Nuair a thosaigh Ryanair ag díol eitiltí ar an idirlíon i 1999, bhí leisce ar go leor daoine ticéid a cheannach ar líne, ach tá athrú mór tagtha ar chúrsaí ó shin, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Bíonn sé costasach go maith grianghraif dhigiteacha a chlóbhualadh sa bhaile ach tá roghanna eile ann anois le tamall anuas, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá comhairle ag Diarmaid Mac Mathúna don té a bheadh ag smaoineamh ar cheamara digiteach a cheannach.
»»»Tá go leor comhlachtaí ríomhaireachta ag cur táirgí ar fáil i nGaeilge anois, Microsoft san áireamh, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Beidh cártaí nua “chip and PIN” á n-úsáid go luath in áit cártaí creidmheasa ach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, beidh míbhuntáistí áirithe ag baint leo.
»»»Tá sé deacair an ceann is fearr a fháil orthu siúd a sheolann teachtaireachtaí spam chuig gutháin shoghluaiste agus tríd an ríomhphost, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Bhí cáil ar réalteolaithe na hÉireann ar fud an domhain sa naoú haois déag ach tá faillí an-mhór á déanamh sa réimse seo sa tír sa lá atá inniu ann. Measann Diarmaid Mac Mathúna gur polasaí éigiallta é seo.
»»»Tá impleachtaí maidir le príobháideacht ag na clibeanna atá comhlachtaí ag brath a chur ar earraí amach anseo, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá clár nua ríomhaireachta díreach eisithe a chuireann go leor áiseanna ar fáil don té ar mian leis feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Bhain Diarmaid Mac Mathúna triail as le gairid.
»»»Léiríonn suíomh gréasáin NASA na laigí a bhaineann leis an idirlíon mar mheán, mar aon leis na buntáistí, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Measann Diarmaid Mac Mathúna gur botún mór é cinneadh rialtas na hÉireann athrú go vótáil leictreonach sna chéad toghcháin eile.
»»»Tá bogearraí cumhachtacha le fáil saor in aisce na laethanta seo ar ríomhairí, bogearraí a chuireann ar chumas daoine eagarthóireacht físe agus fuaime a dhéanamh. Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén fáth a bhfuil comhlachtaí ríomhaireachta sásta iad seo a chur ar fáil gan aon chostas.
»»»Tá an nuatheicneolaíocht ag cur ar chumas na seandálaithe a gcuid oibre a dhéanamh na laethanta seo ar shlí i bhfad níos éifeachtaí agus níos tapúla, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Bíonn úsáideoirí idirlín á gcrá go leanúnach ag fógraí a bhíonn ceangailte le suímh ghreásáin a dtugann siad cuairt ort, ach tá réiteach ar an bhfadhb seo, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá víris agus péisteanna á scaipeadh go leanúnach ar an idirlíon anois agus níl na comhlachtaí móra bogearraí ag déanamh go leor leis na gnáthúsáideoirí baile a chosaint, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá beagnach gach focal sa Bhéarla agus sa Ghaeilge in úsáid cheana féin i seoltaí idirlín agus, dá bharr seo, tá seoltaí nua ag éirí níos faide agus níos faide, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá an t-uafás ceoil le fáil ar an idirlíon anois, cé go bhfuil srianta áirithe i gceist, i gcás chóras Apple, mar shampla. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Cuireann gutháin shoghluaiste eolas ar fáil go leanúnach faoi shuíomh na n-úsáideoirí agus, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, ní hiad na Gardaí amháin a bhfuil suim acu san eolas seo.
»»»Tá cuid den teicneolaíocht a d’úsáid iriseoirí le linn an chogaidh san Iaráic á húsáid ag comhlachtaí tacsaí i mBaile Átha Cliath agus i roinnt de na gutháin nua shoghluaiste atá ag teacht ar an margadh le tamall anuas. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá an nua-theicneolaíocht ag cabhrú leis na comhlachtaí geallghlacadóireachta a mbrabús a mhéadú go mór agus tá comhlachtaí áirithe teilifíse ag teacht i dtír ar an teicneolaíocht chomh maith chun ioncam a shaothrú. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá ag teip ar fhormhór na gcomhlachtaí atá ag iarraidh seirbhísí agus earraí a dhíol ar an idirlíon aon bhrabús a dhéanamh, ach d’fhéadfadh na gutháin shoghluaiste a bheith mar chuid den réiteach ar an bhfadhb seo sa todhchaí. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Measann Diarmaid Mac Mathúna go bhfuiltear ag cur an iomarca béime ar an tábhacht a bhaineann le bandaleithead leathan, nach réiteach gach faidhbe é mar a cheapann daoine áirithe.
»»»Déanann seantrealamh leictreonach go leor dochair don chomhshaol, ach anois tá an tAontas Eorpach ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá Glencullen University agus Shelbourne University in ainm is a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath, dar lena suíomh gréasáin. Léiríonn sé seo an tslí a bhfuiltear ag úsáid an idirlín chun bob a bhualadh ar dhaoine. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Táthar ag baint mí-úsáide as an idirlíon i go leor ionad oibre in Éirinn agus thar lear agus is iad na fostóirí a bhíonn thíos leis go minic, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá an chuma ar an scéal, dar le Diarmaid Mac Mathúna, go mbeidh ar lucht úsáidte ríomhairí níos mó a íoc as bogearraí agus seirbhísí idirlín san am atá romhainn.
»»»Tá slite éagsúla ann chun teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh agus a fháil. Labhair Diarmaid Mac Mathúna le fear siúlach a bhaineann úsáid as an ríomhphost go minic, an craoltóir Manchán Magan, faoin gcóras a úsáideann seisean.
»»»Tá méadú ag teacht an t-am ar fad ar an líon daoine atá ag obair ón mbaile. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí na teilea-oibre.
»»»I mí Lúnasa gach bliain tagann grúpaí comhshaoil agus daoine aonair as gach cearn den Eoraip le chéile d’imeacht ar a dtugtar Ecotopia. Beidh sé ar siúl in Éirinn i mbliana den chéad uair agus eagraíocht darb ainm Gluaiseacht atá á eagrú. Labhair Diarmaid Mac Mathúna le Clár de Buitléar, ball de chuid Gluaiseacht, chun níos mó eolais a fháil faoi Ecotopia2002.
»»»Is beag duine nach bhfaigheann ar a laghad cúpla teachtaireacht ríomhphoist sa lá ó chomhlachtaí a bhíonn ag iarraidh earraí nó seirbhísí a dhíol leo. Tá dóchas ann go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sa todhchaí, áfach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.