CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Buntáistí bréige an bhandaleithid leathain
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Measann Diarmaid Mac Mathúna go bhfuiltear ag cur an iomarca béime ar an tábhacht a bhaineann le bandaleithead leathan, nach réiteach gach faidhbe é mar a cheapann daoine áirithe.

Íomhá
Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Tá mistéir mhór ag baint le coincheap an bhandaleithid leathain i gcúrsaí idirlín faoi láthair. Cé go bhfuil an rialtas agus a lán eagraíochtaí ag rá go bhfuil infrastruchtúr bandaleithid leathain riachtanach chun todhchaí na fostaíochta in Éirinn a chinntiú, is beag caint atá ann ar na riachtanais eile sa tionscal teicneolaíochta. Caithfear cuimhneamh nach bhfuil i mbandaleithead leathan ach slí chun eolas a scaipeadh ar an idirlíon níos tapúla ná mar a dhéantar faoi láthair - agus caithfear fadhbanna eile a shárú chun a chinntiú go meallfar comhlachtaí agus postanna go dtí an tír seo.

Gach seachtain, cailltear níos mó agus níos mó postanna i monarchana traidisiúnta timpeall na tíre. Tá na heastáit tionsclaíochta sna Gaeltachtaí á mbualadh go láidir toisc go bhfuil siad ag brath ar thionscail thraidisiúnta, mar shampla éadaí agus earraí leictreacha, dá gcuid postanna. Táthar anois ag iarraidh comhlachtaí teicneolaíochta a bhíonn ag úsáid an idirlín a mhealladh chun an bhearna nua san fhostaíocht a líonadh. An loighic atá leis sin ná nach gá do na comhlachtaí sin earraí a iompar ar bhóithríní an iarthair - agus go bhféadfadh siad eolas a scaipeadh ar mhótarbhealaí an idirlín ina ionad.

Faraor, ní gá gurb iad na daoine a chaill a bpost le tamall anuas na daoine a mbeadh na scileanna ríomhaireachta acu chun obair a dhéanamh san earnáil teileachumarsáide. Ní leor an t-infrastruchtúr leictreonach a chur ar fáil - caithfear a chinntiú go bhfuil na fostaithe sa cheantar freisin. Agus caithfear a chinntiú go bhfuil comhlachtaí sásta infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt iad féin - is beag comhlacht teicneolaíochta atá ag féachaint ar aghaidh le dóchas faoi láthair. Eisceacht mhór amháin is ea Intel, atá ag iarraidh iarchéimithe a mhealladh in Éirinn arís - ach ar ndóigh is comhlacht déantúsaíochta iad siúd nach bhfuil ag brath ar bhandaleithead chun feidhmiú go héifeachtach.

Úsáideoirí baile

Deirtear go bhfuil margadh ann i measc úsáideoirí baile do bhandaleithead leathan freisin - ach is beag fianaise de seo atá ann. Cuireadh brú ar eircom a tháillí a ísliú le déanaí, rud a chabhróidh leis an margadh amach anseo. Le bliain anuas, níor éirigh leo ach thart ar 3,500 líne bandaleithid leathain (ar a dtugtar DSL nó Línte Digiteacha Rannpháirtithe) a dhíol. Amach anseo, cosnóidh an tseirbhís sin thart ar €45 sa mhí, ach níl aon duine cinnte go mbeidh daoine sásta an praghas sin a dhíol air. Dar le eircom, cuireann an tseirbhís DSL ar chumas daoine ceangaltáin a thagann le teachtaireachtaí ríomhphoist a fheiscint níos tapúla agus féachaint ar leathanaigh ghréasáin go tapa freisin. An leor na buntáistí sin chun daoine a mhealladh chun airgead mór a chaitheamh? Anuas air sin, go fiú in ollscoileanna, áit a bhfuil infheistíocht mhór déanta i gcórais bhandaleithid leathain, bíonn moill ar rudaí ó am go ham ar an idirlíon. Tá cúiseanna éagsúla leis sin - b’fhéidir nach féidir leis an suíomh gréasáin déileáil leis an méid daoine atá ag féachaint air, nó b’fhéidir go bhfuil moill áit éigin sa slabhra ríomhairí ar gá do gach píosa eolais ar an idirlíon dul tríd.

Is cinnte go bhfuil mionlach ann a bheidh sásta airgead breise a íoc chun ceangal tapa a bheith acu leis an idirlíon - idir mhonarchana agus dhaoine sa bhaile. Is cinnte freisin gur rud maith atá i mbandaleithead leathan i bprionsabal - ach ní réiteoidh sé gach fadhb atá sa tír. Caithfear é a fheiscint mar chuid den réiteach agus ní mar an réiteach é féin.

Is as Baile Átha Cliath é Diarmaid Mac Mathúna agus tá sé ag obair le hAgtel mar thaighdeoir ar an irischlár “An Tuath Nua” a chraoltar ar TG4 gach Déardaoin agus Domhnach. Tá litreoir Gaeilge, “GaelSpell”, foilsithe aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.