sí cinnte de rud amháin - nach mbeadh sí ag dul ar ais ansin an bhliain seo chugainn.

Íomhá
Emer Ní Bhrádaigh i bPiríní na Fraince, díreach ar an teorainn leis an Spáinn
Grianghraf: Fionnuala Ní Bhrádaigh
Íomhá
Spéir dhorcha, Estella
Grianghraf: Emer Ní Bhrádaigh
Íomhá
Puenta le Reina (Droichead na Banríona) i Navarra
Grianghraf: Emer Ní Bhrádaigh

Is aistear é an saol ar fad, agus nuair a théann tu ag taisteal foghlaimíonn tú níos mó faoi do chultur féin, fút féin agus do chuid teorainneacha. Tharla seo domsa ar chúpla saoire le roinnt blianta anuas. Do scríobh Apsley Cherry-Garrard leabhar dar teideal The Worst Journey in the World mar gheall ar a thuras le Scott go dtí an tAntartach. Ní dhéanfainn mo thurais féin a chur i gcomparáid go deo lena gceann siúd ach tuigim go maith nach mairfinnse go deo ar a leithéid de thuras.

Na rudaí is uafásaí domsa agus mé thar lear ná an teas, an ghrian, easpa bia, easpa uisce, agus lóistín salach míchompordach ag deireadh an lae. Cén fáth ansin gur chuir mé romham an Camino de Santiago de Compostella a shiúl mar shaoire? Nach bhfuil an saol sa bhaile duairc agus dian go leor gan cur leis an duairceas agus an phian trí breis agus 20 ciliméadar a shiúl sa teas, faoin ngrian, le mála mór ar mo dhroim le mo chuid balcaisí agus bia an lae ann. Ansin, an oíche a chaitheamh i gceann de na Ospedaje del Peregrino ar thrí euro.

Le linn mo chuid siúil bhí neart ama agam le smaoineamh ar chruatan shaol na ndaoine úd a shiúil an camino sna meánaoiseanna. Ach b’fhéidir go raibh sé níos éasca orthu siúd ná ar mo leithéidse, le mo ghlóthach ceatha agus glóthach speisialta do m’aghaidh, mo factor 60, mo thaos fiacla, mo spéaclaí gréine, mo stocaí agus bútaí siúil, mo bhríste siúlóide speisialta le pócaí agus zipeanna speisialta, mo mhála droma a dearadh go heolaíoch, agus na *plasters *speisialta do na spuaiceanna.

Is saineolaí mé anois ar chúram spuaiceanna agus ar conas codladh i leaba gan bhraillíní atá níos cosúla le hámóg, i seomra le 30 duine eile, cuid acu ina speisialtóirí i sranadh go hard. Ó, agus gan aon fhuinneog sa seomra, ná aon aer úr ag teacht isteach. Príosún, purgadóir, ifreann - chuaigh na smaointe ar fad trí m’aigne agus mé i mo luí ansin ag geallúint dom féin gurb é seo an uair dheireanach a rachainn i ngleic lena leithéid de phurgadóir. Deir mé é seo chuile bhliain ach is dona an chuimhne atá agam.

Sléibhte agus bánta

Chaith mé féin agus beirt chairde liom seacht lá ag siúl ar shléibhte na bPiréiní agus ar bhánta Navarra agus thír na mBascach. Bhíodh daoine ag éirí óna sé ar maidin ach bhíodh triúr spéirbhan na hÉireann á gcaitheamh amach as gach ospedaje faoi 7.30 a.m. chuile mhaidin. Cúpla ball éadaigh, glan ach fós fliuch, ag crochadh ón mála droma. Aistear de bhreis agus 20 ciliméadar romhainn. Teas na gréine dian orainn óna naoi ar aghaidh. Cosán fada gan scáth go dtí pointe feiliúnach don lón - áit le scáth agus gan seangáin. Picnic agus ar aghaidh arís faoi bhrothall an lae. Allas agus factor 60 ag meascadh le chéile ar mo chraiceann. Brístí agus léine salach ón dusta agus an meascán ar mo chraiceann. Geallúint dul chuig an Artartach an chéad uair eile.

Seacht gciliméadar fós le siúl. Spuaiceanna ag éirí níos mó le chuile chéim, ach iad ar gach aon taobh de mo chos. Níl an Compeed ag cabhrú. Táim cinnte go mbeidh Naomh Peadar ag cur fáilte agus fiche romham ag doras na bhFlaitheas nuair a thiocfaidh an lá. Geallúint go rachaidh mé chuig faoistin agus ar aifreann go rialta as seo amach. Cúig chiliméadar fós le siúl. Na cosa ag titim díom. An ghrian fós an-te. B’fhéidir go mbeidh an ospedaje lán agus go mbeidh orainn fanacht in óstán. B’fhéidir go dtiocfaidh ciall chuig Martina agus Fionnuala. Radharc deas, ach cad is fiú sin?

Aha! - an baile sroichte againn. An ospedaje bainte amach. Bothán le seanbhuncanna, boladh ait sa seomra. Daoine cairdiúla. Oibrithe deonacha iad ar fad. Cá bhfuil an seomra folctha agus an cith? Ar ais amach sa chlós, isteach doras eile, agus sin é - ina ghlóire ar fad. Gan chuirtín, gan doras, gan phríobháideachas. Táim ar stailc faoin am seo. Diúltaím glan fanacht ann. Tá mé i ndeireadh na péice. Seo mo shaoire, seachas príosún nó bootcamp! Nílim ar an ngannchuid. Breathnaíonn bean an óstáin orainn agus ardaíonn a malaí. Níl seomra aici dúinn. Samhlaím í ag glanadh na háite le Dettol ar imeacht dúinn.

Ar ais linn chuig an “bpálás” agus roghnaím leaba in aice le fuinneog - ach diabhal fuinneog is féidir a oscailt. As sin chuig an gcith, beag beann ar phríobháideachas ag an staid seo. Cithfholcadh breá sula ním léine agus stocaí le crochadh ar mo mhála le triomú an lá dár gcionn.

Fanfaidh mé sa bhaile an bhliain seo chugainn. Tá mo mheas ar thaistealaithe agus ar thaiscealaithe méadaithe go mór.

Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.