CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Lucht déanta bogearraí ag loic ar na húsáideoirí baile
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

víris agus péisteanna á scaipeadh go leanúnach ar an idirlíon anois agus níl na comhlachtaí móra bogearraí ag déanamh go leor leis na gnáthúsáideoirí baile a chosaint, dar le Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá

Tá víris ag cruthú géarchéime ar an idirlíon faoi láthair ach níl na comhlachtaí a fhoilsíonn bogearraí ag tabhairt go leor cabhrach d’úsáideoirí ríomhairí.

Buaileadh ríomhairí in Éirinn agus timpeall an domhain go dona le déanaí nuair a scaip scata víreas éagsúil go tapa ar an idirlíon. Is é an “Blaster worm” a tháinig chun solais ar dtús agus chruthaigh sé go leor deacrachtaí do chomhlachtaí agus d’úsáideoirí baile. De ghnáth scaipeann víris go réasúnta mall agus ní thugann daoine faoi deara iad go ceann tamaill fhada - ach bhí an *Blaster Worm *éagsúil. Scaip an phéist ghránna seo go tapa ó ríomhaire go ríomhaire agus chuir sí cuid mhaith ríomhairí as feidhm. Ní fhéadfaí úsáid ar bith a bhaint as na ríomhairí sin - go fiú chun dul ar an idirlíon chun léamh faoi conas an fhadhb a réiteach. Go deimhin, bhí an víreas seo deartha chun suíomh Microsoft a ionsaí ar lá faoi leith chun nach bhféadfadh daoine teacht ar na bogearraí a dheiseodh an fabht.

Díreach tar éis do dhaoine an lámh in uachtar a fháil ar Blaster, thosaigh Sobig.F *ag scaipeadh. Tá an víreas *Sobig.F *níos traidisiúnta ná *Blaster toisc go scaipeann sé tríd an gcóras ríomhphoist mar cheangaltán. Is víreas é sa tseanchiall den téarma toisc go bhfuil gá aige le hóstach. Sna laethanta sula raibh an t-idirlíon forleathan bhíodh dioscaí flapacha agus na cláir ríomhaireachta orthu ag feidhmiú mar óstaigh, ach anois is leor teachtaireacht ríomhphoist.

An rud ba scanrúla faoi Blaster *ná gur “péist” nó “worm” a bhí ann. Ní raibh gá aige le hóstach. Scaip sé ó ríomhaire go ríomhaire thar an idirlíon go neamhspleách. Is leor do ríomhaire a bheith ar líne chun go ndéanfadh péist cosúil leis an gceann seo é a ionsaí. Is toisc go raibh fabht nó “bug*” i mbogearraí nua Microsoft gur éirigh le *Blaster *scaipeadh - ach ní d’aon ghnó a bhíonn na fabhtanna seo i mbogearraí. Níl iontu ach laigíbotúin nár thug na ríomhchláraitheoirí faoi deara. Nuair a thugann scríbhneoirí péisteanna agus víreas na laigí sin faoi deara bíonn siad ábalta teacht i dtír orthu agus bogearraí gránna a chruthú.

Deisiú

Bíonn gá le “paiste” nó “patch” chun na laigí i mbogearraí a dheisiú. Níl iontu sin ach ríomhchláir eile a chuirtear in áit an ríomhchláir a bhí lochtach. Bhí an oiread sin daoine ag lorg paistí chun dul i ngleic le Blaster gur tháinig na scríbhneoirí víreas ar chleas nua: chuir siad paistí bréige ar fáil. Níor dhein na paistí sin an fhadhb a réiteach in aon chor - ní raibh iontu ach cláir a bhailigh eolas pearsanta ó ríomhairí agus a sheol ar ais é go dtí an duine a scríobh an clár. “Trojan” a thugtar ar an saghas sin clár toisc go mbíonn an chuma orthu gur cláir úsáideacha iad.

Agus an méid sin drochrudaí á scaipeadh ar an idirlíon, is cinnte go bhfuil géarchéim ar líne. Tá úsáideoirí timpeall an domhain tar éis an t-uafás ama a chaitheamh ag troid i gcoinne na n-ionsaithe seo. Is cinnte go bhfuil buille mór tugtha ag na víris do tháirgiúlacht daoine a bhíonn ag obair ar ríomhairí. Tá ag éirí le comhlachtaí agus eagraíochtaí móra dul i ngleic leis na fadhbanna nua seo ar líne, ach is beag tacaíocht atá ag an ngnáthúsáideoir aonair. Go deimhin, níl formhór na gcomhlachtaí bogearraí sásta glacadh leis an bhfreagracht atá orthu, agus tacaíocht a thabhairt dá gcustaiméirí ar chostas réasúnta.

Deir roinnt tráchtairí gur úsáideoirí gan saineolas ríomhaireachta faoi deara na fadhbanna seo ar fad ach a mhalairt atá fíor. Is iad na saineolaithe ríomhaireachta is cúis leis an bhfadhb, idir na daoine a chuir bogearraí lochtacha ar fáil agus na daoine a bhíonn ag scríobh na víreas. Le tamall beag anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí agus go bhfuil comhlachtaí sásta a ndualgais a chomhlíonadh - go mór mhór toisc go bhfuil Rialtas Mheiriceá anois den tuairim gur fadhb shlándála don tír sin atá i víris ar ríomhairí.

Is comhartha dóchais é go bhfuil Microsoft anois sásta cabhrú lena gcustaiméirí troid i gcoinne an Blaster worm. Ach caithfidh na comhlachtaí bogearraí tacaíocht leanúnach a thabhairt d’úsáideoirí baile ionas gur féidir leis an tionscal ríomhaireachta an ghéarchéim seo a shárú.

Is é Diarmaid Mac Mathúna (www.cruinneog.com) foilsitheoir an leagain Windows den litreoir Gaeilge GaelSpell (www.gaelspell.com). Tá an seiceálaí litrithe seo ar fáil anois ar CD ó shiopaí éagsúla, ina measc Cúpla Focal (www.cuplafocal.ie) agus an Siopa Leabhar (www.cnag.ie/bunus/siopa.htm).

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.