CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Faillí á déanamh sa réalteolaíocht
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Bhí cáil ar réalteolaithe na hÉireann ar fud an domhain sa naoú haois déag ach tá faillí an-mhór á déanamh sa réimse seo sa tír sa lá atá inniu ann. Measann Diarmaid Mac Mathúna gur polasaí éigiallta é seo.

Íomhá
Obair ag dul ar aghaidh i monarcha mhuintir Grubb i mBaile Átha Cliath sa naoú haois déag
Íomhá
Howard Grubb
Íomhá
Teileascóp de chuid mhuintir Grubb atá le feiceáil in Ollscoil Valencia sa Spáinn anois

Leis an gcaint ar fad ar spásárthaigh ag dul go Mars le cúpla mí anuas, cheapfadh aon duine go raibh an réalteolaíocht ag brath go huile is go hiomlán ar roicéid agus róbónna. Ach d’éirigh le réalteolaithe teacht ar rud cosúil le pláinéad nua le déanaí trí úsáid a bhaint as gléasra traidisiúnta na réalteolaíochta - teileascóp. Tá an teicneolaíocht a bhaineann leis na gléasanna seo á forbairt i gcónaí - teicneolaíocht atá ag brath ar an dul chun cinn a déanadh in Éirinn thart ar 150 bliain ó shin.

Bhí am ann go raibh muintir na hÉireann mar cheannródaithe sa saol réalteolaíochta agus go raibh roinnt de na teileascóip is fearr ar domhan á ndéanamh i monarcha i mBaile Átha Cliath. Faraor, níl fágtha anois ach sráidainm nó dhó chun comóradh a dhéanamh ar an obair ar fad a bhí ar bun ag an gcomhlacht Grubb & Son ó thart ar 1830 go dtí 1916.

Bhunaigh Thomas Grubb an comhlacht chun gach saghas trealaimh a dhéanamh agus de réir a chéile thosaigh sé ag cur spéise i gcúrsaí réalteolaíochta. Rinne sé teileascóp beag dó féin mar thús agus d’éirigh chomh maith sin leis gur fhás an gnó go tapa. Laistigh de thríocha bliain bhí eagraíochtaí ar fud an domhain ag ordú teileascóp uaidh. D’fhág a mhac Howard Grubb an ollscoil chun dul ag obair leis ar thionscadal an “Great Melbourne Telescope” in 1866, agus rinne sé an teileascóp is cumhachtaí ar domhan ag an am in 1878 le n-úsáid in Vienna.

Dar le Mary Mulvihill sa leabhar Ingenious Ireland, tá cuid mhaith de na teileascóip a chruthaigh Grubb fós in úsáid, agus tá ar a laghad trí cinn in Éirinn go fóill. Bhí an t-ádh liom ceann a fheiceáil le déanaí nuair a thug mé cuairt ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a bhfuil pleananna faoi lán seoil chun Réadlann Crawford a athchóiriú.

Cé go bhfuil baint indíreach ag Éirinn go fóill le saol na réalteolaíochta, níl muid chomh lárnach ann is a bhíodh. Ait go leor, ceann de na cúiseanna atá leis seo ná an aimsir - tá sé ró-scamallach anseo chun úsáid cheart a bhaint as teileascóp. Is in áiteanna atá breá grianmhar atá roinnt de na gléasanna is fearr na laethanta seo - agus, go deimhin, tá an teileascóp Hubble féin i bhfithis timpeall an domhain chun nach gcuirfeadh an t-atmaisféar isteach air.

Béim eile

Ach ní féidir an milleán ar fad a chur ar an aimsir - tá fadhbanna níos bunúsaí ná sin ann. Tá rialtas an lae inniu ag cur béime ar shaghsanna eile eolaíochta agus níl mórán airgid fágtha do mhuintir na réalteolaíochta. Bunaíodh Fondúireacht Eolaíochta na hÉireann (nó Science Foundation Ireland (SFI)) cúpla bliain ó shin chun tacaíocht a thabhairt d’eolaíocht sa tír seo. D’fháiltigh a lán daoine roimhe ag an am, ach anois tá eagraíochtaí ar nós an Institute of Physics in Ireland ag éirí buartha go bhfuil béim á cur ar réimsí ró-chúng den eolaíocht.

Faoi láthair, ní thugann an Fhondúireacht ach tacaíocht do dhá réimse - cúrsaí biththeicneolaíochta agus cúrsaí teicneolaíochta. Tá cúiseanna an-mhaith leis an bhfócas seo - ba mhaith leis an rialtas go mbeadh tionchar dearfach ag an dtaighde ar gheilleagar na tíre. Is é sin, ba mhaith leo an t-airgead a infheistíonn siad a fháil ar ais. Cé go n-éiríonn le roinnt eolaithe an bhéim ina dtaighde a athrú chun dul in oiriúint don dream atá ag cur airgid ar fáil, tá sé an-deacair ag réalteolaithe aon cheangal díreach a léiriú idir a gcuid oibre agus dearadh ríomhairí nua-aimseartha, mar shampla. Ach tá an saghas seo eolaíochta tábhachtach freisin.

Mura dtugann an rialtas tacaíocht do shaghsanna éagsúla eolaíochta tá seans ann go mbeidh ár n-uibheacha ar fad sa chiseán mícheart. Cheana féin tá infheisteoirí príobháideacha ag éirí amhrasach faoin réimse nana-theicneolaíochta toisc gur gheall eolaithe sa réimse sin a lán rudaí nár tharla fós. Ba chóir an éiginnteacht a bhaineann lenár n-infheistíocht i gcúrsaí taighde a laghdú trí thacaíocht a thabhairt do réimsí éagsúla.

Caithfear tacaíocht a thabhairt do na daoine atá ag déanamh taighde i réimsí ar nós na réalteolaíochta toisc go gcuireann an obair sin leis an saineolas atá ar fáil sa tír. Ní gá ach féachaint ar an méid scéalta réalteolaíochta atá sa nuacht faoi láthair chun na buntáistí a bheadh ann d’íomhá na hÉireann a fheiceáil.

Is é Diarmaid Mac Mathúna foilsitheoir an leagain Windows den litreoir Gaeilge GaelSpell (eolas breise ar fáil ag www.cruinneog.com). Tá an seiceálaí litrithe seo ar fáil anois ar CD (agus cabhair theicniúil san áireamh) ó shiopaí ar nós Cúpla Focal (www.cuplafocal.ie) agus an Siopa Leabhar (www.cnag.ie/bunus/siopa.htm).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.