Chaith Emer Ní Bhrádaigh an Nollaig seo caite i Wisconsin Mheiriceá agus bhraith sí uaithi a tír dhúchais go mór.
Cuireadh pláta dearg isteach i mo lámh agus chuaigh mé sall chuig an mbord ar thaobh an tseomra. Bhí mé caite siar chuig na 1970í agus an tsraith grinn ar an dteilifís. Bhí Alan Alda, MASH *agus an scuaine sa “mess tent*” os mo chomhair. Is fada an lá ó chonaic mé pláta agus rannóga faoi leith ann - ceann don bhfeoil, ceann do na fataí agus ceann don mhilseog. Is fada freisin ó tugadh béile na Nollag dom ar phláta plaisteach - caithfidh go rabhas breá sábháilte i gcathaoir ard, gúna gleoite na Nollag agus bibí beag daite orm agus mo thuistí, aintíní agus uncailí ag rá liom gur cailín beag maith mé.
Chuir mé blaiseadh den *lasagne *le feoil agus an *lasagne *gan feoil ar an bpláta agus ar ais liom chuig an mbord. Bhí an pláta le caitheamh sa bhin ag deireadh an bhéile. Ba dheacair a bheith ag súil go gcuirfeadh éinne na soithí sa niteoir agus slua chomh mór sin ar cuairt don bhéile. Ba léir nach raibh cleachtadh ag muintir Jill ar theaghlaigh mhóra na hÉireann. Ní raibh ann ach ochtar againn! Ach níl lá Nollag ann le bheith i mbun soithí. Ach léimeadar de gheit nuair a chuimhníodar go raibh ráite agam cúpla lá roimhe sin gur fearr liomsa pláta ceart - ach bhí an dochar déanta, bhí Alan Alda agus bibí na Nollag i réim. Lá Nollag i Racine, Wisconsin, USA - “Fractional Horsepower Capital of the World” mar a dúradh liom i músaem an chontae oíche Nollag.
Baineadh stangadh asam cúpla uair ar an tsaoire sin. Bhuail mé le seanfhear ar an eitleán go Chicago - ar a bhealach ar ais abhaile go Chicago tar éis filleadh go hÉirinn lena dheirfiúr a chur san uaigh. Deichniúr acu a bhí ann agus naonúr acu imithe ar imirce. An nasc deireanach leis an bhfód dúchais anois faoin bhfód céanna. Níl an saol chomh dian is a bhíodh. Thuig mé go maith an bás mall uaigneach uafásach nuair a leanas na treoracha ag an taispeántas ar an Titanic sa mhúsaem i Chicago (www.msichicago.org)). Tar éis siúl suas an staighre álainn grástúil sa chéad ghrád agus ansin síos go dtí na buncanna cúnga sa tríú grád, agus fuaimeanna an ama agus na háite i mo chluasa, ba é an dúshlán ná feiceáil cé chomh fada is a d’fhéadfainn mo lámh a fhágáil brúite ar bhloc mór millteach leac oighir - a bhí ag an teocht nó an fuacht ag a raibh an t-uisce agus na cnoic oighir an oíche dhuairc sin a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill.
Béile fíor-Mheiriceánach in Kewpee’s Diner (www.kewpee.com)), a bunaíodh 30 bliain sular tháinig Ronald McDonald ar an saol, agus mise anois chomh tanaí cúrmhar le mainicíní na hÉireann i gcomparáid leis na daoine móra ar fad i lár na Stát Aontaithe. In amanna bhraith mé go rabhas ar an seit de scannán éigin, bhí an oiread sin den timpeallacht nua-aimseartha feicthe agam cheana ar an scáileán sa bhaile in Éirinn.
Siúlóid
Oíche Nollag chuamar ar shiúlóid dheas le hais Loch Michigan, ag teocht (nó fuacht?) 10 gcéim faoin reo-phointe. Na carraigeacha agus an fheamainn do mo thamhladh ar ais go Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua. Leac oighir ar na carraigeacha ag glioscarnach le hais an tsneachta, agus ansin Jill ag béicíl orm: “C’mon, you’ll freeze your butt off - let’s go home.” Nach fileata mar a labhraíonn sí. Tá deisceart Wisconsin chomh leathan oscailte réidh, leadránach b’fhéidir, gan oiread agus cnoc amháin ann. Bhraith mé uaim sléibhte agus gleannta na hÉireann. Bhraith mé uaim an taoide agus gaoth na farraige.
Bhraith mé uaim freisin an gnáth-Lá Nollag Éireannach, leis an ngnáthbhéile agus le gnáth-theaghlach. Chaitheamar béile i dteach chol ceathar Jill oíche Nollag - páistí ó chéad phóstaí na beirte linn. Gariníon ann agus triúr leathdheirfiúracha aici - an mháthair chéanna acu ar fad, ach aithreacha éagsúla - roinneann na páistí óga na mamónna agus daideonna ar fad eatarthu. Ach feicimid a leithéid de theaghlaigh neamhchoitianta anseo in Éirinn freisin.
Bhí deacracht faoi leith agam leis an liamhás a bhí cócaráilte in Pepsi Cola. Ach ar fhilleadh go Baile Átha Cliath dom dúirt cara liom gur in Coca Cola a cócaráileadh an liamhás sna tithe breátha faiseanta ar fad in Sandymount an bhliain sin freisin. Idir Boston agus Berlin, is léir go bhfuilimid ar long mhór atá á tarraingt leis an taoide sall go Meiriceá.
Táim ag tnúth le turas gairid chun na Gearmáine ag tús na míosa seo, agus mo shaoire san Ind san athbhliain. Ach, ar laghad, ní i ngloine phlaisteach a bhí an fíon an lá Nollag sin.
Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), áit a bhfuil taighde ar an bhfiontraíocht sa Ghaeltacht ar siúl aici. Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais, á rith ag Fiontar.