CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Bogearraí saora daortha?
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá an chuma ar an scéal, dar le Diarmaid Mac Mathúna, go mbeidh ar lucht úsáidte ríomhairí níos mó a íoc as bogearraí agus seirbhísí idirlín san am atá romhainn.

Íomhá

Tá daoine a bhíonn ag úsáid an idirlín go rialta i dtaithí ar rudaí a fháil saor in aisce. Idir eolas ar gach saghas ábhair, ghrianghrafanna den scoth, nuacht suas chun dáta, cheol úr, agus go fiú an tseirbhís idirlín féin, is beag rud a íoctar as ar an idirlíon. Go dtí le déanaí, ní raibh gearáin le cloisint ach faoi phraghas na nglaonna gutháin chuig an gcomhlacht a bhí ag soláthar an cheangail idirlín, agus cé go bhfuil na gearáin sin fós le cloisint (agus daoine ag éirí níos glóraí i gcónaí), tá ábhar clamhsáin nua ag úsáideoirí ríomhairí na laethanta seo: gur gá dóibh íoc as na bogearraí agus as na seirbhísí idirlín a bhíonn á n-úsáid acu.

Tá ciall le bheith ag gearán faoi phraghas na nglaonna teileafóin - go háirithe nuair is léir go bhfuil na costais i bhfad níos airde in Éirinn ná i dtíortha eile san Eoraip - ach níl an argóint chomh láidir céanna i gcás bogearraí agus seirbhísí idirlín. D’fhógair Microsoft le déanaí go raibh siad ag bogadh i dtreo “seirbhís” a sholáthar in ionad bogearraí amháin agus go mbeadh siad ag lorg síntiús rialta ó chustaiméirí in áit na híocaíochta amháin a fhaigheann siad anois. Ar ndóigh, tá seantaithí ag an gcomhlacht céanna ar imeartas focal (cuimhnigh nach mbíonn fabhtanna sna bogearraí acu ach “tréithe” nó features), agus go praiticiúil ciallaíonn an tseirbhís nua seo gur gá níos mó airgid a íoc leo.

Caighdeán slándála

Tá caint freisin ar chaighdeán slándála nua ar a dtugtar Palladium, caighdeán a chinnteoidh go mbeidh greim scrogaill ag Microsoft ar ríomhairí sa todhchaí agus nach mbeidh sé indéanta cláracha a dháileadh gan cead speisialta a fháil ón gcomhlacht. Seans nach bhfuil i roinnt den chaint seo ach ráflaí gan bhunús (cé go bhfuil an-phlé á dhéanamh ar na cúrsaí seo sna hirisí ríomhaireachta faoi láthair), ach is fiú a bheith ar an airdeall faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag aon chaighdeán slándála nua.

Agus é sin ráite, tá ciall leis an straitéis nua gnó seo ag Microsoft chun sruth leanúnach airgid a ghiniúint. Cheana féin, tá daoine tosaithe ar shíntiús rialta a íoc chun bogearraí a fheidhmíonn i gcoinne víreas a choimeád suas chun dáta. Is airgead é sin is fiú a chaitheamh, go háirithe i gcomhlachtaí ina mbíonn ceangaltáin á seoladh siar is aniar tríd an ríomhphost agus comhaid á roinnt ar ríomhaire lárnach.

Is fiú freisin airgead a íoc as seoladh ríomhphoist a bheith agat má tá tú ag iarraidh ceann buan a choinneáil agus gan a bheith báite le fógraí i bhfoirm spam.

An drochrud é, mar sin, íoc as bogearraí nó seirbhísí eile idirlín? Má chaitheann daoine am ag forbairt acmhainní, ba chóir go mbeadh cead acu táille a ghearradh as a gcuid seirbhísí - go fiú más ar ríomhaire a bhí siad ag obair. De ghnáth, nuair a bhíonn earra uait caithfidh tú íoc as.

An rud is gá a chinntiú ná go bhfuil an praghas a ghearrtar cothrom. Ach, faraor, tá cuid mhaith samplaí timpeall a léiríonn nach leor iomaíocht an mhargaidh chun an aidhm seo a bhaint amach.

Is as Baile Átha Cliath é Diarmaid Mac Mathúna. Tá litreoir Gaeilge, “GaelSpell”, a oibríonn le Microsoft Word, foilsithe aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.