Is scoil trasdisciplíneach lán-Ghaeilge é Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. San alt seo, déanann Emer Ní Bhrádaigh cur síos ar na cláracha nuálaíocha iarchéime atá á dtairiscint aige.
Tá na deiseanna fostaíochta agus gairme atá ar fáil do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ag leathnú de shíor, go háirithe mar gheall ar an bhfás sa Ghaelscolaíocht agus sna healaíona trí mheán na Gaeilge, gan trácht ar an stádas breise atá ag an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus san Aontas Eorpach.
Tá iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh. Faoi láthair, tá Fiontar ag tairiscint dhá iarchéim pháirtaimseartha: MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais agus MA sa Chleachtas Dátheangach.
MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais
An bhunaidhm atá leis an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais ná ardscileanna gnó agus tuiscint ar theicneolaíocht na faisnéise san ionad oibre a fhorbairt. Tugann na mic léinn faoi chúrsaí sa cheannaireacht, sa bhainistíocht tionscadail, sa bhainistíocht straitéiseach, sna hilmheáin agus sa ríomhthráchtáil.
Cothaítear díospóireacht agus comhphlé i measc na mac léinn le tacú leis an bhfoghlaim ghníomhach sna ranganna. Tugann sé seo deis do na mic léinn a dtaithí féin a chur i gcomhthéacs. Deir iarchéimí de chuid an MSc, Louise Smith: “Spreag an cúrsa mo chuid suime i ngnéithe nár smaoinigh mé orthu roimhe sin. Bhí
an cúrsa spreagúil, taitneamhach, agus eagraithe go proifisiúnta. ”
Tá iarchéimithe de chuid an chláir seo ag feidhmiú i bpostanna bainistíochta in earnáil na Gaeilge, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Ina measc tá Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge; Connla Lawlor, ar príomhfheidhmeannach Lá Nua í; agus Sadhbh Bhreathnach a chaith tréimhse mar bhainisteoir branda le L’Oreal sular thosaigh sí ag soláthar seirbhísí cumarsáide trí mheán na Gaeilge le Stillwater Communications. Is mar seo a dhéanann Pádraig Ó Cuinneagáin, príomhoide bunscoile i gContae an Chabháin, cur síos ar a thaithí féin ar an MSc: “Tá buntáistí gairmiúla ag baint leis an gcáilíocht MSc seo agus tá tábhacht ag baint leis an gcúrsa a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge, go háirithe agus mé ag obair in earnáil an Ghaeloideachais. Chothaigh an MSc ionam an tuiscint agus an mhuinín le tabhairt faoi rudaí, seachas a bheith ag fanacht ar dhaoine eile chun iad a dhéanamh.”
Ritear an MSc thar dhá bhliain. Bíonn ranganna ar siúl dhá thráthnóna sa tseachtain ó dheireadh mhí Mheán Fómhair go mí na Nollag agus ó Fheabhra go Bealtaine agus ar chorr-Shatharn chomh maith. Bíonn na scrúduithe ar siúl i mí Eanáir agus Bealtaine. Tugann na mic léinn faoi thráchtas sa dara bliain má ghnóthaíonn siad na marcanna cuí agus má bhíonn fonn orthu é a dhéanamh. Is féidir éirí as an gcúrsa i ndiaidh an chláir mhúinte agus Dioplóma do chéimithe i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais a ghnóthú, seachas an MSc.
MA sa Chleachtas Dátheangach
Cuireadh tús leis an MA sa Chleachtas Dátheangach, ar iarchéim cheannródaíoch í, le freastal orthu siúd atá ag obair in earnáil na Gaeilge leis an dátheangachas nó leis na scéimeanna agus saincheisteanna a eascraíonn as Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm ag an gclár seo tuiscint na rannpháirtithe a fhorbairt ar theoiricí agus ar chleachtais i leith comhionannais, éagsúlachta agus seirbhíse ardcháilíochta do chustaiméirí. Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, iarchéimí agus Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teoranta: “Shaibhrigh sé mo thuiscint theoiriciúil ar an-chuid ábhar agus bhain mé an-chuid as an gcúrsa. Chuir sé le mo chumas, mo thaithí agus mo dhul chun cinn gairmiúil. Bhí an malartú saineolais agus an taithí phraiticiúil leis na rannpháirtithe eile sa rang an-luachmhar go deo agus thug sé comhthéacs do go leor den teoiric.”
Tugann an clár seo an t-eolas agus na scileanna a bheidh ag teastáil ó na rannpháirtithe lena chinntiú go soláthrófar don phobal seirbhís ardcháilíochta dhátheangach atá ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta.
Dúirt an Dr. Dyane Adam, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada: “Tá sé ríthábhachtach oiliúint a sholáthar d’oibrithe san earnáil phoiblí ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha. Is céim riachtanach í seo chun seirbhísí éifeachtacha rialtais a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais na saoránach.”
Cuirtear cuid den chúrsa seo ar fáil ar líne, rud a fhágann gur féidir le daoine páirt a ghlacadh sa chúrsa ó áit ar bith in Éirinn, nó fiú thar lear. Freastalaíonn mic léinn ar sheimineáir dheireadh seachtaine ar an gcampas seacht nó ocht n-iarraidh sa bhliain. Cé go bhfuil an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil cúram orthu maidir le cur i bhfeidhm an Achta Teanga, tá sé oiriúnach do dhuine ar bith ar spéis leis éagsúlacht teanga.
Gach bliain, bronnann Oifig an Choimisinéara Teanga Duais an Choimisinéara Teanga ar an tráchtas MA is fearr. Bíonn deis ag mic léinn Teastas nó Dioplóma do Chéimithe a ghnóthú i ndiaidh bliain nó dhá bhliain den chúrsa seo, nó tráchtas a scríobh agus MA a ghnóthú. Déantar measúnacht ar obair na mac léinn trí mheasúnú leanúnach seachas scrúduithe, rud a thugann deis do mhic léinn obair an chúrsa a nascadh lena gcuid oibre féin.
Is féidir cur isteach ar an MSc agus an MA ar an gcóras ar líne: www.pac.ie roimh an 15 Lúnasa 2008. Reáchtálann Fiontar scéim scoláireachtaí agus tá breis eolais faoi na scoláireachtaí seo ar fáil ó Sally Ní Fhatharta in oifig Fiontar ag 01 700 5614 nó fiontar@dcu.ie.
Is scoil trasdisciplíneach é Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Déantar gnó na Scoile, idir theagasc agus thaighde, trí mheán na Gaeilge i réimsí éagsúla: gnó, bainistíocht, cumarsáid, teicneolaíocht na faisnéise, an Ghaeilge agus pleanáil teanga. Tá Fiontar i mbun plean straitéiseach don Ghaeilge a fhorbairt don rialtas www.plean2028.ie. Tionscadail eile atá ar bun ag Fiontar ná *www.focal.ie agus www.logainm.ie. *Is léachtóir le Fiontar í Emer Ní Bhrádaigh