CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Comhlachtaí creidmheasa ag dul i ngleic leis an gcaimiléireacht
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Beidh cártaí nua “chip and PIN” á n-úsáid go luath in áit cártaí creidmheasa ach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, beidh míbhuntáistí áirithe ag baint leo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

An rud is measa faoi bhéile deas a ithe i mbialann ná go mbíonn ort an bille a íoc ina dhiaidh. Agus níl aon rud níos measa ná do chárta creidmheasa a fheiceáil ag dul as radharc. Bíonn eagla orm féin i gcónaí go ngoidfear é nó go ndéanfar cóip de le gléas leictreonach éigin nuair nach bhfuil mé ag coimeád súil air. Tá na gléasanna seo a chóipeálann na cártaí, ar a dtugtar “skimmers”, an-bheag agus tá siad ag éirí níos coitianta gach bliain, agus bím buartha go n-úsáidfear an teicneolaíocht sin chun mo chuid airgid a ghoid.

Caithfidh nach mé an t-aon duine atá buartha faoin bhfadhb seo mar tá na bainc agus comhlachtaí creidmheasa ag caitheamh airgid chun dul i ngleic léi. Ní fada anois go mbeidh córas nua “chip and PIN” i bhfeidhm in Éirinn chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. In ionad a bheith ag brath ar shíniú dhuine chun a chéannacht a chruthú beidh na cártaí nua seo ag úsáid uimhir aitheantais phearsanta, agus beidh micrishlis bheag iontu chun nach féidir iad a chóipeáil go héasca.

Faoi láthair, gach uair a úsáidtear cárta creidmheasa i siopa nó i mbialann ba chóir go gcinnteodh foireann an tsiopa gurb ionann an síniú a thugtar dóibh ar an admháil agus an ceann atá ar an gcárta. Ach tá a fhios againn go léir nach dtarlaíonn an chéim thábhachtach slándála sin i gcónaí. Go minic, tugtar an cárta ar ais sula bhfuil an síniú críochnaithe fiú amháin. Cinnteoidh an córas nua “chip and PIN” (www.chipandpin.co.uk) nach féidir leis seo tarlú mar baineann sé an fhreagracht ó fhoireann siopaí agus cuireann sé gach rud i lámha na teicneolaíochta.

Cuireann an teicneolaíocht seo ar chumas na mbanc agus comhlachtaí cártaí creidmheasa déileáil leis an dá phríomhshaghas caimiléireachta a tharlaíonn i siopaí: cóipeáil mhídhleathach na gcártaí féin agus daoine a bheith á n-úsáid go mhídhleathach, ag ligean orthu gur leo cártaí goidte.

Faoin mbliain 2005, beidh micrishlis bheag i ngach cárta a chinnteoidh go mbeidh sé níos deacra iad a chóipeáil. Go dtí seo, is sa stráice maighnéadach ar chúl an chárta a bhí eolas mar gheall ar an gcárta á stóráil. Ach na laethanta seo tá sé an-éasca an t-eolas sin a léamh agus a chóipeáil. Go deimhin, cúisíodh daoine in Éirinn le déanaí as gnáth “chártaí dílseachta” ó ollmhargadh a úsáid chun cóipeanna a dhéanamh de chártaí bainc.

Cumhachtach

Tá an chuma chéanna ar an micrishlis nua seo is atá ar na cinn atá in úsáid i gcártaí fóin (faoi mar atá ag Eircom), ach tá siad i bhfad níos cumhachtaí. Stórálann siad a lán eolais agus tá sé an-deacair an t-eolas sin a chóipeáil. Chomh maith leis sin, tá ról ag an micrishlis nuair atá céannacht an úinéara á chinntiú.

Nuair a bheidh na cártaí nua seo in úsáid chun earraí a cheannach i siopaí, beidh ar dhaoine gléas beag a úsáid chun a n-uimhir aitheantais phearsanta a ionchur in áit admháil a shíniú. I mbialanna, ní bheidh ar na freastalaithe an cárta creidmheasa a bhreith leo toisc go mbeidh gléasanna beaga gan sreang acu chun an cárta a léamh in aice leis an gcustaiméir. Faraor, cruthóidh an próiseas nua seo fadhbanna áirithe do dhaoine le míchumas, agus tá na bainc ag iarraidh freastal faoi leith a dhéanamh orthu siúd. Ní bheidh an córas “chip and PIN” in úsáid le gnó ar líne, agus is cosúil go bhfuil scéimeanna eile á mbeartú chun dul i ngleic le caimiléireacht ar an idirlíon.

Ar ndóigh, dála na n-uimhreacha PIN eile a bhfuil taithí againn orthu, ní cóir an uimhir nua seo a roinnt le haon duine eile nó a scríobh síos aon áit. Ach cad a tharlóidh má dhéanann tú dearmad air? Bhuel tá polasaí “three strikes and you’re out” á chur i bhfeidhm - má theipeann ar do chuid iarrachtaí an uimhir cheart a úsáid trí huaire as a chéile rachaidh an cárta “faoi ghlas” agus beidh ort dul i dteagmháil le do bhanc chun go n-oibreoidh sé arís.

Agus an méid sin uimhreacha agus pasfhocal in úsáid ag píosaí éagsúla trealaimh na laethanta seo, tá sé deacair cuimhneamh ar an eolas ar fad. Amach anseo b’fhéidir go mbeidh muid in ann eolas bith-mhéadrach ar nós méarloirg a úsáid chun ár gcéannacht a chruthú, ach níl an teicneolaíocht sin forbartha go leor go fóill. Tá spás curtha ar leataobh ar na micrishliseanna chun eolas breise, sonraí bith-mhéadracha mar shampla, a stóráil san am atá romhainn.

Bhí tuairisc san iris *Physics World *le déanaí faoi thaighde atá ar bun ag fisiceoirí sna Stáit Aontaithe chun daoine a aithint trí anailís a dhéanamh ar a meangadh gáire. Is féidir an t-eolas sin a úsáid mar mhodh céannachta toisc go bhfuil struchtúr na matán ar aghaidh gach aon duine éagsúil.

B’fhéidir nach fada uainn an lá gur féidir linn meangadh gáire a dhéanamh leis an bhfreastalaí chun íoc as mbéile breá sin.

Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel (www.agtel.ie), comhlacht neamhspleách teilifíse. Bíonn sé ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus suímh ghréasáin do raon leathan eagraíochtaí agus tá baint aige leis an tsraith teilifíse “An Tuath Nua” freisin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.