TEANGA AGUS CULTÚR
Cár chuala mé an scéal sin cheana?
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh

Léirigh taighde a rinne Emer Ní Bhrádaigh le déanaí go bhfuil go leor de na fadhbanna céanna luaite sa tuarascáil a d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta i mbliana is a bhí sa cheann a d’fhoilsigh an chéad choimisiún go luath tar éis bhunú an tSaorstáit.

Bhíos le cúpla seachtain anuas istigh i bpluais dhorcha na leabharlainne i gColáiste na Tríonóide ag léamh thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta ón mbliain 1926. Bhain mé an-taitneamh as an tseancháipéis de bhreis agus 1,000 leathanach a léamh agus mionscrúdú a dhéanamh ar na léarscáileanna cuimsitheacha a thaispeáin meath na Gaeilge ón mbliain 1911 go dtí an bhliain 1925 nuair a dhein na Gardaí Síochána áireamh speisialta le comparáid a dhéanamh le daonáireamh na bliana 1911. Chuir cuid den scéal alltacht orm, agus i gcás cuid eile de bhraith mé gur beag a bhí athraithe le breis agus 75 bliana anuas. Agus le déanaí foilsíodh moltaí choimisiún na bliana 2002.

An rud is mó a chuir ionadh orm faoi thuarascáil 1926 ná cé chomh beo bocht agus a bhí ceantair faoi leith, agus a laghad deiseanna oideachais a bhí ar fáil. Ní raibh ach meánscoil amháin sa Ghaeltacht ag an am - scoil buachaillí sa Daingean agus í á rith trí mheán an Bhéarla! Mar go raibh cáilíocht mheánscoile ag teastáil leis an jab is ísle fiú a fháil sa státseirbhís, ní raibh aos óg na Gaeltachta i dteideal dul ag obair sna postanna a raibh na deiseanna dul chun cinn is fearr iontu.

Rud eile a chuir ionadh orm ná an stádas a bhí ag an gcléir - níos airde ná “na proifisiúin” mar a ghlaotar orthu. Aon tagairt do thionscail bhain sé leis an gceilp, an iascaireacht, sníomh agus fíodóireacht, lásadóireacht agus an líon bó a bhí ag aon teaghlach. Bhí sé fíorshuimiúil breathnú ar na ceantair ina raibh mórchuid den daonra in ann Gaeilge a labhairt, agus ar na pócaí beaga in áiteanna cosúil le Contae Aontroma agus Contae Luimnigh ina raibh breis agus 25% in ann an teanga a labhairt. Bhí sé soiléir gur sna ceantair ba bhoichte a bhí an leibhéal ab airde de labhairt na Gaeilge.

Seirbhís trí Ghaeilge

An rud is mó a chuireann díomá orm ná go raibh ar choimisiún na bliana seo na rudaí ceannann céanna a rá maidir le seirbhísí poiblí, an státchóras agus cúrsaí oideachais. Tá feachtas ann faoi láthair leis an soláthar oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt. Tá fíorghanntanas seirbhísí leighis trí mheán na Gaeilge ar fáil sna Gaeltachtaí. Ó mo thaithí phearsanta féin, níl dreamanna ar nós An Post fós in ann seirbhís a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí. Tá cearta an Ghaeilgeora á séanadh go fóill, mar a bhí nuair a bhí ar sheanóirí na Gaeltachta i 1926 an sagart paróiste nó an múinteoir scoile a bheith leo agus iad ag lorg phinsean an stáit, agus gan duine ná deoraí eile sa cheantar a bhí i bpost le haon saghas stádais nó tionchair in ann Gaeilge a labhairt. Ach fós mar chuid den athbheochan, ní raibh cead ag múinteoirí ach Gaeilge a labhairt le páistí - fiú mura raibh Gaeilge maith go leor acu.

Maidir leis an iascaireacht, tá sé suimiúil a fheiceáil go raibh an tionscal seo faoi thionchar athruithe an domhain mhóir mar atá tionscal na ríomhaireachta sa lá atá inniu ann. An t-am sin, dhein go leor fear infheistíocht i mbáid iascaireachta, ach tar éis an chéad chogadh domhanda aistríodh na báid mhóra Shasanacha a bhí páirteach sa chogadh ar ais go báid iascaireachta agus chlis ar mhargadh an éisc go tobann. Mar gheall air seo fágadh na hiascairí le fiacha móra. De bharr easpa bonneagair chuí i bhfoirm bóithre agus iarnród, ní raibh an Ghaeltacht sách cóngarach don mhargadh. Tharla an rud céanna do thionscal na fíodóireachta agus na lásadóireachta tar éis an chogaidh freisin, agus luaitear fiú an iomaíocht ón tSín agus ón tSeapáin - ní le déanaí a tháinig an tíogar Áiseach chun cinn! Tá an díospóireacht chéanna ar siúl na laethanta seo faoi mhífheiliúnacht na Gaeltachta do chomhlachtaí ardteicneolaíochta de bharr easpa línte ISDN.

Plus ça change, plus ca reste le même chose, mar a deir na Francaigh. An bhfuilimid ag snámh in aghaidh easa. An bhfuilimid ag lorg an iomarca agus ar chóir dúinn a bheith breá sásta má fhaighimid Aire le Gaeilge tar éis an toghcháin? Níor chóir. Tá dul chun cinn déanta is cinnte, ach tá gnáthchearta daonna i gceist le go leor de na moltaí a bhí ann i 1926 agus atá ann arís i mbliana.

Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.