CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Fógraíocht ar an idirlíon - crá croí den chuid is mó
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Bíonn úsáideoirí idirlín á gcrá go leanúnach ag fógraí a bhíonn ceangailte le suímh ghreásáin a dtugann siad cuairt ort, ach tá réiteach ar an bhfadhb seo, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá

Tá go leor rudaí ag crá daoine ar an idirlíon faoi láthair - idir víris, phéisteanna agus bhogearraí “spyware” a bhíonn ag faire ar dhaoine i ngan fhios dóibh. Ach tá saghsanna áirithe fógraíochta ar an idirlíon fós ag tabhairt tinneas cinn d’úsáideoirí - blianta tar éis do shaineolaithe a thuiscint gur chóir fógraí ar líne a choimeád simplí. Tá treoirlínte curtha ar fáil fiú ag eagraíochtaí ar nós an Interactive Advertising Bureau of Ireland http://www.iabireland.ie/ ag moladh dá mbaill cloí le fógraí simplí.

Ní olc an rud iad fógraí ar an idirlíon má chuirtear i bhfeidhm i gceart iad. Tugann siad foinse airgid do dhaoine a bhíonn ag foilsiú suíomh gréasáin agus tugann siad eolas do dhaoine ar sheirbhísí agus earraí nua. Ní gá d’fhoilsitheoirí dul ag lorg an méid céanna airgid ó shíntiúsóirí agus is féidir leo ábhar a chur ar fáil saor in aisce freisin. Cé go gceapann go leor daoine go bhfuil sé an-saor suímh ghréasáin a chur le chéile, deir saineolaithe go bhfuil an costas chomh hard le gnáthfhoilsitheoireacht. Dar le tuarascáil a d’fhoilsigh an UN http://r0.unctad.org/ecommerce/ecommerceen/edr02en.htm, nuair a chuirtear costais mar threalamh agus foireann le scileanna ríomhaireachta san áireamh bíonn sé ar a laghad chomh daor céanna foilsiú ar an idirlíon is atá sé ábhar a chur ar fáil ar páipéar. Ach bíonn sé níos deacra airgead a bhailiú ó léitheoirí ar an idirlíon.

Caithfear na costais a bhaineann le suíomh gréasáin a ghlanadh ar shlí éigin, agus tugann fógraí deis d’fhoilsitheoirí sruth ioncaim a ghiniúint. Mar shampla, geallann an tseirbhís nua AdSense ag Google airgead do dhaoine a chuireann fógraí ar a suímh. Freisin, tá Google ag giniúint airgid trí naisc urraithe a thaispeáint taobh leis na torthaí ar ghnáthchuardach idirlín. Tá ag éirí leis an gcomhlacht fógraíocht den saghas seo a chur chun cinn toisc go bhfuil dearadh simplí ar na fógraí agus toisc go bhfuil baint acu leis an rud atá á lorg ag daoine. Dar le Google, cliceálann daoine ar a fhógraí cúig uaire níos minice ná an meán d’fhógraíocht ar líne.

Bac ar úsáid

Ach cruthaíonn fógraí fadhbanna mura bhfuil siad deartha go maith. Bíonn fógróirí i gcónaí ag iarraidh aird daoine a tharraingt - agus go minic cuireann sé sin bac ar an úsáid a bhí á baint as suíomh gréasáin. Mar shampla, cuireann fógraí aníos (nó “pop-up ads") as do go leor daoine toisc go n-osclaíonn siad fuinneoga breise lán d’fhógraí. Bíonn ar an úsáideoir bocht na fuinneoga breise sin a dhúnadh ceann ar cheann - agus go minic nuair a dhúntar ceann amháin, osclaíonn ceann eile.

Ní hiad seo an t-aon rud a chuireann isteach ar úsáid suímh. Tá a fhios ag aon duine a thugann cuairt ar shuíomh gréasáin RTÉ www.rte.ie go bhfuil sé breac le fógraí. Cuireann cuid mhaith de na fógraí sin isteach ar dhaoine atá ag iarraidh an t-eolas ar an suíomh a léamh. Go deimhin, tá fógra ag Eircom faoi láthair a chlúdaíonn roinnt den ábhar ar an suíomh, mar aon le fógra do chomhlacht eile. Cruthaíonn fógra eile ar an suíomh fadhbanna freisin toisc go raibh gá le breiseán chun é a fheiceáil in aon chor. Mura bhfuil an breiseán cuí agat ní fheicfidh tú ach fógra a threoraíonn chuig suíomh eile ar fad thú chun é a fháil.

Bíonn fadhbanna ag gabháil le fógraí fiú amháin ar shuímh atá dírithe ar úsáideoirí teicniúla. Tá fógraí beaga in aice le hailt ar an suíomh The Register www.theregister.co.uk - suíomh a fhoilsíonn nuacht theicniúil. Ach toisc go bhfuil na híomhánna sna fógraí féin á stóráil ar ríomhairí na gcomhlachtaí fógraíochta, cuireann siad moill ar an suíomh ar fad.

Tá slite ann chun fáil réidh leis na fógraí, áfach. Mar shampla, is féidir an Google Toolbar a chur ag obair le Internet Explorer chun fógraí aníos a bhlocáil, nó is féidir brabhsálaí idirlín ar nós Opera www.opera.com a úsáid a chuireann stop leis an saghas sin fógra é féin. Mura maith leat gnáthfhógraí, is féidir iad a stopadh trí ríomhchlár ar nós Ad Buster http://lide.punknet.cz/miri/adbuster.html a úsáid a chuireann srian le haon eolas ó shuímh ghréasáin fógróirí móra le rá.

Ach má tá fógraí deartha go maith is féidir le gach duine tairbhe a bhaint astu agus ní bheidh fonn ar dhaoine cosc a chur orthu. Mar shampla, baineann foilsitheoirí na gcláracha Eudora www.eudora.com agus Opera an-úsáid as fógraí. I gcás an chláir ríomhphoist Eudora, mura bhfuil fonn ort íoc as nó má theastaíonn uait triail a bhaint as ar dtús, is féidir leagan saor in aisce a íoschóipeáil. Taispeánann an leagan “urraithe” seo fógraí i gcúinne den scáileán fhad is atá sé in úsáid - ach ní chuireann na fógraí isteach ar obair úsáideoirí toisc go bhfuil siad réasúnta beag agus deartha go simplí.

Má chuirtear an fhógraíocht i bhfeidhm i gceart ar an idirlíon, glacfaidh daoine léi agus beidh foinse leanúnach airgid ag foilsitheoirí ar líne. Ach má leanann suímh áirithe ar aghaidh ag taispeáint fógraí a chuireann isteach ar úsáid an idirlín, ní bhainfidh daoine úsáid astu. Mura mbíonn spéis ag tomhaltóirí sna suímh sin, caillfidh fógróirí spéis iontu go tapa freisin.

Is é Diarmaid Mac Mathúna www.cruinneog.com foilsitheoir an leagain Windows den litreoir Gaeilge GaelSpell www.gaelspell.com. Tá an seiceálaí litrithe seo ar fáil anois ar CD (agus cabhair theicniúil san áireamh) ó shiopaí éagsúla, ina measc Cúpla Focal www.cuplafocal.ie agus an Siopa Leabhar www.cnag.ie/bunus/siopa.htm.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.