THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Seal i measc na mBascach
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh

Chaith Emer Ní Bhrádaigh tréimhse phléisiúrtha i dTír na mBascach sa Spáinn an samhradh seo.

Íomhá
Radharc álainn i dTír na mBascach
Grianghraf: Emer Ní Bhrádaigh
Íomhá
Músaem an Guggenheim i mBilbao
Grianghraf: Emer Ní Bhrádaigh
Íomhá
Póstaer ag éileamh go dtabharfaí príosúnaigh Bhascacha abhaile
Grianghraf: Emer Ní Bhrádaigh

Ní chloiseann an domhan mór mórán faoi na Sé Chontae ach amháin nuair a bhíonn drochnuacht agus achrann ann. Is amhlaidh do Thír na mBascach. B’ionadh liom an méid daoine a d’fhiafraigh díom nach raibh eagla orm dul ar saoire ann i mbliana. Bhíodh sé amhlaidh nuair a bhínn ag tabhairt cuairte ar Bhéal Feirste. Bhí saoire den scoth agam i dTír na mBascach le déanaí agus thaitin na daoine go mór liom.

Thosaíomar i mBilbao. Bhíos ar bís le tamall de bhlianta le cuairt a thabhairt ar an gcathair seo a bhíodh ina seoid den tionscal iarainn. Agus an tionscal sin tite i léig, thuig comhairleoirí na cathrach ar bhealach aibí, nach minic a thuigeann daoine a bhíonn i gcumhacht, go dtagann forbairt eacnamaíoch go minic sna sála ar fhorbairt agus ar fhéiniúlacht chultúrtha. Ach is íoróin é gur bhain an chathair an fhorbairt seo amach trí achainí ar institiúid Mheiriceánach dul i gcomhpháirtíocht leo.

Is suimiúil go maith an scéal atá taobh thiar de Mhúsaem Guggenheim a d’oscail i 1997. Bhí Fondúireacht Guggenheim ag lorg láthair bhreise ar Mhór-Roinn na hEorpa lena bailiúchán leathan a thaispeáint. I 1991, nuair a thit pleananna do Salzburg as a chéile, go pointe áirithe mar gheall ar thitim Fhalla Bherlin, ghlac ionadaí de chuid na Fondúireachta le cuireadh dul go Bilbao le comhthionscadal a phlé. Mheas sé gur as cuirtéis a bhí sé ag dul ann agus go mbeadh air a rá leo go béasach nach mbeadh suim acu sa chathair. Ach chuaigh diongbháilteacht ionadaithe na cathrach i bhfeidhm go mór air.

A bhuíochas don diongbháilteacht sin agus samhlaíocht an ailtire Frank O. Gehry, tá an tsamhail dhraíochtúil seo againn a athraíonn cruth, dath agus dearadh gan stad i rith an lae de réir mar a dhéanann an ghrian a haistear trasna na spéire. Spéirbhean - nó spéirfhear - ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire timpeall na cathrach. Chaith mé níos mó ama ag dul thart lasmuigh den bhfoirgneamh ná ag breathnú ar an ealaín laistigh. Cén dochar - is ealaín é an forigneamh seo é féin. Tá seanchathair Bhilbao, gona sráideanna cúnga agus seanchearnóga, ann don té nach dtaitníonn ailtireacht nua-aoiseach shuimiúil dhúshlánach leis.

Ceanncheathrú ghastranómach

Tá cáil Thír na mBascach mar cheanncheathrú ghastranómach na Spáinne lántuillte aici. Agus ba chóir go gcuirfeadh praghsanna agus caighdeán an bhia náire ar bhialanna uile na hÉireann. Ar naoi euro bhí béile blasta trí chúrsa le leathbhuidéal fíona ar fáil i chuile chathair agus bhaile beag ar thugamar cuairt orthu. Seasann na béilí i mBilbao agus Gasteiz amach go háirithe. Bhí fíon Rioja á ól againn ar feadh na coicíse - níorbh fhios dom go raibh cuid de cheantar Rioja i dTír na mBascach!

Rud eile a chuirfeadh náire ar údaráis na tíre seo ná go bhfuil an chomharthaíocht oifigiúil ar fad dátheangach. Vitoria is ainm do Gasteiz sa Spáinnis. Is ionann Pamplona agus Iruña. Euskera a thugtar ar an teanga, agus labhraíonn thart ar 700,000 í. Bhí sí le cloisteáil sna bailte beaga iascaireachta ar an gcósta, ina measc Gernika - an láthair shiombalach stairiúil do náisiún na mBascach, agus an láthair ina suíonn an rialtas féinrialaithe atá ag cuid de réigiúin na mBascach. Is i nGernika a dhúnmharaigh na Gearmánaigh 2,000 duine i dtrí uair an chloig i 1937 - ar ordú, is cosúil, ó Franco féin.

Is sa cheantar seo is mó a chonaiceamar póstaeir leis na focail “Euskera …. Euskal Herria”. Ach bhíodar le feiceáil i ngach áit ina rabhamar - fiú i bPamplona, agus ar an bpríomhshráid agus fiú ar bhanc amháin i mBilbao. Is ag deireadh na saoire a chonaic mé ceann i mBéarla. Feachtas a bhí ann le príosúnaigh Bhascacha a chur i bpríosúin Bhascacha. Tá polasaí ag Madrid iad a chur i bpríosúin i ndeisceart na Spáinne. (Cár chuala mé trácht ar a leithéid de chleachtas cheana?) Déanann daoine dearmad uaireanta nach maireann aon eagras polaitiúil ach le tacaíocht ón bpobal as a dtagann sí. I gceann de na bailte iascaireachta chonaic mé póstaer a chuaigh i gcion orm - grianghraf beag an duine de 270 duine, ainm agus dáta leis - an lá a cuireadh sa phríosún iad, measaim.

Ach bhí m’aird dírithe ar an spioradáltacht agus ar oilithreacht freisin. Chaith mé seachtain ar thóir na fírinne ar an Camino de Santiago de Compostella. Shiúlamar ón bhFrainc thar na Piréin, anuas ar thaobh na Spáinne agus ar aghaidh ó dheas go Pamplona/Iruña agus ansin go Logroño. Ach labhród faoi sin an mhí seo chugainn. Scéal eile é sin ar fad. Thug sé sin léargas dom orm féin seachas ar na Bascaigh!

Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.