Tá Glencullen University agus Shelbourne University in ainm is a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath, dar lena suíomh gréasáin. Léiríonn sé seo an tslí a bhfuiltear ag úsáid an idirlín chun bob a bhualadh ar dhaoine. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
An gcreideann tú gach rud a léann tú ar an idirlíon? Bíonn cuid mhaith daoine ag brath ar an eolas a bhíonn ar shuímh ghréasáin éagsúla - idir fhoinsí nuachta, chomhairle sláinte agus eolas ar chúrsaí airgeadais. Ach an féidir brath ar an eolas sin? Agus conas is féidir inchreidteacht suímh a mheas?
Tuairiscíonn an comhlacht Amárach Consulting go bhfuil daoine in Éirinn fós go mór in amhras faoi shlándáil ar an idirlíon - ábhar atá ag brath go mór ar mhuinín agus ar inchreidteacht. Deir beagnach 70% d’úsáideoirí idirlín anseo nach bhfuil comhlachtaí ag déanamh go leor chun a léiriú go bhfuil sé slán dul ag siopadóireacht ar an idirlíon. Dar le suirbhé a foilsíodh le déanaí i Meiriceá, déanann cuid mhaith úsáideoirí idirlín suíomh a mheas bunaithe ar an dearadh atá air. Bhí iontas ar údair an tsuirbhé (Consumer WebWatch agus an Stanford Persuasive Technology Lab) nach measann ach thart ar 10% de dhaoine go bhfuil tábhacht ag baint le bunaitheoirí suímh. Creideann suas le 50% de ghnáthdhaoine go bhfuil i bhfad níos mó tábhachta ag baint le rudaí ar nós an leagan amach agus na dathanna atá ar shuíomh.
Ach is léir nach féidir brath ar dhearadh suímh gréasáin mar thomhas ar a inchreidteacht. Chun é sin a thuiscint, ní gá ach féachaint ar na suímh bhreátha atá ag Glencullen University agus Shelbourne University. Is dhá shuíomh snasta iad sin a mhaíonn go mbaineann siad le hollscoileanna in Éirinn - dhá ollscoil nach bhfuil tásc nó tuairisc orthu sa tír seo. Cé go bhfuil seoltaí éagsúla tugtha do na hollscoileanna i mBaile Átha Cliath (ceann amháin acu ar shráid nach bhfuil go fiú ar an léarscáil) tá an uimhir ghutháin céanna acu. Nuair a rinne *Beo! *iarracht dul i dteagmháil leis na hollscoileanna ag an uimhir sin, ní bhfuair muid ach gléas freagartha a d’iarr orainn teachtaireacht a fhágaint. Dar le tuairiscí sna meáin idirnáisiúnta, is scéim atá sna hollscoileanna as an ngnách seo chun céimeanna bréige a dhíol le daoine.
Muinín
Ach conas is féidir cleasanna mar seo a sheachaint? An phríomhshlí atá ag gnáthúsáideoirí chun suíomh a mheas ná an clú agus cáil atá air. Tá muinín ag daoine as ireland.com toisc go bhfuil cáil ar an Irish Times, a chuir ar fáil é, agus tá daoine sásta brath ar irishhealth.com toisc go bhfuil aitheantas bainte amach ag an suíomh sin ó bunaíodh é. I gcás suíomh eile, is fiú féachaint an luaitear na bunfhoinsí as a dtagann aon eolas a thugtar - agus is fiú a chinntiú go bhfuil seoladh agus uimhir fóin teagmhála tugtha freisin.
Is féidir úsáid a bhaint as an tseirbhís chumhachtach WHOIS chun sonraí úinéir suímh a fháil amach freisin. Mar shampla, má chuireann tú beo.ie isteach sa bhosca cuardaithe ar shuíomh an Domain Registry Éireannach (nó IEDR) (http://www.domainregistry.ie) gheobhaidh tú amach gur le hOideas Gael an seoladh sin. Agus má tá spéis agat in úinéirí suímh “.com” ní gá duit ach dul go dtí suíomh VeriSign (http://www.netsol.com/cgi-bin/whois/whois) chun níos mó eolais a fháil fúthu.
Cé gur áis chumhachtach é an tseirbhís WHOIS seo, is féidir teacht timpeall air trí shuíomh a cheannach ó chomhlacht idirghabhálach. Léiríonn na suímh ollscoile aite thuas gur féidir seoltaí bréige sráide a úsáid freisin chun dallamullóg a chur ar dhaoine. Dá bhrí sin, is fiú a bheith san airdeall i gcónaí nuair a thagann tú trasna ar shuíomh nach bhfuil tú eolach air - b’fhéidir go bhfuil duine éigin ag iarraidh bob a bhualadh ort. Ní mar a shíltear a bítear i gcónaí ar an idirlíon.
Is as Baile Átha Cliath é Diarmaid Mac Mathúna agus tá sé ag obair le hAgtel mar thaighdeoir ar an irischlár “An Tuath Nua” a chraoltar ar TG4 gach Déardaoin agus Domhnach. Tá litreoir Gaeilge, “GaelSpell”, foilsithe aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com