CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Crá croí an spam
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Is beag duine nach bhfaigheann ar a laghad cúpla teachtaireacht ríomhphoist sa lá ó chomhlachtaí a bhíonn ag iarraidh earraí nó seirbhísí a dhíol leo. Tá dóchas ann go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sa todhchaí, áfach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá

Bhí an lá ann gur bhain daoine taitneamh as teachtaireachtaí nua ríomhphoist a fháil, ach faraor is minic gur fógraí is mó a bhíonn ag líonadh suas boscaí poist leictreonacha na laethanta seo. Anois go bhfuil teachtaireachtaí fógraíochta, nó spam, forleathan bíonn ar chuid mhaith daoine am a chur amú ag scrios formhór na dteachtaireachtaí ríomhphoist a fhaigheann siad.

“Fuair mé thart ar 2,000 teachtaireacht spam le daichead lá nó mar sin anuas,” a dúirt David Malone, atá ag riaradh na ríomhairí i Roinn na Matamaitice i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, le Beo! “Sroicheann na mílte teachtaireacht an córas s’againne gach lá. Ní dhéanann mórán d’ár n-úsáideoirí gearán faoin bhfadhb - cé go mbíonn i bhfad níos mó ag gearán nuair a bhuailim leo sa phasáiste.”

Cé go bhfuil seantaithí ag tomhaltóirí ar mhargaíocht dhíreach, cuireann spam *as do dhaoine go mór. Ceann de na cúiseanna leis sin ná go mbíonn ar an tomhaltóir íoc chun an t-idirlíon a úsáid agus chun gach fógra a léamh. Cúis eile le míshástacht úsáideoirí ná na rudaí a bhíonn á bhfógairt le *spam. “Baineann cuid mhaith teachtaireachtaí *spam *le rudaí atá mídhleathach a fhógairt i meáin eile, mar shampla pornagrafaíocht agus leigheas gur dócha nach bhfuil tástáil cheart déanta air,” a deir Malone.

Liostaí seoltaí

Tá sé deacair a mheas cé mhéad airgid a shaothraíonn na comhlachtaí a fhógraíonn le *spam *cé gur dócha gurb iad na comhlachtaí a dhíolann na liostaí seoltaí is mó a dhéanann airgead. Ach conas a chuirtear na liostaí sin le chéile? Agus conas a théann do sheoladh ar an liosta? “Le déanaí, deirtear go mbíonn rudaí ar nós scrúduithe beaga ar shuímh ghréasáin agus gur gá duit do sheoladh ríomhphoist a thabhairt uait chun na torthaí a fháil,” a mhíníonn Malone. Is fearr gan do sheoladh ríomhphoist a thabhairt do chomhlachtaí nach bhfuil muinín agat astu. Seifteanna eile a bhíonn in úsáid ná na seoltaí a ghoid ó liostaí ríomhphoist a bhí in úsáid ag daoine eile agus seoltaí a bhailiú ó shuímh atá ar an idirlíon.

Molann Malone do dhaoine gan freagra a thabhairt ar theachtaireachtaí *spam *riamh. “Ní dhéanfaidh siad ach do sheoladh a thaifeadadh.” Molann sé do dhaoine bogearraí speisialta a úsáid chun *spam *a scagadh ó ghnáth-theachtaireachtaí. I measc na seirbhísí atá ar fáil tá SpamCop, a chabhraíonn le daoine teachtaireachtaí fógraíochta a sheachaint. Córas eile atá in úsáid ná SpamAssassin, a chuireann na heagraíochtaí atá i mbun seirbhíse ríomhphoist i bhfeidhm. “Déanann SpamAssassin a lán trialacha éagsúla ar gach teachtaireacht ríomhphoist chun *spam *a aithint agus cuireann sé bac ar theachtaireachtaí a dteipeann orthu sna trialacha sin. Tá an córas seo éifeachtach toisc go bhfuil sé deacair *spam *a chruthú a shleamhnaíonn trí na scrúduithe ar fad,” a deir Malone.

Tá eagraíochtaí agus rialtais ag gníomhú i gcoinne *spam *anois, agus tá an chuma air go mbeidh cosaint dlí ag daoine ina choinne amach anseo.

“Féachaim féin ar *spam *mar ghoid seirbhíse,” arsa Malone. “Cuirtear am ar ríomhairí amú, chomh maith le spás ar dhioscaí agus mo chuid ama féin. D’fhéadfadh na húsáideoirí atá ar ár gcóras leas níos mó a bhaint astu sin ar fad.”

Is léir nach bhfuil lucht gnó cinnte cén tslí is fearr le fógraíocht a dhéanamh trí mheán an idirlín - ach is cinnte nach gcruthaíonn *spam *ach droch-cháil do chomhlachtaí a bhaineann úsáid as.

Nascanna úsáideacha:

www.spamcop.net

www.spamassassin.org

www.cauce.org

www.spam.abuse.net

*Tá litreoir Gaeilge *"GaelSpell” a oibríonn le Microsoft Word foilsithe ag an údar ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.